Gaeltacht Thír Chonaill ar díol ar líne!

Tá an comhlacht nua Irish Landowner ag díol 'písín talún' i Mám na Mucaise ar €20

Screen-Shot-2014-12-15-at-16.37.00
An tAire Stáit Simon Harris agus píosa de Ghaeltacht Thír Chonaill á bhronnadh air ag Ann Marie Sparks lasmuigh de Theach Laighean. Pictiúr: www.irishlandowner.ie

Féadfar píosa de Ghaeltacht Dhún na nGall a cheannacht ar €20. Tá an an comhlacht Irish Landowner ag díol aon orlach amháin cearnaithe talún ar an bhFál Carrach ar €20 (nó $25).

Tá lán tacaíochta tugtha ag an Teachta Dála Simon Harris, atá ina Aire Stáit sa Roinn Airgeadais, don tionscnamh atá ar bun ag Ann Marie Sparks agus a fear céile. Thug Irish Landowner, atá lonnaithe i gCill Mhantáin, le fios go beidh a dtáirge á thaispeáint ag an Aire Harris ag béile oifigiúil atá á eagrú ag Méara Bhostúin, Marty Walsh, i gceann coicíse

Tá leadhb thalún ceannaithe ag Ann Marie Sparks i mbunchnoic Mhucaise i Maigh Ráithe ar an bhFál Carrach i dTír Chonaill agus tá an talamh sin á díol ag a comhlacht ina horlaí leo siúd ar mhaith leo cuid d’Éirinn a bheith ina seilbh acu.Screen Shot 2014-12-16 at 13.21.22

Nuair a cheannaítear an píosa talún, seoltar pacáiste chuig an gceannaitheoir. Sa phacáiste sin, bíonn teastas úinéireachta, grianghraf den áit agus uimhir uathúil cheapaí.

Féadfar an uimhir a chlárú ar an suíomh www.irishlandowner.ie.

Coinneoidh Irish Landowner an uimhir cheapaí d’úinéir an teastais ar feadh céad bliain de réir théarmaí agus choinníollacha an chomhlachta.

Cé nach mbeidh “aon cheart an talamh seo a úsáid d’aon chuspóir” agus nach mbeidh an t-orlach talún a cheannófar marcáilte, dúirt Ann Marie Sparks le Tuairisc.ie go mbeidh lánchead ag an té a cheannóidh orlach cuairt a thabhairt ar an gceapach i dTír Chonaill, taitneamh a bhaint as nó fiú picnic a bheith aige ann.

Tá na pacáistí ar díol ar líne agus i siopaí Carroll’s ar fud na tíre agus tá an táirge á phoibliú chomh maith ar YouTube (féach thíos). Tá Ann Marie Sparks ag súil go mbeidh an táirge ar fáil in House of Ireland, Kilkenny Design agus House of Fraser  amach anseo freisin.

https://www.youtube.com/channel/UCZPAnqNhbSEbUwefUPL38dA

Fág freagra ar 'Gaeltacht Thír Chonaill ar díol ar líne!'