Gaeltacht Thír Chonaill ar bharr liosta an National Geographic Traveller do 2017

Ar bharr liosta de 17 áit ar domhan, tá Dún na nGall agus aird faoi leith ar cheantair Ghaeltachta éagsúla ann

Gaeltacht Thír Chonaill ar bharr liosta an National Geographic Traveller do 2017

Tá Gaeltacht Thír Chonaill luaite go sonrach ag an iris National Geographic Traveller ag barr a liosta de na háiteanna ‘cool’ ar fiú cuairt a thabhairt orthu an bhliain seo chugainn. Is liosta é an ‘Cool List’, dar leis an iris, de na “príomhchathracha cultúir, lárionaid na hiopstar, saoirí sceirdiúla agus áiteanna atá ‘cool’ i gcoitinne”.

Ar bharr an liosta seo, ina luaitear 17 áit ar domhan, tá Dún na nGall. Cuirtear síos ar chósta fiáin an chontae, ar thránna na mBratach Gorm agus ar na hoileáin farraige. Luaitear go sonrach sa chur síos an dá thrá Ghaeltachta i Machaire Rabhartaigh agus Baile Thiarnáin mar láithreacha iontacha surfála, chomh maith le Bealach Chorrán Binne mar bhealach tiomána, rothaíochta nó siúil ar ‘mionsamhail 7km de Shlí an Atlantaigh Fhiáin é’.

Tugtar suntas freisin d’Inis Eoghain, láthair scannánaíochta na sraithe Star Wars. Bhí lucht The Force Awakens ag scannánú i nGaeltacht Chorca Dhuibhne dhá bhliain ó shin agus iad ann arís i mbliana, don chéad scannán eile sa triológ. Bhí The Millenium Falcon, árthach cáiliúil spáis na sraithe, le feiceáil ar aillte Inis Eoghain cúpla mí ó shin freisin agus súil ag muintir an cheantair go meallfar na sluaite turasóirí chun na háite.

Is é an Teach Solais ag Fánaid, i nGaeltacht Thír Chonaill, an príomhphictiúr a théann leis an alt, a chuireann síos ar Santiago, an Ghraonlainn agus an Nua-Shéalainn mar áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu le linn na bliana seo chugainn.

Osclaíodh Teach Solais Fhánada do thurasóirí níos luaithe i mbliana agus is féidir turais a dhéanamh timpeall an tsuímh, an tí féin agus suas go barr an túir. Táthar in ann fanacht sna tithe saoire atá taobh leis an Teach Solais freisin. Áirítear Fánaid ar cheann de na trí áit is deise i nDún na nGall atá ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is iad an dá áit eile ar an liosta Cionn Mhálanna agus Sliabh Liag.

Fág freagra ar 'Gaeltacht Thír Chonaill ar bharr liosta an National Geographic Traveller do 2017'

  • Seosaimhín Ní Bheaglaoich

    Mo ghraidhn go dealbh iad na Connallaigh má cheapann siad gur chur tairfe dôibh an National Geographic Traveller a bheith à moladh mar áit gur fiü cuairt a thabhairt air.
    Seachain Gréigigh a roinnt brontannaisí libh mar aduirt an sean-rá.
    Seachain nách Theme Park a déanfar as ceantar álainn Gaeltachta mar atá déanta de cheantair álainne ‘iargülta’ eile.
    Seachain turasóirî craosacha ar thóir an an ‘eispéireas’ is déanaí.
    Agus an méid sin ràite, a chonách san orthu