Gaeltacht Mhaigh Eo an ceantar Gaeltachta ‘is Caitlicí’ in Éirinn, agus Gaeltacht Chiarraí an ceantar is mó aindiachaithe

Thug 84,129 duine de mhuintir na Gaeltachta oifigiúla le fios i nDaonráireamh 2016 gur Caitlicigh iad — laghdú ar an 89,034 a thug le fios gur Chaitlicigh iad in 2011. Is ionann an 84,129 agus 86% de dhaonra iomlán na Gaeltachta

Gaeltacht Mhaigh Eo an ceantar Gaeltachta ‘is Caitlicí’ in Éirinn, agus Gaeltacht Chiarraí an ceantar is mó aindiachaithe

Tá laghdú tagtha ar líon na gCaitliceach ar fud na Gaeltachta, agus fás tagtha ar líon na ndaoine inti nach bhfuil aon chreideamh acu, ach tá céatadán na gCaitliceach sa Ghaeltacht níos airde ná an meán náisiúnta.

Thug 84,129 duine de mhuintir na Gaeltachta oifigiúla le fios i nDaonráireamh 2016 gur Chaitlicigh iad — laghdú ar an 89,034 a thug le fios gur Chaitlicigh iad in 2011. Is ionann an 84,129 agus 86% de dhaonra iomlán na Gaeltachta — laghdú ar an 90% in 2011.

Is daoine gan chreideamh iad 6,467 (7%) de mhuintir na Gaeltachta, de réir na bhfigiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Is méadú beag é sin ar an 6,265 (5%) a thug le fios nach raibh aon chreideamh acu in 2011.

Is i Maigh Eo atá an ceantar Gaeltachta a bhfuil an céatadán is airde Caitliceach ann — 92%. Is aindiachaithe iad 3% de phobal na Gaeltachta sa chontae sin. Is í Gaeltacht Chiarraí an ceantar Gaeltachta is lú a bhfuil Caitlicigh ann, tá 78% de mhuintir na Gaeltachta sa chontae sin ina gCaitlicigh, agus 13% acu ina n-aindiachaithe.

Cé gurb í Gaeltacht Chiarraí an Ghaeltacht is lú a bhfuil Caitlicigh inti, tagann sí go díreach leis an meán náisiúnta  — 78%. Tá céatadán na n-aindiachaithe níos airde i nGaeltacht Chiarraí ná an meán náisiúnta, 10%.

Ardú a bhí i gceist i gcás na n-aidiachaithe ar fud na Gaeltachta agus titim a bhí i gceist i gcás na gCaitliceach, agus b’amhlaidh an scéal sa stát ar fad. Thit líon na gCaitliceach ó 84% in 2011 go 78% in 2016 agus tháinig méadú 74% ar líon na n-aindiachaithe sa stát sa tréimhse chéanna. Is aindiachaithe iad 10% de mhuintir an stáit, an dara grúpa is mó maidir le cúrsaí creidimh sa stát.

Níl mioneolas ar fáil faoi líon na ndaoine sa Ghaeltacht a bhfuil creideamh eile acu, ach tá roinnt staitisticí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh a bhaineann leis an stát ar fad.

Tá 62,187 Críostaí Ceartchreidmheach sa stát. Méadú 37.5% é sin ar a líon in 2011. Bhí 24,211 Preispitéireach ann, laghdú beag ar an 24,600 a bhí ann cúig bliana roimhe sin. Tá méadú tagtha ar an bpobal Aspalda agus Cincíseach, ó 3,152 in 2002 go 13,350 in 2016.

Ar na Críostaithe eile a áirítear, tá 9,724 Críostaí Soiscéalach agus 6,471 Modhach. Ba iad Finnéithe Iehova (6,417 duine), Liútaraigh (5,329) agus Baistigh (3,957) na grúpaí creidimh eile ba líonmhaire. Bhí 37,427 eile a dúirt gur Chríostaithe iad agus dúirt 5,409 gur Phrotastúnaigh iad. Maidir le creidimh eile seachas Críostaithe, ba ionann an 14,332 Hiondúch a taifeadadh i nDaonáireamh 2016 agus méadú 135.6% ar a líon ó 2006.

Tháinig méadú suas go 9,758 (+12.1%) ar líon na mBúdaithe ó 2011. Ag an am céanna bhí 2,557 Giúdach ann in 2016, ionann agus méadú 28.9% (573) ar a líon cúig bliana roimhe sin.

Fág freagra ar 'Gaeltacht Mhaigh Eo an ceantar Gaeltachta ‘is Caitlicí’ in Éirinn, agus Gaeltacht Chiarraí an ceantar is mó aindiachaithe'

  • Padhraic o laimhin

    Ní gá comparáid a dhéanamh
    Táimíd bródúil as Gaeltacht Mhaigh Eo

  • Éadóchasach

    Is fíor san: Ní gá comparáid a dhéanamh.
    Táimid bródúil as Gaeltacht Chiarraí.

  • Fearn

    Cad é an Ghaeltacht is moslamaí? Á, muise, lig fios dúinn!