Gaelscoil nua le bunú i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh

D’fhógair an tAire Oideachais Richard Bruton inniu go mbunófar bunscoil nua, lán-Ghaeilge, i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh

Gaelscoil nua le bunú i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh

Tá fógartha ag an Aire Oideachais, Richard Bruton, gurb é an Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar Ghaelscoil nua atá le bunú i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh.

Fógraíodh pátrúin do cheithre bhunscoil nua tráthnóna, ina measc an Ghaelscoil i gCorcaigh.

Beidh 1,728 áit nua ar fáil do dhaltaí bunscoile an Stáit de bharr bhunú na scoileanna nua seo, ar scoileanna Educate Together iad péire acu.

Beidh an scoil lán-Ghaeilge i mBaile an Chollaigh á bunú an scoilbhliain seo chugainn.

Fógraíodh go bhfuil an scoil le bunú mar gheall ar an méadú atá tagtha ar an daonra sa cheantar.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, inniu, áfach, gur trua nach raibh ach Gaelscoil amháin i measc na gceithre scoil a fógraíodh inniu agus nach bhfuil an rialtas, thuaidh ná theas, ag freastal ar an “éileamh mór” atá ar an nGaelscolaíocht i láthair na huaire.

Bhí de Spáinn ag labhairt faoi Acht Gaeilge an Tuaiscirt ag cruinniú de chuid an Choiste Oireachtais um Chur i bhFeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta. Dúirt sé go bhfuil éileamh mór ar an nGaeloideachas thuaidh agus theas ach nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh sin agus go bhfuil an deis á cailliúint ag tuismitheoirí ar mhaith leo a ngasúr a chur trí chóras an Ghaeloideachais.

Dúirt an tAire Bruton go gcinnteoidh bunú na scoileanna nua go bhfuil “dóthain áiteanna scoile ann le freastal ar líon na ndaltaí a bheidh ann sna blianta amach romhainn” agus go raibh l “ról tábhachtach” ag rogha na dtuismitheoirí i gcás an pátrún a roghnaítear.

“Parental preference has become a key determinant in deciding the patronage of new schools and I’m pleased to say that the views of parents as expressed through the process are strongly reflected in the decisions I have made on the patronage of these four new schools,” a dúirt an tAire Bruton.

Ar Educate Together a bronnadh pátrúnacht dhá scoil i nDún Laoghaire agus i mBaile Átha Cliath Theas, agus Scoil Sinéad a bheidh i mbun pátrúnachta ar an scoil nua i mBaile Pheiléid, in iarthar Bhaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Gaelscoil nua le bunú i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh'