Gaeilgeoir ceaptha ina Mhéara nua ar Chomhairle Chathair Dhoire

Tá Maoilíosa Mac Aodha as Caisleán na Deirge i dTír Eoghan ina chomhairleoir ag Sinn Féin agus nasc aige le ceann de Ghaeltachtaí dearmadta Chúige Uladh

Gaeilgeoir ceaptha ina Mhéara nua ar Chomhairle Chathair Dhoire

Ceapadh Gaeilgeoir ina Mhéara nua ar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin le déanaí. Tá Maoilíosa Mac Aodha as Caisleán na Deirge i dTír Eoghan ina chomhairleoir ag Sinn Féin le leathdhosaen bliain.

Dúirt an Méara nua le Tuairisc.ie o bhfuil rún aige an Ghaeilge a úsáid ina phost. “Aon uair go mbeidh deis agam an Ghaeilge a úsáid, déanfaidh mé é,” ar seisean.

Mar Mhéara, beidh sé mar dualgas air bualadh le grúpaí d’achan saghas. “Tá sé an-tábhachtach agamsa Gaeilge a úsáid le hachan duine,” arsa Mac Aodha.

Tá Mac Aodha bainteach le cur chun cinn na Gaeilge sa Chomhairle chomh maith agus é ar Choiste Oibre atá ag cur polasaí teanga le céile.

Tá Gaeilge ag roinnt comhairleoirí eile ina pháirtí féin, ach níl seasamh iontach ag an Ghaeilge sa Chomhairle. “Ní raibh mórán deiseanna agam Gaeilge a úsáid leis na hoifigigh (sa Chomhairle) ach le duine amháin,” ar seisean. Tá baill foirne eile “ag achan leibhéal” ag foghlaim na Gaeilge, a deir sé.

Tá an-bhród air as an Ghaeilge, mar theanga dúchasach na tíre. Is Sinn Féiní é, ach is le hachan duine an Ghaeilge, dar leis. “Tá sí i bhfad níos tábhachtaí ná aon pháirtí polaitiúil,” ar seisean.

Ba léachtóir é Mac Aodha atá anois ar scor. Rinne sé Gaeilge ar scoil, ach ba bheag a d’fhoghlaim sé ann. Ba mar dhuine fásta a d’fhoghlaim sé an teanga.

Ba ar rang i gCaisleán na Deirge a thosaigh sé. Bhí fadhb ag an rang nuair a cuireadh tús leis: ní raibh múinteoir acu.

Bhí Mac Aodha ag obair i nDoire ag an am. Chuir sé aithne ar mhúinteoir ansin, agus thugadh sé síob dó gach seachtain go Caisleán na Deirge agus ar ais go Doire an mhaidin dár gcionn.

Nuair a bhí rud beag Gaeilge ag Mac Aodha, chuaigh sé ar chúrsa i nGleann Fhinne i nDún na nGall. Le sé nó seacht mbliana anuas, bíonn sé ag freastal ar an chúrsa i Ros Goill achan bhliain. “Tá mise ag foghlaim an t-am ar fad,” ar seisean. Dar leis nach bhfuil a chuid Gaeilge líofa go leor go fóill.

Tá an Ghaeilge bríomhar anois fá Chaisleán na Deirge, ainneoin gur baile beag go maith é. Tá scaifte ann a bhfuil Gaeilge acu, agus ranganna ar siúl ann.

Tá Mac Aodha ina chathaoirleach ar Choiste Naíscoile na Deirge, atá ann le thart ar 10 mbliana. Beidh 14 páiste ag dul isteach ann san fhómhar. Bhí bunscoil ann ar feadh tamaill, ach druideadh sin ceal aitheantais ón Roinn Oideachais.

Is nasc é Mac Aodha, leis, le ceann de Ghaeltachtaí dearmadta Chúige Uladh. Is as Achadh Uí Áráin dá mhuintir. Is é sin an chuid is faide siar de Thír Eoghain, a shíneann isteach i nDún na nGall. Bhí an Ghaeilge á labhairt go tréan sa pharóiste ag tús an chéid seo caite. Is cuimhin le Mac Aodha scéal a d’inis a sheanathair dó.

Agus an seanathair ina pháiste, bhí aint leis ina cónaí sa teach fosta. Ní raibh aici ach Gaeilge.

Fág freagra ar 'Gaeilgeoir ceaptha ina Mhéara nua ar Chomhairle Chathair Dhoire'