Gaeilge na hAlban ar fáil in Ollscoil sna Stáit Aontaithe den chéad uair

Tá cúrsa lánaimseartha nua Gàidhlig in Ollscoil North Carolina á mhaoiniú ag Scottish Heritage USA agus súil acu scéal na nAlbanach i Meiriceá a chur chun cinn

Gaeilge na hAlban ar fáil in Ollscoil sna Stáit Aontaithe den chéad uair

Beidh cúrsaí sa Ghàidhlig ar fáil do mhic léinn in Ollscoil North Carolina an bhliain seo chugainn, an chéad uair, meastar, a bheidh cúrsa lánaimseartha sa Ghàidhlig ar fáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá an cúrsa á mhaoiniú ag Scottish Heritage USA (SHUSA) agus súil ag an eagraíocht scéal na nAlbanach i Meiriceá a chur chun cinn. Maíonn SHUSHA go bhfágtar tionchar an chultúir Ghaelaigh as Albain ar lár agus scéal náisiúnta Mheiriceá á insint.

Is í Ollscoil North Carolina an ollscoil phoiblí is sine i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus áirítear í i measc an 30 ollscoil agus coláiste is fearr sa tír sin. Is í Roinn an Bhéarla san ollscoil a bheidh ag reáchtáil an chúrsa, chomh maith le cúrsaí eile faoi litríocht, féiniúlacht agus béaloideas na nGael in Albain.

Táthar ag súil go n-éireoidh go maith leis an gcúrsa agus go mbeifear in ann cúrsa iomlán céime a chur ar fáil amach anseo sa ‘Léann Gaelach’ san ollscoil.

“Ba i North agus South Carolina a bhí na pobail ba mhó Gàidhlig, taobh amuigh d’Albain, ina gcónaí ar feadh na nglúnta agus tá daoine de shliocht na Gaeltachta in Albain ar cheann de na pobail is mó a mhaireann fós sna stáit sin.

“Bhí tuiscint dhomhain agam ar m’oidhreacht Ghaelach, Albanach nuair a bhí mé i mo mhac léinn in Ollscoil North Carolina agus bhí mé ag iarraidh go múinfí an Ghàidhlig ansin. Tá mé sásta go bhfuil sé ag tarlú anois, a dúirt uachtarán SHUSHA, an Dr Douglas Kelly.

Tá fáilte curtha ag an Ollamh Robert Dunbar, ó Ollscoil Dhún Éideann, roimh an bhfógra freisin. Dúirt sé gur ardú croí atá ann do lucht na hollscoile in Albain go mbeidh obair agus taighde nua á ndéanamh ar stair agus oidhreacht Ghaeil na hAlban i Meiriceá.

Fág freagra ar 'Gaeilge na hAlban ar fáil in Ollscoil sna Stáit Aontaithe den chéad uair'