Gaeilge líofa ag 3% d’iarrthóirí an toghcháin ó thuaidh –  suirbhé

De réir suirbhé sa nuachtán The Irish News, níor thug ach seachtar den 228 iarrthóir sa toghchán le fios go raibh Gaeilge líofa acu

Gaeilge líofa ag 3% d’iarrthóirí an toghcháin ó thuaidh –  suirbhé

Máirtín Ó Muilleoir

Níl Gaeilge líofa ach ag 3% de na hiarrthóirí atá ag seasamh i dtoghchán na míosa seo chugainn ó thuaidh, de réir suirbhé nua.

De réir an tsuirbhé sa nuachtán The Irish News, níor thug ach seachtar den 228 iarrthóir sa toghchán le fios go raibh Gaeilge líofa acu.

Iarrthóirí de chuid Shinn Féin is ea cúigear den seachtar a thug le fios go bhfuil Gaeilge líofa acu – Máirtín Ó Muilleoir, Declan Kearney, Barry McElduff, Seán Lynch agus Cathal Ó hOisín.

Ba iad an bheirt eile a thug le fios go bhfuil an Ghaeilge ar dtoil acu ná Patsy McGlone ón SDLP agus Donal Ó Cófaigh ón Cross-Community Labour Alternative.

Dúirt cúigear eile ó Shinn Féin go raibh siad “nach mór líofa” sa Ghaeilge agus dúirt cúigear d’iarrthóirí an pháirtí sin a thug le fios go raibh dóthain den teanga acu le go bhféadfaidís comhrá a bheith acu i nGaeilge. Dúirt iarrthóir amháin de chuid an SDLP go raibh sé “nach mór líofa” agus iarrthóir amháin ón bpáirtí sin a dúirt go bhfuil dóthain Gaeilge aige le comhrá a dhéanamh i nGaeilge.

14 iarrthóir ar fad a thug le fios don nuachtán go bhfuil dóthain Gaeilge acu le comhrá a bheith acu i nGaeilge agus dúirt 86 iarrthóir go bhfuil ‘roinnt’ focal agus nathanna cainte i nGaeilge ar eolas acu.

Bhí ceannaire Shinn Féin’s Michelle O’Neill, ceannaire an SDLP Colum Eastwood, ceannaire an pháirtí Alliance Naomi Long agus ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Steven Agnew ina measc siúd a thug le fios go bhfuil roinnt focal agus nathanna cainte Gaeilge ar eolas acu.

Dúirt nach mór leath den 228 iarrthóir nach bhfuil focal Gaeilge  acu. Thug na hiarrthóirí ar fad ag an DUP, an UUP agus an TUV le fios nach raibh aon Ghaeilge acu.

Agus na páirtithe polaitíochta éagsúla i mbun feachtasaíochta go tréan roimh thoghchán na míosa seo chugainn, tá ceist na Gaeilge go mór i mbéal an phobail agus ceist an Achta Teanga go háirithe ina cnámh spairne.

Tá ceist na teanga go mór sa treis ó luaigh Martin McGuinness ‘biogóideacht’ an DUP i leith na Gaeilge sa litir éirí as a sheol sé chuig an gCeann Comhairle an mhí seo caite.

Agus feachtas a páirtí á sheoladh aici an tseachtain seo caite, dúirt ceannaire an DUP nach nglacfadh sí go deo le hAcht Teanga. Bhain conspóid go háirithe lena ráiteas gurb ionann Sinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Teanga agus crogaill nach bhféadfaí a shásamh.

Tá iarracht déanta ag Foster an ghoimh a bhaint as an gconspóid sin ó shin agus é ráite aici nach duine í atá i gcoinne na Gaeilge.