Gaeilge curtha ar an gcluiche fóin ‘Woodland Run’

Is Éireannaigh iad an bheirt atá taobh thiar den chluiche fóin ‘Woodland Run’ atá anois ar fáil i nGaeilge ar iOS agus Android

Gaeilge curtha ar an gcluiche fóin ‘Woodland Run’

Tá an cluiche fóin ‘Woodland Run’ anois ar fáil i nGaeilge. D’fhógair an comhlacht forbartha cluichí Big Bad Studios go bhfuil an leagan Gaeilge den chluiche ar fáil mar chuid den uasdátú is deireanaí agus gur “ábhar bróid” dóibh an teanga a bheith i measc na roghanna atá anois ar fáil.

Is cluiche réasúnta simplí atá i Woodland Rush a imrítear le haon mhéar amháin. Deir lucht a dhéanta gur bealach maith atá sa chluiche le ham a chaitheamh agus tú ag taisteal chun na hoibre nó na scoile, ar an mbus nó ar sheirbhísí iompair poiblí eile.

Is cuid lárnach den chluiche é tráth na gceist agus tá na ceisteanna agus na freagraí  uilig, comhéadan an chluiche agus na cnaipí treorach ar fad curtha i nGaeilge.

Is Éireannaigh iad an bheirt atá taobh thiar de Big Bad Studios atá ag cur fúthu thar lear i láthair na huaire. Dúirt siad i ráiteas a eisíodh faoin uasdátú Gaelach go n-airíonn siad anois níos mó ná riamh gur cheart an Ghaeilge a chur ar comhchéim leis an nGearmáinis, an Spáinnis agus an tSínis ar “ardán domhanda” na gcluichí Oilimpeacha.

Bhí lámh ag Big Bad Studios sna foilseacháin Ghaeilge Rí Rá agus Ruaille Buaille, greannáin Ghaeilge a chuirtear i gcló i gContae an Chláir do dhaoine óga.

Woodland Run ar fáil anois ar iOS agus Android.

Fág freagra ar 'Gaeilge curtha ar an gcluiche fóin ‘Woodland Run’'