Gaeilge amháin ar gheansaithe Bhaile Átha Cliath don chluiche ceannais

Is i nGaeilge amháin atá an téacs ar gheansaí speisialta Bhaile Átha Cliath do chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh

Gaeilge amháin ar gheansaithe Bhaile Átha Cliath don chluiche ceannais

Pictiúr: ONeills1918/Twitter.com

Is i nGaeilge amháin atá an scríobh ar gheansaí speisialta Bhaile Átha Cliath do chluiche ceannais peile na hÉireann an deireadh seachtaine.

Agus an cluiche ceannais bainte amach ag Baile Átha Cliath agus Maigh Eo, tá geansaithe nua déanta ag O’Neills don ócáid mhór agus is iad a bheidh á gcaitheamh ag na himreoirí i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh.

An t-aon athrú atá ar na geansaithe ná go bhfuil téacs breise thíos faoi shuaitheantais na bhfoirne a thugann le fios gur geansaithe speisialta iad do chluiche ceannais 2017.

Is i nGaeilge atá an scríobh sin ar cheann Bhaile Átha Cliath agus ‘Craobh Peile na Sinsear – Cluiche Ceannais 2017’ scríofa air.

Dealraíonn sé gur treoir ó CLG Bhaile Átha Cliath féin a bhí ann an scríobh a bheith i nGaeilge mar is i mBéarla atá an téacs céanna ar gheansaí Mhaigh Eo.

Is i mBéarla chomh maith a bhí an téacs breise ar gheansaithe na Gaillimhe agus Phort Láirge i gcluiche ceannais iomána na hÉireann a imríodh ag tús na míosa, agus go deimhin ar gheansaithe pheileadóirí Bhaile Átha Cliath do chluichí ceannais peile 2015 agus 2016.

Is féidir na geansaithe nua a cheannach ó shuíomh O’Neills.

Is i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach beag seo a thabharfaidh Baile Átha Cliath aghaidh ar Mhaigh Eo. Tá foireann Jim Gavin ag iarraidh Corn Mhig Uidhir a thabhairt leo den tríú bliain as a chéile agus tá Maigh Eo ag iarraidh an chraobh a bhreith leo den chéad uair ó 1951.

Fág freagra ar 'Gaeilge amháin ar gheansaithe Bhaile Átha Cliath don chluiche ceannais'

  • Seán Mistéil

    Ardmholadh do CLG Bhaile Átha Cliath a rinne an cinneadh seo!