‘Gaeilge agus selfies. It was fun!’ – An Taoiseach sásta lena chéad chuairt ar ‘Pop Up Gaeltacht’

Thug an Taoiseach Leo Varadkar cuairt ar an ‘Pop Up Gaeltacht’ a bhí ar siúl sa teach tábhairne Ruin i mBaile Átha Cliath agus deir sé gur rud ‘iontach’ atá ann

‘Gaeilge agus selfies. It was fun!’ – An Taoiseach sásta lena chéad chuairt ar ‘Pop Up Gaeltacht’

Is cosúil gur bhain an Taoiseach sult mór as a chéad chuairt ar ócáid ‘Pop Up Gaeltacht’.

Thug Leo Varadkar cuairt Déardaoin seo caite ar an ‘Pop Up Gaeltacht’ a bhí ar siúl sa teach tábhairne Ruin i mBaile Átha Cliath.

Ag labhairt dó leis an Sunday Independent, dúirt an Taoiseach gur rud iontach a bhí ann daoine óga a fheiceáil amuigh agus iad ag Gaeilgeoireacht.

“Great to see so many young people enjoying pints and speaking Irish. I always feel a bit more fluent after two pints,” a dúirt Varadkar.

D’fhreastail an Taoiseach ar an ócáid i dteannta an Teachta Dála Fergus O’Dowd, iar-urlabhraí Gaeilge de chuid Fhine Gael, agus bhí sé sásta go raibh roinnt de bhaill óga an pháirtí i láthair chomh maith.

“There we some young Fine Gael Gaeilgeoirí – Michael Ward and Clodagh Murray. A great crowd there. It happens every month but I never managed to make it until this month,” arsa an Taoiseach.

Thuill cuairt an Taoisigh ar an Pop Up Gaeltacht aird go leor ar na meáin shóisialta nuair a scaipeadh an scéal.


Reáchtáladh an chéad ‘Pop Up Gaeltacht’ sa bheár Rua ar Shráid Clarendon i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí na Samhna 2016 agus tá a macasamhail d’ócáidí á n-eagrú ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain mhóir ó shin.

Fág freagra ar '‘Gaeilge agus selfies. It was fun!’ – An Taoiseach sásta lena chéad chuairt ar ‘Pop Up Gaeltacht’'