Gaeil na Gaillimhe ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí

Tháinig an cumann lánGaeilge i gcathair na Gaillimhe slán óna gcéad bhliain ar an bpáirc agus tá siad anois ag iarraidh an chéad céim eile a bhaint amach agus pobail a bhunú thart ar an gcumann

Gaeil na Gaillimhe ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí

Árachas, trealamh, costas cúraim na páirce, táillí réiteoirí, táillí iontrála. Nuair a chuirtear na costais uile le chéile, cosnaíonn sé an-chuid airgid foireann CLG a chur chun páirce.

Bíonn deacrachtaí ag foirne atá ar an bhfód le céad bliain anuas leis na costais sin ach tá sé níos deacra fós ag cumann nach bhfuil ach tagtha ar an saol, cumann ar nós Gaeil na Gaillimhe i gcathair na dTreabh.

Tháinig Gaeil na Gaillimhe ar an bhfód anuraidh agus é mar aidhm acu cumann lán-Gaeilge a fhorbairt i gcroílár chathair na Gaillimhe. Agus an chéad céim sin tugtha, acu agus foireann fear agus foireann ban curtha chun páirce acu i gcomórtais sraithe agus craoibhe na Gaillimhe anuraidh, tá aghaidh anois á tabhairt acu ar thodhchaí an chumainn.

Toisc nach bhfuil Gaeil na Gaillimhe ach ina dtús, agus nach bhfuil siad in ann brath ar aon pharóiste ar leith, bíonn deacrachtaí ar leith acu maidir le hairgead a bhailiú. Bhí an cumann ag brath ar tháillí ballraíochta go dtí seo agus ní fiú mórán an t-airgead i  gcumann nach bhfuil ach timpeall 50 ball aige faoi láthair.

“I dtreo an todhchaí,” a deir Cathaoirleach an chumainn, Stiofán Seoighe, “beidh orainn na costais mhóra a bhaineann le foireann CLG a chur chun páirce a íoc. Go dtí seo, bhí muid ag brath ar bhallraíocht chun airgead a fháil.

“Idir fhoireann na mban agus foireann na bhfear, bíonn costais €7,000 ann. Ní raibh orainn an táille sin uile a íoc fós mar go bhfuair muid cabhair ó CLG na Gaillimhe ach beidh an dúshlán sin romhainn amach anseo.”

Chuige sin tá feachtas tiomsaithe airgid tosaithe ag an gcumann ar an suíomh www.ifundraise.ie. Murab ionann agus feachtais sluamhaonithe eile, níl spriocdháta nó sprioc airgid ar leith i gceist le ceann Ghaeil na Gaillimhe, agus deir an Seoigheach go bhfuil cúis leis sin.

“Cé go ndéanfaidh sé rudaí níos casta dúinne seans, ní raibh muid ag iarraidh sprioc airgid ollmhór a roghnú agus brú a chur orainn féin nó ar dhaoine a bhí ag iarraidh airgead a thabhairt.”

Cé go bhfuil trealamh le ceannach agus obair le déanamh ar an bpáirc atá acu ar an gCladach, is d’fhonn todhchaí fhadtéarmach an chumainn a chinntiú chomh maith atá an t-airgead á bhailiú.

“Cabhróidh gach uile phingin linn agus muid ag iarraidh an cumann a bhrú chun cinn agus an cumann agus an pobal a chothú,” a deir Seoighe.

Foireann na bhfear Gael na Gaillimhe.

Tá an obair sin ar bun acu cheana féin agus méadú seasta tagtha ar an gcumann le bliain anuas. Agus dúshlán na chéad bhliana curtha díobh acu, deir an Seoigheach bhfuil an dul chun cinn atá á dhéanamh acu le feiceáil anois.

“Anois agus muid bliain ar an bhfód, tá sé i bhfad níos éasca daoine a mhealladh i dtreo an chumainn agus an pobal atá againn a chothú. Tá na torthaí feicthe acu agus tá sé níos éasca anois tarraingt le chéile.

“Tá meascán againn de dhaoine atá ag obair nó ag staidéar i nGaillimh, daoine a bhí ag obair nó ag staidéar áit éigin eile ach atá anois lonnaithe i nGaillimh agus daoine ón Ghaeltacht chomh maith, agus tá sé sin ag teastáil. Is meascán ilghnéitheach atá ann, mar shampla tá cailín ón tSeapáin ag imirt linn, agus cailín ó Cheanada.

“Is dóigh go raibh muid ag brath níos mó ar mhic léinn anuraidh ach i mbliana tá níos mó daoine againn atá lonnaithe i nGaillimh go fadtéarmach. Cabhraíonn sé sin ach tá sé tábhachtach na mic léinn a bheith agat chomh maith.”

“Mar a tharlaíonn i réimsí eile de shaol chathair na Gaillimhe, tugann na mic léinn beocht éagsúil don chumann. Is é an trua é nach bhfuil cúpla pingin breise acu!”

Is féidir feachtas bhailiúcháin Ghaeil na Gaillimhe a fheiceáil anseo.