Gaeil Bhéal Feirste réidh le ‘Liú Lúnasa’ a ligean

Seo í an dara bliain a bheidh an fhéile Liú Lúnasa ar síul sa chathair

Gaeil Bhéal Feirste réidh le ‘Liú Lúnasa’ a ligean

Tá lucht eagraithe fhéile Liú Lúnasa ag prapáil d’fhéile na bliana seo, a bheidh ar siúl i mBéal Feirste ag deireadh na míosa.

Seo í an dara bliain a bheidh an fhéile nua “atá lán éagsúlachta agus samhlaíochta” sa chathair agus beidh formhór na n-imeachtaí ar siúl i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál.

Féile cúig lá a bheidh inti, ón gCéadaoin an 24 Lúnasa go dtí an Domhnach an 28 Lúnasa nuair a chuirfear deireadh léi le seisiún mór ceoil i dTigh Mhadáin, áit a mbeidh “ceoltóirí rúnda” ag casadh.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl i gcaitheamh na féile, beidh ranganna Gaeilge, ceardlanna, léachtaí agus ceolchoirmeacha.

Beidh an club grinn GaelGÁIRÍ ann oíche Déardaoin, an dráma ‘Alice Milligan’ leis an gcompántas Aisling Ghéar oíche Dé hAoine agus ceolchoirm le Bréag, Emma Ní Fhíoruisce, Dúchas agus eile oíche Dé Sathairn.

Liú Lúnsasa

Deir lucht eagraithe na féile nach “an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh” amháin a bhí mar aidhm acu ach go raibh siad ag iarraidh “ardán a thabhairt do cheoltóirí agus ealaíontóirí Gaelacha” nuair a chuir siad Liú Lúnasa ar bun den chéad uair anuraidh.

Tá siad anois ag súil go mbeidh Liú Lúnasa ina “thraidisiún comhaimseartha Gaeilge” agus go mbeidh a leithéid d’fhéile ar siúl i gcathracha agus bailte eile in Éirinn amach anseo.

Is ar bhonn deonach a eagraítear imeachtaí Liú Lúnasa agus le dhá bhliain anuas, bhí lucht eagraithe na féile ag brath ar airgead ó lucht tacaíochta a bhfeachtas Crowdfunit agus Kickstarter . D’éirigh leo £5,000 a bhailiú le feachtas na bliana seo. Beidh costas £15 ar imeachtaí áirithe le linn na féile. Tá clár na féile ar fáil ar leathanach Facebook Liú Lúnasa.

Fág freagra ar 'Gaeil Bhéal Feirste réidh le ‘Liú Lúnasa’ a ligean'

  • Concubhar

    is deas an rud ocâid Gaelach a bheith ann nach bhfuil #carabhatdubh riachtanach le páirt a ghlacadh ann. Liú Lúnasa Abú! #nímaithliomcarabhatdubh