Gach rud ón tráma teanga go dtí na cosúlachtaí idir an Ríordánach agus Beckett pléite ag Meanmanra

Bíonn drogall ar ár léirmheastóir freastal ar ócáidí acadúla ach tá sé buíoch gur ghéill sé don chathú aghaidh a thabhairt ar an gcomhdháil fealsúnachta Meanmanra ag an deireadh seachtaine

Chruinnigh slua maith i leabharlann Chumann na bPiobairí Uilleann i lár Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn don chomhdháil ‘Meanmanra’, a d’eagraigh Oisín Uíbh Eachach agus Seaghan Mac an tSionnaigh.

An gaol idir an tsíceolaíocht, an fhealsúnacht agus an litríocht a bhí le scagadh is le cíoradh. Ní nós liom féin, ar léitheoir a bhíonn ag léamh ar mhaithe leis an tsiamsaíocht mé, freastal ar chomhdhálacha a mbíonn léamha acadúla acu ar cheisteanna casta, ach mheall an ceann seo mé agus táim sásta gur ghéill mé don mhealladh. Fuaireas go leor spreagaidh agus lón machnaimh ann.

Is í Ríona Ní Churtáin a thug an chaint oscailte. Tá iniúchadh á dhéanamh ag Ní Churtáin ar thionchar na bhfealsúna éagsúla ar shaothar an Ríordánaigh. Léirigh sí an nasc idir smaointe Platón, Dante agus an traidisiún Críostaí agus na smaointe a d’fhorbair an Ríordánach ina réamhrá le Eireaball Spideoige.

B’údar suntais dom go raibh eagrán i nGaeilge de Platón maille le haistriúchán Phádraig de Brún ar Dante ina sheilbh ag Ó Ríordáin. Bhí freisin teagasc Críostaí ón naoú haois aige, arís i nGaeilge. Léirigh Ríona, le samplaí ó na saothair seo, an gaol idir iad agus an cúrsa machnaimh a leag an Ríordánach amach dúinn sa réamhrá cáiliúil sin, mar aon leis an mbealach inar tháinig sé ar a chuid tuiscintí féin.

Thug Risteárd Mac Annraoi caint spreagúil faoi bhunús na fealsúnachta agus na loighce agus conas a d’fheadfaí gaisneas a bhaint astu le hathrú chun feabhais a dhéanamh ar shaol na hÉireann. Mhol sé go múinfí bunús na fealsúnachta ar scoil. Smaoineamh fónta dar liom seachas nach léir dom cad as a dtiocfadh na hoidí don chúram.

Rinne Caitríona Ní Shíocháin cur i láthair bunaithe ar an staidéar atá déanta aici féin agus ag Tom Boland ar thuairimí atá i gcoiteann i saothar an Ríordánaigh agus Beckett – go háirithe an t-uaigneas a bhraitheann an té ar mian leis a bheith saor ar a chomhdhaoine agus iomlán neamhspleách. Tharraing sí go háirithe ar an dán ‘Saoirse’, agus ar Godot agus Krapp ó shaothar Beckett.

 

‘Is atuirseach an intinn

A thit in umar doimhin na saoirse…’

 

Léargas fáidhiúil acu beirt ar chás an duine aonair agus é scoite ón saol nua-aoiseach.

Thug Tomás Mac Síomóin caint faoi ábhar atá cíortha níos doimhne aige ina leabhar The Broken Harp: Identity and Language in Modern Ireland.

Labhair sé ar an gcorpas taighde a léiríonn gur féidir le huafás a bheith ina chúis tráma ag éinne, agus go gcuirtear ualach an tráma ar aghaidh ó ghlúin go glúin.

Tá tuiscint mhaith ar a leithéid, a deir sé, ag daoine a mhair tríd an Uileloscadh, agus léiríonn staidéir eile atá déanta gurb amhlaidh an scéal ag an bpobal Maori sa Nua-Shéalainn, mar shampla.

Luaigh sé freisin saothar Memmi agus Fanon, agus mhaígh gur féidir cás iarchoilíneach na hÉireann i leith na Gaeilge agus nithe eile a thuiscint i dtéarmaí an neamhoird struis iarthrámaigh.

Tagann an bhitheolaíocht agus an tsocheolaíocht i gceist leis an tráma seo más fúinn é a chur dínn ní mór do na Gaeil a stair a thuiscint. Labhair sé go moltach faoi obair an staraí Joe Lee sa chomhthéacs seo.

I ndiaidh an lóin, thug Marie Pascale caint as Fraincis, a ndearna Seán Mac an tSionnaigh aistriú comhuaineach air. Bhí mé buíoch as sin, mar níor leor Fraincis an hArdteiste a rinne mé fadó le dul i ngleic leis an dóigh ar chuir sí teoiricí Bakhtin faoin gcronatóp i bhfeidhm ar An tOileánach agus An Béal Bocht – dhá shaothar a bhfuil aistriúcháin ó Ghaeilge go Fraincis déanta orthu.

Is cosúil go bhfuil úrscéalta béaloidis tuaithe ina gcuid thábhachtach den chanóin Québécoise, agus b’iad na cosúlachtaí idir na húrscéalta sin agus An tOileánach (agus an scigaithris a dhéantar in An Béal Bocht air) a spreag suim Marie Pascale. Bíonn sé i gcónaí deas cloisteáil faoin léamh atá ag daoine ón gcoigríoch ar nithe a bhfuil taithí againn orthu.

Ba é an scríbhneoir Duibhneach Pádraig Ó Cíobháin, an chéad duine eile a chualamar. Scaip sé script ar an lucht freastail ina ndearna sé pósadh idir caint chraicneach chréúil Chorca Dhuibhne agus miotas Aphrodite na nGréagach.

Thug Eoghan Mac Aogáin léargas an oideachasóra ar an tsíceolaíocht, ag míniú a bhunúis ón mbonn aníos, agus dár spreagadh le dul ag tóraíocht. Mhínigh sé freisin gur féidir na tuiscintí is comónta atá ann sa réimse seo a fhorbairt, beag beann ar theanga, agus chun a phointe a chur trasna bhain sé leas as saothar Helen Keller agus saothar a réamhtheachtaithe, Laura Bridgman agus Anne Sullivan.

Is bunaithe ar an litríocht a bhí caint Mháire Ní Annracháin, agus í amhrasach an féidir leas a bhaint as an tsíceolaíocht sa litríocht chun tuiscint a fháil ar údair téacsanna. Is lú fós, dar le Ní Annracháin, an chiall a bhaineann le hiarracht a dhéanamh fo-chomhfhios na bpearsan i dtéacs a thuiscint – de bhrí nach ann dóibh, a deir sí! Caint spreagúil a bhí ann, agus í ag tarraingt as litríocht na nGael chun tacú lena háitimh.

Tá Seaghan Mac an tSionnaigh agus Oisín Uíbh Eachach le moladh as an gcomhdháil seo a chur ar bun, agus as an dea-eagar a bhí ar an lá. Cuireadh sólaistí agus lón ar fáil dúinn, agus coimeádadh smacht réasúnta maith ar fhaid na seisiún ar an mórgóir, cé nach raibh aon srian ar an gcaint agus an trasnáil lena linn – faoi mar a bheifí ag súil leis!

Tá sé i gceist go mbeadh an chomhdháil ann arís, agus go bhfoilseofar ábhar na gcainteanna i bhfoirm leabhair.

Cuireadh clabhsúr ar an lá le seoladh leabhar Phádraig Uí Chíobháin De Chion Focal agus leann blasta na ‘Four Provinces’ (beoir na nGael!) mar anlann leis.

An-lá go deo!

Fág freagra ar 'Gach rud ón tráma teanga go dtí na cosúlachtaí idir an Ríordánach agus Beckett pléite ag Meanmanra'

  • Réamonn Ó Ciaráin

    Ainm álainn ar an teacht le chéile seo – Meanmanra – is dóigh liom go mbaineann ‘meanmanra’ leis an taobh deas den intinne – an taobh sin nach síleann go bhfuil na freagraí go léir aige – taobh an ghrá seachas taobh an ghnó – an guth beag ciúin ó anam ár dtíre ag cogarnaigh linn inár dteanga dhúchais.