Gach gné den phróiseas tairisceana do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann á scrúdú ag Kyne

Mhaígh Kyne, sular ceapadh ina Aire é, gur cheart an próiseas a chaitheamh i dtraipisí agus deir Éamon Ó Cuív gur cheart don Aire "teacht anuas den chlaí’ agus an rud a ‘gheall sé’ a dhéanamh

Pictiúr: Seán Ó Máinnín
Pictiúr: Seán Ó Máinnín

Tá sé ráite ag Aire Stáit nua na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil gach gné den phróiseas tairisceana do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann á scrúdú aige, agus go bhfuil sé ag féachaint go háirithe ar cheisteanna faoin bpróiseas a bhaineann le cúrsaí dlí agus soláthair.

Mhaígh Kyne sular ceapadh ina Aire é gur cheart an próiseas a fógraíodh i mí Aibreáin a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua.

Is é an 17 Meitheamh an sprioc do thairiscintí don aersheirbhís agus dúirt Éamon Ó Cuív, urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil, le Tuairisc.ie go gcaithfeadh an tAire “teacht anuas den chlaí anois agus an próiseas a tharraingt siar faoi mar a gheall sé”.

Dúirt Ó Cuív, a chuir ceist Dála ar an Aire faoin ábhar, go raibh “an chosúlacht ar an scéal” go raibh Kyne “ag breathnú athuair” ar an bpróiseas ach nárbh fholáir dó “beart de réir a bhriathair a dhéanamh”.

“Tá sé fíorthábhachtach anois go ndéanfadh an tAire Stáit an próiseas a tharraingt siar agus tús a chur uair amháin eile le hidirphlé le muintir na n-oileán agus leis na dreamanna eile a bhfuil baint acu leis an scéal.

“Tá dhá rud fíor-riachtanach ann: go ndéanfaí cinnte gur seirbhís eitleáin a bheidh i gceist agus go ndéanfaí cinnte nach mbeidh aon ardú táille i gceist. Níl mórán ama fágtha ag an Aire agus caithfidh sé gníomhú roimh an spriocdháta do thairiscintí an mhí seo chugainn,” a dúirt Ó Cuív.

Is é seo an dara próiseas tairisceana don aersheirbhís a cuireadh ar bun le cúpla bliain anuas.

Bhain conspóid mhór le fógra na bliana seo caite gurbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Chuir muintir Árann feachtas ar siúl an uair sin ag éileamh gur sheirbhís eitleáin ó Aerfort na Mine in Indreabhán go dtí na hoileáin a bheadh ann seachas seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór sa Ghaillimh.

Ba é toradh na conspóide sin ná gur fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair 2015, go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana don aersheirbhís agus go raibh próiseas nua á chur ar bun aige.

Is do sheirbhís aeir as Aerfort na Mine amháin atá tairiscintí á lorg mar chuid den phróiseas tairisceana nua a fógraíodh i mí Aibreáin.

Chuir muintir Árann i gcoinne an phróisis nua chomh maith agus iad míshásta nár dúradh nach bhféadfaí seirbhís héileacaptair a sholáthar.

Bhíothas buartha leis go dtiocfadh ardú ar tháille na seirbhíse i ndiaidh an chomórtais.

Is fiú suas le €3.6 milliún an conradh nua ceithre bliana.

 

Fág freagra ar 'Gach gné den phróiseas tairisceana do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann á scrúdú ag Kyne'