Gach dream ag tochras ar a cheirtlín féin maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí…

Bhí an Státrúnaí Villiers ar a cosaint agus ar an ionsaí inné agus í ag caint ar oidhreacht na dTrioblóidí ach is beag leid a thug sí faoi chomhghéilleadh

Theresa Villiers. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Theresa Villiers. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Gach dream ag tochras ar a cheirtlín féin maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí. Dá fhaide a chaitear ag éileamh an chirt agus/nó na fírinne, is ea is dóichí gur sop in áit na scuaibe a gheobhaidh íobartaigh de gach cineál. Ní tarraingt na gcos go dtí é agus is deacair a shamhlú go nochtfar gach eolas choíche.

Buille trom d’íobartaigh ab ea é nach raibh córas ar bith dóibhsean sa chomhréiteach, Tús Nua, idir an DUP, Sinn Féin agus an dá rialtas trí mhí ó shin. Easaontas idir an Státrúnaí Villiers agus Sinn Féin faoi cheilt eolais ar mhaithe le slándáil an stáit ba chúis leis an teip sin, dúradh.

Le seachtain anuas bhí foinsí oifigiúla ag tabhairt le fios go mbeadh ábhar tromchúiseach san óráid ó Statrúnaí Thuaisceart Éireann, Theresa Villiers in Ollscoil Uladh ar an Déardaoin. Bhí agus ní raibh.

Ba chosúil gur chúngaigh sí an bhearna idir í agus Sinn Féin agus idir í agus na teaghlaigh ar mharaigh fórsaí stáit a muintir, ach thug sí sásamh freisin do dhaoine a mhaíonn go bhfuil an iomarca béime á cur ar fhoréigean an stáit.

D’admhaigh sí gur laincis ar fhorbairt na sochaí nua é oidhreacht na dtrioblóidí agus gurb é dualgas an rialtais déileáil leis. Liostaigh sí na huafáis, os cionn 3,500 duine marbh, na mílte gortaithe, na mílte eile suaite, seirbhísí, gnólachtaí, foirgnimh agus maoin scriosta, agus a scéal féin ag gach duine. D’admhaigh sí freisin gur iomaí léamh ar an méid a tharla.

Ach bhí sí meáite ar gan géilleadh d’insint ar na trioblóidí a chuirfeadh an milleán ar an stát. ‘Pernicious counter-narrative’ a thug sí ar an insint a dhéanann iarracht, dar léi, le freagracht as eachtraí sceimhlitheoireachta a chur ar an stát – “más le líomhaintí maidir le claonpháirtíocht, mí-iompar ghníomhairí agus spiairí nó iompar neamhdhleathach eile é”.

Glactar le líomhaintí amhail is go raibh cruthúnas aimsithe, a dúirt sí. Níorbh é an stát a leag buama in Inis Ceithleann ar Dhomhnach na bpoipíní, a chuir buama loiscneach in óstán La Mon ná a scaoil gunnaí i Loch an Oileáin nó i nGlastiall, a dúirt sí, ag tagairt d’uafáis an IRA, an UVF agus an UDA.

D’admhaigh sí gur bhris póilíní agus saighdiúirí an dlí uaireanta; bhí an stat freagrach as 10% de na daoine a maraíodh (paraimíleataigh poblachtacha 60% agus dílseoirí 30%). Ní raibh sí ag déanamh beag is fiú den 10% sin, a dúirt sí. Díobh sin, thagair sí do dhúnmharú Pat Finucane, a tharla seacht mbliana fichead ó shin, agus a raibh baint ag scata de ghníomhairí na n-áisíneachtaí faisnéise leis.

Níor thairg sí an fiosrú neamhspleách atá a éileamh ag muintir Finucane cé go dúirt sí nach gcosnódh sí féin ná an Príomh-Aire Cameron iompar a bhí dochosanta.

Áit a bhfuil fianaise gur briseadh an dlí, beidh cúiseamh i gceist, a dúirt sí – geallúint nach raibh mórán muiníne inti ag leithéidí mhuintir Bhaile Uí Mhurchú agus daoine eile atá ag fanacht le faisnéis oifigiúil le haghaidh coiste cróinéara.

Cúlra ab ea an méid sin ar fad dá cosaint ar an gcinneadh ba chúis leis an achrann idir í féin agus Sinn Féin sna cainteanna i Stormont. Bheadh an stát toilteanach an fhaisnéis –ina hiomláine – a chur ar fáil don HIU, aonad na bhfiosrúchán stairiúla, ach ní bheadh cead an t-eolas ar fad a thabhairt do theaghlaigh é a fhoilsiú. D’fhéadfaí beatha a chur i mbaol dá mbeadh eolas áirithe poiblí, a dúirt sí.

Tá a fhios gur maraíodh gníomhairí cheana. Anuas ar sin, mhaígh an Státrúnaí go mbeadh sé contúirteach eolas faoi mhodhanna an stáit a nochtadh d’easaontóirí poblachtacha i dTuaisceart Éireann agus do sceimhlitheoirí Ioslamacha atá naimhdeach leis an Ríocht Aontaithe.

Níl an t-easaontas [idir Villiers agus Sinn Féin] dofhuascailte a dúirt sí agus í ag geallúint go ndéanfadh sí a dícheall chun comhréiteach a fháil, gan mhoill. Drochsheans gur ionann ‘gan mhoill’ agus roimh an toghchán sa Bhealtaine.

Thairis sin, d’admhaigh sí nach mbeadh na struchtúir atá faoi chaibidil ó aontaíodh iad breis agus bliain ó shin foirfe; ní bheidh siad in ann a theacht ar na freagraí ar fad ar na ceisteanna go léir faoi íobartaigh agus marthanóirí.

“Ní fhéadfadh aon raon moltaí é sin a dhéanamh ná daoine a chúiteamh as blúire den anró agus den bhriseadh a d’fhulaing daoine sna Trioblóidí,” a dúirt sí.

Mar sin féin, bhí sí cinnte de gur mhór an feabhas na moltaí ná an bhail reatha.

Seans nár cheart d’íobartaigh a bheith ag tnúth le mórán.

Fág freagra ar 'Gach dream ag tochras ar a cheirtlín féin maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí…'