‘Gabhann Easpag Ó Domhnaill buíochas le Dia faoi nár tharla cogadh in Éirinn, ach níl focal le rá aige in aghaidh na gcánacha atá leagtha orainn’

An Claidheamh Soluis cothrom an ama seo (an 11 Márta 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claoimh

  1. (Iomlán 937).                     Cláraithe mar pháipéar nuachta.                    Márta 11, 1916                    Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Cuireadh Hóm Rúil, ar cairde arís go ceann leath-bhliana an tseachtain seo caite. Ní dhearnadh aon ghearán leis an Rialtas mar gheall air sin. Níor thóg an Réamonnach orthu é agus níl aon slua daoine á lochtú faoin bhfaillí. Cloistear caint ghearánach go minic ach níl cur-le-chéile idir lucht déanta.

Labhair Stiophán Ó Meadhra, Luimneach, i dtaobh Hóm Rúil a bheith á chur ar cairde ag an Rialtas agus dúirt nach raibh riachtanas leis an gcairde. Nuair a cuireadh Acht an Chomhcheangail i bhfeidhm bhí cogadh mór ar siúl ag Sasana agus ní bhainfeadh sé dá neart anois an tsaoirse bheag atá geallta dúinn a thabhairt dúinn láithreach.

Bhí Stiophán Ó Meadhra ina Fheisire tráth; bhí sé mar chisteoir ag na Feisirí ar feadh blianta; bhí sé dílis i gcónaí don Réamonnach agus níorbh fhéidir fealltacht a chur ina leith. Ach chomh luath is a labhair sé i dtaobh fhaillí an Rialtais cuireadh an fhealltacht ina leith ag lucht leanúna an Réamonnaigh. Bhréagnaigh sé a gcaint agus níor tharraing sé siar focal dá ndúirt sé.

Tá Hóm Rúil curtha ar cairde ach níl aon chairde do lucht íoctha cánach. Tógadh £17,000,000 in Éirinn ag an Rialtas anuraidh. Tógfar i bhfad níos mó ná sin i mbliana. Tá breis is £8,000,000 de cháin orainn thar mar a bhí dhá bhliain ó shin, agus tá costas agus caitheamh an Rialtais á laghdú go mór. Baineadh £10,000 dár n-ollscoileanna agus tugadh breis airgid d’ollscoileanna Shasana. Baineadh £16,000 dár n-iascairí.

Tá droch-chosúlacht arís ar Sheán Buí agus táthar ag rá go bhfeicfear an bhróg iarainn air go luath agus é ag satailt ar dhaoine nach dtaitníonn leis. Chuir “An Times” béic as Dé Sathairn agus is minic a leanann buille béic. Deirtear leis an Rialtas go mbainfear tuisle as Seán mura gcuirtear na hÓglaigh agus dhá cheann déag de pháipéir Éireannacha faoi chois. Sin rialú Éireann de réir mhian Éireann!

Foilsíodh Dé Luain na litreacha ó na hEaspaig a léadh sna teampaill Dé Domhnaigh. Is mó atá le rá i dtaobh tíortha thar lear ag an gCairdinéal ná i dtaobh ár dtíre féin. Shílfeá nár chuala sé riamh abairt Sholaimh. Deir sé go bhfuil malairt creidimh déanta ag trí mhuirín Bheilgeacha a tháinig go hArd Mhacha agus cuireann sé an milleán ar an gcoiste atá ag riaradh déirce orthu.

Molann Ardeaspag Ó hÉiligh an liostáil. Gabhann Easpag Ó Domhnaill buíochas le Dia faoi nár tharla cogadh in Éirinn, ach níl focal le rá aige in aghaidh an chogaidh ná in aghaidh na gcánacha atá leagtha orainn ag Sasana. “Tá lá ár ndaoirse thart,” ar Easpag Chluana. Molann sé an liostáil. “Cogadh chun cirt atá á dhéanamh ag Sasana an turas seo,” ar Easpag Chluain Fearta agus molann sé an liostáil cé go n-admhaíonn sé go raibh a dhá oiread daoine de shliocht Gael in Éirinn trí fichid bliain ó shin.

  thagann na hEaspaig go léir le chéile i dtaobh an chogaidh. Níl aon mhearbhall ar Easpag Luimnigh ina thaobh agus b’fhiú do gach duine sa tír a litir a léamh. Tagann Easpag na Gaillimhe go trom anuas ar lucht déanta agus lucht ólta poitín agus ar lucht glactha breabanna. Ba dhóigh le duine go raibh an Ghearmáin ar fad i ndeoise Easpag Dhoire.

Ní mholann Easpag na Róimhe an cogadh. Ní abraíonn sé ina litir cén taobh ag a bhfuil an ceart. Cogadh gan fáth atá ann, dar leis, agus tá ciníocha na hEorpa ag marú a chéile gan tairbhe. “Caithfimid ár nglór a ardú in aghaidh an chogaidh,” ar sé agus ordaíonn sé paidreacha ar son na síochána.

Fearfar Féile Pádraig ar fud Éireann an tseachtain seo chugainn. Ná fágtar an tseanmóireacht ar fad ag sagairt an Bhéarla. Ná fágtar an drámaíocht ná na cúraimí ceoil faoi stiúir na Seoiníní. Bíodh Gaeil go Gaelach lá na féile. Tionólfar comhdháil de Chonraitheoirí in Áras an Ard-Mhéara oíche Dé hAoine.