Gá le naisc idir clubanna i Sasana agus imreoirí óga as Éirinn a fhiosrú i bhfianaise scannail – Catherine Murphy

Deir an Teachta Dála Catherine Murphy gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an gcosaint ar dhrochúsáid ghnéasach leanaí a tugadh d’imreoirí óga as Éirinn a chuaigh sall go Sasana sna 1970í agus 1980í

Gá le naisc idir clubanna  i Sasana agus imreoirí óga as Éirinn a fhiosrú i bhfianaise scannail – Catherine Murphy

Ba chóir scrúdú a dhéanamh ar na socruithe a bhí i bhfeidhm sa tír seo maidir le grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar scabhtaí agus chóitseálaithe sacair, dar leis an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Murphy.

Dúirt an Teachta Dála le Tuairisc.ie go bhfuil ceisteanna le freagairt faoin gcóras grinnfhiosrúcháin a bhí i bhfeidhm i saol an tsacair anseo i bhfianaise an scannail faoi mhí-úsáid gnéis i measc cóitseálaithe sacair i Sasana.

Dúirt Catherine Murphy go bhfuil ceisteanna le freagairt faoin gcosaint a tugadh d’imreoirí óga sacair in Éirinn ón drochúsáid ghnéasach.

Agus scannal ann sa Bhreatain faoi láthair faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí i measc cóitseálaithe sacair sna 1970í agus na 1980í, deir an Teachta Dála go bhfuil sé rí-thábhtachtach scagadh a dhéanamh ar an gcosaint a tugadh d’imreoirí óga as Éirinn ar mheall scabhtaí sacair chun na Breataine iad le linn na tréimhse céanna.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt an Teachta Dála neamhspleách go raibh cuid de na clubanna atá anois á bhfiosrú sa Bhreatain ag scabhtáil in Éirinn le linn na tréimhse a raibh an drochúsáid ghnéasach leanaí ar bun.

Dá bharr sin, tá ceisteanna “práinneacha” le freagairt maidir leis an gcosaint a bhí ann d’imreoirí óga sa tír seo a chuaigh sall go dtí an Bhreatain.

“Tá nasc seanbhunaithe idir clubanna sacair faoi aois sa tír seo agus clubanna sa Bhreatain. Ar feadh na mblianta, d’fhág na himreoirí óga is fearr a bhí againn chun tabhairt faoi mhian a gcroí a shásamh agus triail nó printíseacht faighte acu le clubanna thall tríd an gcóras scabhtála sin.”

“Bhí cuid mhaith de na clubanna atá anois á bhfiosrú i mbun earcaíochta i measc imreoirí faoi aois sa tír seo,” a dúirt an Teachta Dála do Chill Dara Thuaidh.

Cheistigh Murphy an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt sa Dáil i rith na seachtaine faoi líon na scabhtaí ó chlubanna sa Bhreatain atá ag feidhmiú in Éirinn agus faoi na prótacail agus na critéir atá ann chun grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar na scabhtaí seo.

Thug an tAire Stáit Patrick O’Donovan le fios don Teachta Dála nach raibh aon ról ag an Aire ná ag a roinn sa phróiseas sin.

Dúirt Murphy go raibh ceisteanna rí-phráinneacha aici faoi pholasaí um chosaint leanaí an FAI i rith na 1970í agus 1980í, faoin bpolasaí atá acu faoi láthair agus faoi na critéir atá ann ó thaobh roghnú scabhtaí anseo.

D’fhiafraigh sí an raibh an FAI ag tacú le FA Shasana ar aon bhealach ina bhfiosrúchán siúd faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí. Dúirt Murphy go bhfuil gá le scrúdú ar an maoirseacht atá á déanamh ag údaráis sacair na hÉireann ar imreoirí óga a d’imigh go Sasana san am atá caite agus atá fós ag imeacht chuig clubanna thall.

Chuir Tuairisc.ie ceisteanna an Teachta Dála ar aghaidh go dtí an FAI agus cé nár freagraíodh go sonrach na ceisteanna sin, dúradh go dtugann an eagraíocht “dearbh-thosaíocht” do chosaint leanaí agus go mbíonn siad ag obair go dlúth le heagraíochtaí ar nós an ISPCC, Barnados agus One-In-Four.

“Ba mhaith leis an FAI é a mheabhrú do chlubanna, do lucht eagraithe na sraitheanna agus do na páirtithe uile go bhfuil sé de dhualgas orthu cloí leis na rialacháin reachtúla uile atá leagtha amach san Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) chun a chinntiú go ndéanann an Garda Síochána grinnfhiosrúchán ar gach duine fásta atá ag obair le leanaí.”

Dúirt an FAI chomh maith go bhfuil teagmháil déanta acu leis an FA i Sasana agus leis an IFA i dTuaisceart Éireann maidir leis an scannal faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí thall.

Tá líomhaintí maidir le drochúsáid ghnéasach déanta ag os cionn scór iar-imreoirí sa Bhreatain in aghaidh cóitseálaithe agus fiosrúchán curtha ar bun faoin scéal ag an FA agus ag 22 fórsa póilíneachta.

Fág freagra ar 'Gá le naisc idir clubanna i Sasana agus imreoirí óga as Éirinn a fhiosrú i bhfianaise scannail – Catherine Murphy'