Gá le hathbhreithniú ar spriocanna ‘míréalaíocha’ na Straitéise 20 Bliain – an t-aire a thug isteach an straitéis

Deir an t-iar-aire Gaeltachta Pat Carey nach bhfuil na spriocanna a leagadh síos sa Straitéis ‘réalaíoch’ ná ‘insroichte’ i bhfianaise thorthaí Dhaonáireamh 2016

Gá le hathbhreithniú ar spriocanna ‘míréalaíocha’ na Straitéise 20 Bliain – an t-aire a thug isteach an straitéis

An t-iar-aire Gaeltachta Pat Carey. Sam Boal/Photocall Ireland

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna uilig a leagadh amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dar leis an té a bhí ina Aire Gaeltachta nuair a tugadh an straitéis isteach i Nollaig na bliana 2010.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Pat Carey nach bhfuil na spriocanna a leagadh síos sa Straitéis “réalaíoch” ná “insroichte” i bhfianaise thorthaí Dhaonáireamh 2016, a foilsíodh inné.

Dúirt an t-iar-aire go gcaithfí féachaint “láithreach” ar mhórsprioc na Straitéise, is é sin go mbeadh 250,000 cainteoir Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ann faoi 2030, agus ar na “spriocanna uilig” atá inti.

Dúirt Carey go raibh “ionadh agus díomá” air faoin laghdú atá tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Stát, de réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 agus go raibh sé ag “súil le hardú de shaghas éigin”.

“Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil míniú neamhurchóideach ar an titim sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre ach is dócha nach bhfuil. Tá ról anois ag gach duine anseo, ach an chéad rud a theastaíonn ná maoiniú ceart ón Rialtas. Dá mbeadh a leithéid ann bheadh dóchas éigin ann go n-éireodh linn an taoide a chasadh,” a dúirt Carey.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie ba ghá go léireodh torthaí an daonáirimh, a foilsíodh inné, go raibh 115,554 cainteoir laethúil Gaeilge ann le go mbeadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an gcúrsa ceart maidir lena sprioc 250,000 cainteoir laethúil a bhaint amach faoin mbliain 2030.

73,803 duine a thug le fios i mí Aibreáin na bliana seo caite go labhraíonn siad an Ghaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais, laghdú 3,382 duine , nó 4.4%, ar an 77,185 duine a dúirt amhlaidh in 2011.

Bhí amhras riamh ar shaineolaithe éagsúla faoi mhórspriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge – go méadófaí líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Stát go dtí 250,000 duine agus go dtiocfadh ardú 25% ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.

Dúirt duine de na saineolaithe sin, an sochtheangeolaí aitheanta an Dr John Walsh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le Tuairisc.ie inné go “spreagann” torthaí an lae inniu ceisteanna faoi pholasaí teanga an Stáit agus faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go háirithe.

“Spreagann na staitisticí seo ceisteanna faoi pholasaí teanga an stáit, go háirithe faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain, a leag síos spriocanna míréadúla nach raibh aon bhunús teangeolaíoch leo,” a dúirt an Dr Walsh.

Léirigh figiúirí an lae inné gur tháinig laghdú ar líon na ndaoine a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu sa Stát idir 2011-2016. Thug 1,761,420 duine le fios sa Daonáireamh go raibh Gaeilge de chineál éigin acu. Is laghdú 0.7% é sin ar an 1,774,437 duine a thug le fios go raibh Gaeilge acu sa Daonáireamh a rinneadh in 2011.

Tá laghdú tagtha chomh maith ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais — slat tomhais níos cruinne ar staid reatha na teanga.

Tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i ngach aon cheann de na contaetha Gaeltachta ach amháin i gContae Phort Láirge. Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht ó 23,175 go 20,586, laghdú 11%.

Fág freagra ar 'Gá le hathbhreithniú ar spriocanna ‘míréalaíocha’ na Straitéise 20 Bliain – an t-aire a thug isteach an straitéis'

  • Braoin Ó Braoin

    Bhuel a fhad agus a mhairfeas an dearcadh “Labhraigí lena chéile í, ach ná labhair linne í” agus an Gael ag iarraidh plé le cúrsaí an tsaoil thart orainn… is beag athrú a fheicfeas muid is oth liom a rá…