‘Gá le feachtas’ in aghaidh fotheidil Bhéarla agus fógraí Béarla ar TG4 – Feargal Mac Amhlaoibh

Ní ghlacann an té a bhí ina Chathaoirleach ar an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse agus ina bhall de Choiste Bunaidh na seirbhíse teilifíse Gaeilge, le míniú TG4 ar an gcúis gur fotheidil Bhéarla seachas cinn Ghaeilge a bhíonn ar an stáisiún sin

TGfore

Tá sé ráite ag Feargal Mac Amhlaoibh, a bhí ina chathaoirleach ar an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse, a d’éiligh scór blianta ó shin go mbunófaí seirbhís teilifíse trí Ghaeilge, go bhfuil gá anois le feachtas úr in aghaidh na bhfotheideal Béarla ar TG4.

Bhí sé ag tagairt don méid a bhí le rá ag Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4, Pádhraic Ó Ciardha, níos luaithe sa tseachtain nuair a dúirt seisean gur “mar gheall ar dheacrachtaí leis na hardáin dhifriúla teilifíse” atá in Éirinn – Sky, UPC, Saorview agus eile – nach raibh fotheidil ar fáil i nGaeilge go fóill ar TG4, ach “go rabhthas ag obair ar réiteach a fháil” ar an scéal.

“Ní ghlacaim lena leithscéalta a bheag ná a mhór”, a dúirt Mac Amhlaoibh le Tuairisc.ie. Dúirt sé go raibh sé “ag brú na ceiste” ar údaráis TG4 le fada agus gurb é an costas a bhainfeadh leis a bhí mar leithscéal i gcónaí acu. Dúirt sé freisin nach raibh aon ghlacadh aige leis an míniú atá tugtha ag TG4 go mbeadh deacrachtaí teicniúla i gceist agus gur chóir tús a chur le feachtas faoin ábhar ag an bpointe seo.

Bhí Feargal Mac Amhlaoibh ina bhall freisin den choiste bunaidh a cheap Mícheál D. Ó hUiginn, Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta na linne, le comhairle a chur air faoi bhunú na seirbhíse teilifíse.

Tá ceist na bhfógraí ag dó na geirbe ag Mac Amhlaoibh freisin. Níl aon chúis, dar leis, nach fógraí Gaeilge amháin a chraolfaí le linn cláracha Gaeilge ar TG4. Deir sé go mba cheart d’aon fheachtas a throidfí in aghaidh na bhfotheideal Béarla díriú ar na fógraí a bhíonn sa teanga sin freisin.

“Tá fógraí Béarla ann agus is féidir Gaelainn a chur orthu go furasta. D’fhéadfaí lacáiste nó rud éigin a thabhairt don chomhlacht chun Gaelainn a chur orthu. Cuireann sé isteach ar mheon daoine óga go háirithe má fheiceann siad go bhfuil na rudaí is tábhachtaí atá ar an teilifís i mBéarla.”

Tá feachtas tosaithe in Albain ag an gcomhghuaillíocht GáidhligTV atá ag déanamh stocaireachta ar BBC Alba in aghaidh ró-úsáid na bhfotheideal dobhainte Béarla agus glórtha Béarla ar chláracha ar an stáisiún sin.

Deir Feargal Mac Amhlaoibh, áfach, nach gcuireann líon na gcláracha Béarla isteach an oiread sin air agus gur tuigeadh riamh nuair a bhí sé ag plé le tréimhse bunaidh na teilifíse go mbeadh gá leo ar mhaithe le daoine gan Gaeilge a mhealladh.

“Bhí a fhios againn nach mbeadh a ndóthain cláracha Gaelacha ann agus go mbeadh costas mór ag baint leo siúd agus dá bhrí sin bheadh cláracha Béarla air. Ar a laghad, níl na cláracha Béarla ag cur isteach ar na cláracha Gaelainne ar theilifís an phríomhama”, a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Gá le feachtas’ in aghaidh fotheidil Bhéarla agus fógraí Béarla ar TG4 – Feargal Mac Amhlaoibh'

  • Eoghan ONeill

    Bhí an scannán Jean de Florette ar TG4 thart ar 10 mbliana ó shin ar a raibh fo-theidil Ghaeilge ann. Thaithin sé go mór liom ag an am ( céard faoi a leithéid ar cinn mar shampla ‘ Como Agua para Chocolate, Il Postino srl?)

  • padraig o donnchu

    ‘Cheart doibh eiseamlair leitheidi na staisiun fraincise a leanuint .i. frainicis ar fad trid sios (seachas nathanna/abairti Bearla anseo is ansiud dala gach aon teanga eile ar domhan) le fotheidil no guthu o fhrainciseoiri duchasacha. Bionn an-chuid scannan acu o Mheirice ni nach ionadh ach is sli iontach e chun fraincis a fhoghlaim. An coras seo ‘gainne is geall le leithsceal e Gaeilge a bheith ann ar chor ar bith, tuigtear don lucht feachana gur staisiun leath-Ghaeilge leath-Bhearla ata ann ach tus aite ag an mBearla i gconai. Na labhair liom faoi ‘ro-chostasach’, taimid go hiontach chun an bealach is easca peasca, is leisciula agus is leibidi a ghabhail sa tirin bheag shuaite seo. Ta job iontach a dheanamh ag lucht na Nuachta afach agus Gaeilge den scoth ag a bhformhor agus cur chuige fiorghairmiuil acu. Ni haon ribin reidh e scealta mora an domhain a chur amach i nGaeilge mhaith, iontuigthe gach uile la. Mo sheasamh orthu!

  • sean o rathaille

    Tagaim le Eoghan thuas, is brea liom fein scannain i dteangacha eile freisin, cinn nach bhfeictear ar mhorbhealai RTE riamh geall leis de, staisiun ata iata go dluth istigh san Anglasfear. Fo-theidil i nGaeilge gan dabht no nios fearr fos guthu o dheachainteoiri duchais. Poist bhreise a gcruthu do mhuintir na Gaeltachta sa mbaile agus an teanga a haclu agus a forbairt san am gceanna! Teigi ina bhun, caithimis uainn an sili seaili!

  • James Pelow

    Tá an ceart aige faoi na fotheidil, ach fógraíocht i nGaeilge amháin? Stopadh sé an tseafóid!

  • Concubhar Ó Liatháin

    Feachtas ar son fotheidil agus fógraí Ghaeilge atá de dhith, ní feachtas in éadan an Bhéarla. Tá ioncam na bhfógraí uaidh TG4 nó bheadh níos lú cláir Ghaeilge. Dfhéadfadh eagrais Ghaeilge a lámha a chur ina bpócaí agus fógraí a cheannach ar TG4 seachas bheith ag fágáil faoi dhaoine eile é.

  • Darragh Ó Caoimh

    A chairde,
    Tá a lán altanna scríte fén ábhar seo le laethanta beaga anuas. Ach ceapaim go bhfuilimid ag díriú an iomarca ar na gnéithe diúltacha den stáisiún (i.e. easpa fotheidil i nGaelainn). Dar liom, ba chóir dúinn a bheith ag ceiliúradh TG4. Tá neart mion-teangacha eile ar fud an domhan agus iad gan stáisiún teilifíe in aor chor.

  • Breandán de Leigh

    Aontaím go h-uile is go h-iomlán leis an fheactas seo nó caithfidh mé piosa páipéir a chur ar scáileán na teilifíse le nach léinn na fótheidil Bhéarla agus ní gá leis an chuid is mó acu nó is féidir le daoine gan mórán uilig Gaeilge sult a bhaint as na cláracha seo gan gach uile focal a thuiscint. Fiú nuair atá cláracha sa Spannais ann nó i dteanga éigin eile bíonn na fótheidil i mBéarla. Is rud scannalach é

  • Shane

    Seo r-phost ó mhí Eanáir 2014 a rá go bhfuil siad ag obair ar mar “ábhar práinne” 22/01/2014
    – Cén fotheideal Bhéarla a bheas ar “ábhar práinne” ar aon chaoi? “on the back burner” bhféidir :D ?

    Shane, a chara

    Fuair muid do theachtaireacht agus tuigimid go maith mar go bhfuilimid féin sa bhád céanna. Níl an freagra baileach chomh simplí is a mheasfá mar nach ionann an teicneolaíocht iompair atá ag Sky, UPC, Saorview agus Saorsat.

    Táimid ag obair air mar ábhar práinne, creid uaim é.

    Beir bua

    Pádhraic Ó Ciardha

    TG4

  • PólRéamainn

    Sílim go bhfuil sé an-aisteach go chraolann TG4 cláir i nGaeilge agus i rith na cláir seo, baineann sé úsáid as Bhéarla mar príomhtheanga lena cuid fógraí.

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Is annamh a bhíonn fógraí teilifíse i nGaeilge le feiceáil agam le déanaí-ach amháin Uisce Éireann.Siar sna 80aidí,is cuimhin liom go raibh neart fögraí Gaeilge ar an teilifís ar RTÉ,sular tháinig TnaG/TG4 ar aer,mar shampla:

    “Fíor im.Ní féidir an blas ceart a thárú.”
    “Homestead.Fiúntas ag teact abhaile.”
    “Péint Chorúna(Crown Paints).Is fearr liom í.”

    Timpeall le deich mbliana ó shin,bhí na fógraí poiblí faoi timpistí,dóiteáin agus a leithéid i nGaeilge ar TG4,mar shampla:
    “Dá mhéadú luas,sea is mó an scrios.”
    Ach ní bhíonn fógraí le Gaeilge le feiceáil a thuilleadh ar stáisiúin ar bith,agus ba bhreá liom fògraí teilifíse le Gaeilge a fheiceáil arís.