Gá le ‘Arán agus Rósanna’ i gcónaí ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

Is iomaí áit a mbeidh ‘Bread and Roses’ le clos inniu ach bíonn an fhírinne searbh

Poilin Womens day

An tseachtain seo caite nochtadh fuinneog dhaite nua i Halla na Cathrach, Béal Feirste, ag comóradh ról na mban sa chathair. Na ‘millies’, mar a thugtaí orthu, atá á gceiliúradh san fhuinneog, na mná a rinne obair mhaslach faoi choinníollacha uafásacha sna muilte línéadaigh. Bhíodh na mílte fostaithe sna muilte san dara leath den 19ú haois agus i dtús an chéid ina diaidh. Rinne siad dhá uair déag oibre sa lá i dtimpeallacht thais, shalach a chuir a sláinte i mbaol. Thairis sin bhí pá na mban níos isle ná pá na bhfear a raibh obair ní b’éadroime ar nós sórtáil idir lámha acu.
Chuaigh na mná ar stailc sa bhliain 1911 ag éileamh feabhas ar choinníollacha oibre, mórán mar a rinne na mná i monarchana dúshaothair Nua Eabhrac an bhliain dar gcionn san stailc ar cumadh an dán ‘Bread and Roses’ in ómós di. Tá ‘Bread and Roses’ seanbhunaithe anois mar amhrán ghluaiseacht chearta na mban agus, go sonrach, mar rosc ceiliúrtha Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Is iomaí áit a mbeidh ‘Bread and Roses’ le clos inniu ach bíonn an fhírinne searbh. Is maith atá a fhios, d’ainneoin an dul chun cinn atá déanta, nach bhfuil an t-arán – luach saothair féaráilte agus cothromas pá – ná na rósanna ar fáil go forleathan.
Gan ach sracfhéachaint a thabhairt ar choinníollacha oibre sna tíortha forbartha (ní áirím críocha neamhfhorbartha mar a bhfuil coinníollacha na mban go hainnis) is mó go mór an seans go mbeidh mná fostaithe ar bhonn páirtaimseartha sna hearnálacha is ísle pá. Tá siad sin i measc na ndaoine is mó a ngoilleann ciorraithe ar sheirbhísí poiblí orthu. Nílim ag iarraidh a rá nach mbíonn fir sa chruachás céanna – bíonn agus is náire é sin freisin. Léiríonn staidreamh, áfach, go bhfuil líon na mban níos airde ná líon na bhfear i measc na ngrúpaí is isle pá. I dTuaisceart Éireann agus san Ríocht Aontaithe fré chéile tá difríocht sa phá ar bhonn inscne coitianta; áirítear go mbíonn timpeall 80 pingin ag bean i gcomparáid le £1 ag fear ar an meán.
Tá an coibhneas níos cothroime i dtíortha Eorpacha eile agus tá a fhios ag cait an bhaile gur chóir dúinn buíochas a ghlacadh leis an Aontas Eorpach as an méid comhionannais pá atá againn.

Ta cúrsaí ag feabhsú san earnáil pholaitiúil cé go bhfuil a thuilleadh feabhais riachtanach. D’ainneoin na scéime faoinar tugadh isteach idirdhealú dearfach sa deisceart níl ach bean amháin as gach cúigear tofa chun na Dála nua. Tá an scéal chomh holc céanna i Stormont fiú más céim chun tosaigh é Arlene Foster a bheith ina Céad Aire agus ina ceannaire ar an DUP. Beidh le feiceáil cé mar a éireoidh le mná i dtoghchán an Tionóil sa Bhealtaine. Ceist eile ná an ndéanfar aon cheo tar éis na vótála chun a chinntiú go mbeidh ionadaíocht ag mná ar bhoird phoiblí – easnamh a bhí ina chnámh spairne le fada. Ceist eile fós í cad a dhéanfaidh na teachtaí Tionóil chun freagairt don éileamh ar reachtaíocht a thabharfadh rogha do mhná atá ag iompar féatais nach bhfuil inmharthana. Bhí móramh de na fir i Stormont i gcoinne fhuascailt na ceiste sin agus cuireadh ar an méar fhada é go dtí go mbeidh an toghchán thart.
Is fiú a fhiafraí cén céatadán de mhná a chaithfidh vóta i bhfabhar iarrthóirí mná. Ní léir go bhfuil móramh tiomanta don bhfiontar. Ní mór a rá chomh maith nach mbíonn gach banpholaiteoir tiomanta do chearta na mban; níor thug Margaret Thatcher tosaíocht do mhná ariamh, mar shampla. Mhol grúpa polaitiúil amháin go ndéanfaí Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh trína chinntiú go bhfuil mná ar chlár na vótóirí. Tús a bheadh ann ar aon nós.
Tá gá le hobair ar an leibhéal sin – mná ag gníomhú thar a gceann féin agus ag baint leasa as cumhacht a vóta ar son rialtas, ceardchumann agus na n-áisíneachtaí go léir a bhfuil smacht acu ar a saol.
B’fhéidir go saothródh sé sin roinnt aráin agus rósanna.

Fág freagra ar 'Gá le ‘Arán agus Rósanna’ i gcónaí ar Lá Idirnáisiúnta na mBan'