‘Fu*k’, ‘hello’, ‘happy’ ‘Santa Claus’, ‘love’ agus ‘google’ i measc an 100 focal is mó cuardach ar focloir.ie in 2015

Léiríonn figiúirí a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie gur tháinig méadú as cuimse ar líon na ndaoine a thug cuairt ar an suíomh focloir.ie i rith na bliana 2015

woman-865111_1920.jpgTá lucht úsáidte an tsuímh focloir.ie chomh grámhar, áthasach agus cairdiúil céanna is a bhí riamh. Léiríonn na figiúirí a chuir lucht bainistíochta na tsuímh ar fáil do Tuairisc.ie an tseachtain seo nach bhfuil mórán idir liosta na bhfocal is mó cuardach i mbliana agus liosta na bliana seo caite.

Tá na focail ‘hello’ (heileo), agus ‘happy’ (sona) ar bharr liosta na bliana seo arís, chomh maith le ‘play’ (a bheith ag spraoi) agus ‘family’ (teaghlach) ach an chéad áit caillte ag ‘love’ (grá) do ‘for’ (do).

Ar an liosta den chéad uair i mbliana tá ‘google’ (gúgláil), ‘grandma’ (mamó), ‘beam’ (bíoma), ‘warrior’ (laoch) agus ‘fuck’ (focáil).

Léiríonn na figiúirí freisin go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na gcuardach ar an suíomh le bliain anuas. Sa tréimhse idir an 1 Eanáir agus 19 Nollaig, thug 707,139 cuairteoir uathúil cuairt ar foclóir.ie – méadú mór ón 394,458 a thug cuairt ar an suíomh sa tréimhse chéanna den bhliain 2014.

Rinne na cuairteoirí uathúla sin beagnach 3,000,000 níos mó cuairteanna ar an suíomh i mbliana ná mar a rinne anuraidh. Léim líon na gcuardach ó 2,582,870 i 2014 go 5,476,629 i mbliana. Rinneadh na cuardaigh sin le linn 1,580,031 seisiún agus bhreathnaigh gach úsáideoir, ar an meán, ar 4.35 leathanach in aghaidh tseisiúin. Tháinig dúbailte ar líon na n-amharc leathanaigh in imeacht bliana freisin ó 3,341,762 go 6,867,595.

Bhí líon níos lú úsáideoirí ag teanglann.ie, comhshuíomh focloir.ie, ná mar a bhí ag focloir.ie féin. Is ar teanglann.ie atá na leaganacha digitithe d’fhoclóirí Uí Dhónaill, de Bhaldraithe agus Uí Mhaoileoin. Mar sin féin thug 544,003 duine uathúil cuairt ar teanglann.ie i mbliana – dhá oiread an mhéid a thug cuairt anuraidh. Cé gur lú lion na n-úsáideoirí ag an suíomh seo, caitheann an gnáthúsáideoir thart ar dhá oiread ama air ná mar a chaitheann ar foclóir.ie.

Tá méadú an-bheag tagtha ar líon na gcuardach a rinneadh in Éirinn ó anuraidh. Ba sa tír seo a rinneadh 72% acu, le hais 71% anuraidh. Stáit Aontaithe Mheiriceá an dara tír is mó a ndéantar cuardach ann arís i mbliana – níor athraíodh céatadán na gcuardach a rinne na Gael-Mheiriceánaigh ó anuraidh nuair a rinneadh 12% de na cuardaigh sa tír sin. Ba sa Bhreatain a rinneadh 5% de na cuardaigh agus i dtíortha eile timpeall na cruinne a rinneadh an 11% eile acu.

Tá líon an tráchta ó ghléasanna láimhe ag méadú go leanúnach. Bhíodh nach mór dhá thrian d’úsáideoirí focloir.ie ag úsáid ríomhairí deisce dhá bhliain ó shin ach is beagáinín os cionn leath (52%) acu atá i gceist anois. Ba ar fhón póca a rinneadh 35% de na cuardaigh agus ar thaibléad a bhí 12% acu.

Seoladh focloir.ie ar an 1 Eanáir 2013 agus cuireadh an t-ábhar ar fáil saor in aisce agus in oiriúint do ríomhairí deisce agus do ghléasanna soghluaiste. Táthar ag súil go gcuirfear ar líne an 10% den ábhar nach bhfuil ar an suíomh go fóill i Meitheamh nab liana seo chugainn.

Seoladh leagan aipe den suíomh ag Oireachtas na Samhna 2015 in Óstán an Citywest agus táthar ag súil go mbeidh leagan clóite den fhoclóir ar fáil sa bhliain 2017.

Chuir lucht bainistíochta an fhoclóra liosta den 100 focal is mó cuardachar fáil do Tuairisc.ie.  Seo thíos an fiche focal is mó:

Screen Shot 2015-12-21 at 18.15.17

Ní haon iontas é go n-imríonn séasúr na bliana tionchar mór ar an gcineál cuardaigh a dhéantar ar an suíomh. Mar a léirítear sa tábla thíos, ba mhó spéis a bhí ag an bpobal i rith mhí na Nollag i mbronntanais agus i Santaí.

Screen Shot 2015-12-21 at 18.15.39

Fág freagra ar '‘Fu*k’, ‘hello’, ‘happy’ ‘Santa Claus’, ‘love’ agus ‘google’ i measc an 100 focal is mó cuardach ar focloir.ie in 2015'