Bainfidh ‘Fuiseog na bPréachán’ gáire agus deoir asat

Saothar greanntraigéide sa mhúnla céanna le 'Ed Wood' é 'Florence Foster Jenkins' agus cé go dtéann sé thar fóir ar uairibh, bainfear súp as

Florence Foster Jenkins

Florence Foster Jenkins
Stiúrthóir: Stephen Frears
Cliar: Meryl Streep, Hugh Grant, Simon Helberg, Rebecca Ferguson, David Haig

Tá Florence Foster Jenkins sa Táin mar an t-amhránaí uafásach is fearr a bhí riamh ann. Tá éileamh go dtí an lá atá inniu ann ar an gceirnín a dhein sí a thaifeadadh i 1944 agus is cuid lárnach de stair an cheoil i Nua-Eabhrac an taispeántas a thug sí uaithi i Carnegie Hall an bhliain chéanna. 

Bean í a bhí bodhar ar an gceol, ach ní préachán a chuala sí féin ach fuiseog. Guth a thug ardú meanman di féin agus dar léi, do gach n-aon a bhí in aon ghaobhar di. 

Féileacán sóisialta agus carachtar ar leithligh ba ea Florence, í gafa leis an gceol, ceapairí agus sailéad prátaí. Í  á cniogadh ag an ngallbholgach (a bhuíochas dá céad fhear céile) ach a rachmas siúd aici le pátrúnacht a dhéanamh ar lucht ceoil.

Ní fhéadfá gan Meryl Streep a earcú le tabhairt faoina leithéid de ról agus mar is dual di téann sí go smior is go smúsach sa charachtar.

Is bua iontach é cumas amhránaíochta a bheith agat, ní haon ní suntasach é guth préacháin a bheith ag duine, ach is tallann faoi leith é ligean ort go cumasach, nádúrtha go bhfuil guth préacháin agat. Ní haon nath ag Streep é, áfach. Tá sé chomh maith acu an fichiú ainmniúchán Oscar a thabhairt di anois.

Bhí an radharc ina dtosaíonn sí ag canadh dúinne agus don phianódóir óg Cosme (Helberg) den chéad uair ar fheabhas. A bhéal ar leathadh ag Cosme bocht agus ná feadar sé cad ba cheart dó a dhéanamh, a fear céile tacúil St Clair (Grant) ag iarraidh guaim a choimeád ar rudaí agus an traenálaí gutha (Haig) ag geáitsíocht ar a dhícheall. An rud ar fad greannmhar agus truamhéalach. Go deimhin is iad na mothúcháin agus na tréithe céanna a luafainn leis an saothar ar fad.

Is é an gáire faiteach agus briathra milse atá ag compánaigh agus lucht aitheantais di. Corc curtha ag a cuid airgid iontu. Gean acu uirthi mar sin féin. Canathaobh ná beadh. Ní fheadar an dtuigeann sí ina croí istigh an bréagmholadh agus an bréagchairdeas? Sinn in amhras  gurb iad pinginí an chéad fhir a choimeádann srathar ar an darna fear, cé nach gcoimeádann siad in aon leaba léi é. Tá bean luí aige in árasán eile agus is ann a chodlaíonn sé. In ainneoin an aitis cuirtear abhaile orainn diaidh ar ndiaidh go bhfuil grá thar na bearta idir Florence agus St Clair.

Is é an comhrá le Cosme ina árasán beag salach is mó a thugann léargas uirthi. Í ag cur síos go macánta ar an gcumas seinnte ceoil a bhí aici i ndáiríre sular chloígh an ghallbholgach é.

Éiríonn le Streep carachtar atá páistiúil ach tíoránach, geanúil ach ciaptha a chruthú. Tugann Grant ceann de na taispeántais is fearr uaidh le tamall. Ba é About a Boy (2002) an babhta deireanach a raibh an oiread sin téagair ina charachtar agus a thaispeántas.

Saothar greanntraigéide é seo sa mhúnla céanna le Ed Wood (1994). Cé go dtéann sé thar fóir ar uairibh, an cheolchoirm i halla Carnegie ach go háirithe, bainfidh an táirge seo gáire agus deoir asat. 

Fág freagra ar 'Bainfidh ‘Fuiseog na bPréachán’ gáire agus deoir asat'