Fuíoll na bhfuíoll i gCiarraí, Seanie Johnston ina spreagadh ag Contae an Chabháin agus a raibh le foghlaim ón tsraith

Seanie Johnston ag stiúradh an Chabháin i dtreo Roinn 1, fuíoll na bhfuíoll ag Ciarraí i lár na páirce, An Dún ag iarraidh mallacht na hIarmhí a sheachaint agus Cill Dara ag dul sa treo ceart arís

Seanie Johnston, atá ar ais ag imir don Chabhán. INPHO/James Crombie
Seanie Johnston, atá ar ais ag imir don Chabhán. INPHO/James Crombie

Seanie Johnston ag stiúradh an Chabháin i dtreo Roinn 1

Nuair a thug Joe Brolly ‘an Galar Dubh’ ar an gCabhán cúpla bliain ó shin, is ag tabhairt amach faoin stíl chosantach a bhí in úsáid acu a bhí sé. I rith na sraithe anuraidh, níor aimsigh foireann Terry Hyland ach cúl amháin i seacht gcluiche, agus gan acu ach 13 cúilín in aghaidh an chluiche ar an meán.

I mbliana tá siad i measc na bhfoirne is mó a bhfuil scóráil déanta acu sa tsraith. Níl ráta scórála níos airde ach ag Loch Garman (111 pointe), Ros Comáin (110) agus Doire (110). 107 pointe atá aimsithe ag an gCabhán agus seacht mbabhta imeartha. Níl an déine sin sa chosaint caite in aer acu ach an oiread agus níl ach sé fhoireann a bhfuil níos lú géillte acu ná an 75 pointe atá scóráilte i gcoinne an Chabháin.

Is mór an tionchar a bhí ag filleadh Sheanie Johnston ar an dul chun cinn seo i measc na dtosaithe agus 3-15 aimsithe aige le ceithre chluiche anuas. Fad is nach gcailleann siad a gcluiche deireanach in aghaidh na Gaillimhe an Domhnach seo chugainn, beidh áit bainte amach ag an gCabhán i Roinn 1 den chéad uair le breis is deich mbliana.

Imreoir Chiarraí, Kieran Donaghy. INPHO/Cathal Noonan
Imreoir Chiarraí, Kieran Donaghy. INPHO/Cathal Noonan

Fuíoll na bhfuíoll ag Ciarraí i lár na páirce

I ndiaidh a mbua in aghaidh Mhuineacháin ar an Domhnach, dúirt bainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice faoi Kieran Donaghy go raibh sé chomh haclaí faoi láthair is a bhí sé ó thosaigh sé ag imirt do Chiarraí. D’imir Donaghy i lár na páirce le ceithre chluiche anuas, ceithre chluiche a bhuaigh Ciarraí, agus cé go mbeidh Fitzmaurice buíoch go bhfuil an fear mór i mbarr a réime, ní ionad é lár na páirce a bhfuil ganntanas imreoirí ann ar an mbainisteoir.

Taobh le Donaghy Dé Domhnaigh bhí David Moran, fear a fuair All Star in 2014 agus a bhfuil sárthaispeántais tugtha aige don chontae le dhá bhliain anuas. Beirt eile nach raibh ag imirt in aghaidh Mhuineacháin ná Anthony Maher, a bhuaigh All Star anuraidh, agus captaen na foirne agus All Star eile Bryan Sheehan, fear a d’imir i lár na páirce sna trí bhua sraithe roimh an Domhnach.

Nuair a chuirtear Tommy Walsh agus Johnny Buckley san áireamh chomh maith, tá fuíoll na bhfuíoll ag Ciarraí i lár na páirce. Tá an buntáiste ag Fitzmaurice go bhfuil na himreoirí sin ar fad, seachas Maher, in ann imirt i measc na dtosaithe ach ó tá leithéidí Paul Geaney fillte agus James O’Donoghue fós le filleadh, níl an oiread sin áiteanna ar fáil i measc na dtosaithe ach an oiread, go háirithe agus ról nua tugtha do Paul Murphy ar an líne daichead slat.

Cosantóir an Dúin, Ryan Boyle. INPHO/Ryan Byrne
Cosantóir an Dúin, Ryan Boyle. INPHO/Ryan Byrne

An Dún ag iarraidh mallacht na hIarmhí a sheachaint

Agus a gcluiche in aghaidh Chorcaí caillte acu ag an deireadh seachtaine, deimhníodh go mbeadh an Dún ar ais ag imirt i Roinn 2 an bhliain seo chugainn. Agus gach cluiche caillte acu go dtí seo, mura n-éiríonn leo bua nó comhscór a fháil in aghaidh Mhaigh Eo an tseachtain seo chugainn, folamh a bheidh siad ag fágáil slán le Roinn 1 agus gan oiread agus pointe amháin buaite acu, mar a tharla i gcás na hIarmhí in 2009 agus 2014.

Cé gur údar náire a bheadh ina leithéid, beidh an Dún ag iarraidh an fáinne fí a lean an Iarmhí i ndiaidh na bhfeachtas sin a sheachaint. In 2010 agus in 2015, sna blianta tar éis a ndíbeartha ó Roinn 1, ba léir nár tháinig an Iarmhí chucu féin. Ísliú céime go dtí Roinn 3 a bhí i ndán dóibh an dá bhliain áirithe sin agus tá siad i mbaol a ndíbeartha ón roinn sin i mbliana.

Agus feachtas crua i gCúige Uladh le teacht, ba chun leas an Dúin a bheadh sé an bua a fháil ina gcluiche deireanach ach má chailleann siad, tá sé éasca dul le fána, mar a léirigh an Iarmhí.

Bainisteoir nua Chill Dara, Cian O'Neill. INPHO/Cathal Noonan
Bainisteoir nua Chill Dara, Cian O’Neill. INPHO/Cathal Noonan

Cill Dara ag dul sa treo ceart arís

Foireann eile atá anois i Roinn 3 tar éis dóibh an t-ísliú céime a fháil dhá bhliain as a chéile, Cill Dara. Murab ionann agus an Iarmhí, tá an chuid is measa den aistear curtha díobh acu faoi dheireadh agus ardú céime go dtí Roinn 2 bainte amach acu.

D’íoc an t-iarbhainisteoir Jason Ryan as na drochfheachtais sin agus tá Cian O’Neill tagtha isteach ina áit. Bhí cáil ar O’Neill agus é mar chuid d’fhoireann bainistíochta Éamonn Fitzmaurice le Ciarraí agus, cé gur buntáiste dó gur leithéidí Luimnigh agus Uíbh Fhailí atá á n-imirt faoi láthair ag a fhoireann, tá deireadh curtha ag O’Neill leis an meath ina chontae dúchais.

Mar a thaispeáin Ard Mhacha agus Ros Comáin anuraidh, ní gá go gciallódh taispeántais mhaithe sa tsraith go mbeadh feachtas maith ag foireann sa chraobh ach, ar a laghad, beidh lucht leanúna Chill Dara buíoch go bhfuil siad ag dul sa treo ceart arís.

Fág freagra ar 'Fuíoll na bhfuíoll i gCiarraí, Seanie Johnston ina spreagadh ag Contae an Chabháin agus a raibh le foghlaim ón tsraith'