‘Fuair mé bás ar meisce idir dhá leathbhairille leanna le linn an Aifrinn’ – An Claidheamh Soluis, 26 Lúnasa 1916

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

CSolais 260816

Lúnasa 26, 1916                               An Claidheamh                               11

Scríbhinní an Oireachtais

Scéalta Sprideanna

Tomás Ó Curráin, Baile na nGall, a bhailigh

Bhíodh sprid á taispeáint féin idir Cnoc an Phaoraigh agus Coilligeán agus í ag déanamh go leor díobhála do dhaoine a bhíodh déanach ag teacht ó bhailte móra. Chuaigh duine ó Chnoc an Phaoraigh go Dún Garbhán uair, faoi dhéin sagairt chun ola a chur ar fhear a bhí i mbaol báis. Bhí sé a naoi a chlog san oíche nuair a shroich an sagart an teach ina raibh an fear tinn. “Ní maith liom,” arsa an sagart le muintir an tí, “dul abhaile i m’aonar. An bhfuil aon gharsún agaibh a chuirfeadh sibh liom?” “Is dóigh liom, a athair,” ar fear an tí, “go bhfuil sé i dtigh ansin amuigh, mar bíonn cártaí á n-imirt acu ann.” “Glaofaidh mé isteach air,” arsa an sagart. Chuaigh teachtaire amach ag glaoch ar an ngarsún. Ag suaitheadh na gcártaí a bhí an garsún nuair a fuair sé an glaoch. Ní dhearna sé ach na cártaí a bhualadh ina chéile agus iad a chur ina phóca, mar shíl sé nach mbeadh sé nóiméad. “Cad é an gnó atá agaibh díom,” ar seisean nuair a tháinig sé isteach. “Caithfidh tú dul abhaile leis an sagart go Dún Garbhán,” arsa an máistir leis. “Ní rachaidh mise leis,” ar an garsún. “Cad é an chúis,” ar an sagart. “Mar tá sprid á feiceáil ina leithéid d’áit agus mharódh sí sinn.” “Nár chóir,” ar an sagart, “nuair a táimse i d’fhochair nach mbeadh aon eagla ort?” “Mharódh sí siúd na céadta againn,” ar an garsún. “B’fhéidir,” ar an sagart, go mbeadh sé ceart againn sinn féin a chur i gcóir di. An bhfuil aon choinneal bheannaithe istigh agaibh?” “Tá, a athair,” ar iadsan. Fuair sé dhá choinneal agus chuir ceann i ngach póca dá chasóg mhór. Capall diallaite a bhí acu chun iad a bhreith abhaile. “Téigh thusa ar marcaíocht taobh thiar díomsa anois,” ar an sagart leis an mbuachaill. “Agus más luaithe a fheicfidh tusa í ná mise inis domsa é.”

D’imigh siad leo in ainm Dé chun bóthair agus nuair a chuaigh siad go dtí an áit ar ghnách le gach éinne í a fheiceáil, d’airigh an garsún glór sna slabhraí. “Airím glór, a athair,” ar sé. “An dóigh leat,” ar an sagart, “an bhfuil an glór i bhfad uainn?” “Níl sé ach timpeall cúig nó sé rámhainn  romhainn,” ar an garsún. “An bhfeiceann tú fós í?” ar an sagart arís. “Feicim,” ar an garsún. “Beir ar choinneal i ngach lámh leat anois,” ar an sagart. Rug agus las siad na coinnle. “Cá bhfuil sí anois?” ar an sagart. “Tá sí imithe sa bhóithrín gairid sin síos.” “Leanfaimid í,” ar an sagart. “Ó Dia le m’anam is Críost! Ná lean ar aon chor í,” ar an buachaill agus uafás ina chroí air. “Ná bíodh aon eagla ar aon chor ort, a gharsúin,” ar an sagart; “Leanfaidh mé í.” Lean sé ina diaidh go ndeachaigh siad síos go dtí macha beag a bhí ann, agus teach fásaigh ansin. “An bhfeiceann tú anois í?” ar an sagart. “Siúd í thall ag an doras í,” ar an buachaill. “Bainfidh mé caint aisti,” ar an sagart. “Cad a dhamnaigh tú?” ar sé léi. “Bhínn ag cur uisce sa bhainne agus mé ag cur daor ar na daoine.” “Níor dhamnaigh sin thú. Ach cad é an rud eile a rinne tú?” “Bhínn ag bualadh m’athar agus mo mháthar,” ar sise. “Ní hé sin a dhamnaigh thú,” ar an sagart. “Mharaigh mé leanbh gan baisteadh,” ar sise. “Chuaigh sin gairid go leor do do dhamnú,” ar an sagart, “ach ní hé a dhamnaigh thú.” “Fuair mé bás ar meisce idir dhá leathbhairille leanna le linn an Aifrinn.” “Sin é a dhamnaigh thú,” ar an sagart. “Agus cuirfidh mise i bhfad as seo thú.” “Cá gcuirfidh tú mé?” ar sise. “Cuirfidh mé i lár na farraige tú,” ar an sagart. “Beidh mise ag bá na n-árthach,” ar sise. “Cuirfidh mise sa mhuir dhearg thú,” ar an sagart, “ar do bhéal is ar d’aghaidh ag déanamh súgán den ghaineamh go lá brátha.” “Mharóinn an garsún do d’ainneoin,” ar sise, “mura mbeadh an rud atá ina phóca aige.” “Ní mharófá,” ar an sagart, “ná ní mharófá éinne eile go brách arís.” Lig sí scread agus bhain sí macalla amach as Sléibhte an Chomaraigh a airíodh sa Domhan Thoir agus le linn na huaire sin d’imigh sí ina caor lasrach sa spéir uachtarach. Ní dhearna sí a thuilleadh díobhála as sin amach.

“Cad a bhí i do phóca agat?” ar an sagart leis an ngarsún ina dhiaidh sin. Bhí náire ar an ngarsún a insint don sagart gurbh iad na cártaí ach mar sin féin d’inis sé dó é. “Ó, is cuma sin,” ar seisean. “Bhí an cros ar iompar agat gan amhras,” ar seisean (.i. an cárta triuf, mar is cosúil le cros an triuf).

Fág freagra ar '‘Fuair mé bás ar meisce idir dhá leathbhairille leanna le linn an Aifrinn’ – An Claidheamh Soluis, 26 Lúnasa 1916'