FUAIM: ‘Tarraing a bhastairt!’ – idir cheol agus Ghaolainn ag Glen Hansard ar an ‘Saol ó Dheas’

Tá an ceoltóir a bhfuil Oscar buaite aige ina bhall de chriú naomhóige atá ag déanamh ‘Camino na Sáile’ agus ar an ‘Saol Ó Dheas’ ar RnaG inné dúirt sé ‘Óró mo Bháidín’ ar líne teileafóin ó Cantabria na Spáinne

CjuPOJcW0AEkpkB
Pictiúr: Twitter @saolodheas

Bhí féirín beag Bealtaine ag fanacht leo siúd a thug cluas don Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné agus an t-amhránaí aitheanta, Glen Hansard, ag rá ‘Óró mo Bháidín’ ar líne theileafóin ó Castro Urdiales ar chósta Cantabria na Spáinne.

Tá Hansard, amhránaí a bhfuil Oscar buaite aige, ag déanamh ionadaíochta ar Bhreandán Pháid Ó Muircheartaigh, saor cloiche ó Sheanachoill i gCorca Dhuibhne, ball de chriú naomhóige an Naomh Gobnait a bhfuil trí bhiaiste samhraidh as a chéile caite acu i mbun ‘Camino na Sáile’ ó Gheata San Séamus, cois Life, go Santiago de Compostella sa Spáinn.

I mí Bealtaine 2014 a cuireadh tús leis an camino nuair a thug Danny Mac an tSíthigh, file agus údar ó Bhaile Eaglaise, Baile an Fheirtéaraigh, agus a thriúr compánach, an ceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich, an t-ealaíontóir Liam Holden, ó Chill Chainnigh ó dhúchas, agus an Muircheartach faoin aistear farraige a bhfuil sé mar aidhm leis nasc a dhéanamh idir pobail Cheilteacha na hEorpa.

Tar éis dóibh Muir Éireann agus cóstaí na Breataine Bige agus na Coirne a chur dóibh, an taca seo dhá bhliain ó shin, fuaireadar tionlacan ón mbád ‘Ar Seachrán’ fé stiúir an taiscéalaí, Paddy Barry, trasna Mhuir nIocht chun na Briotáine.   

CjoMsEFWgAAFE5C
Pictiúr: Twitter/@saolodheas

Cuireadh an Naomh Gobnait, naomhóg thraidisiúnta de dhéanamh Chorca Dhuibhne, i gcoimeád laistigh ar feadh bliana in Douarnenez na Briotáine nó go dtugadh faoin dara cuid den aistear mara fá chósta na Fraince an taca seo anuraidh.

Ba in iarsmalann mara, Albaola Faktoria Maritime Basque, i Pasaia, Tír na mBascach, a thug an Naomh Gobnait an geimhreadh anuraidh nó go dtugadh faoin 700 ciliméadar deireanach go Santiago ar an 23 Bealtaine.

De bharr cúrsaí oibre, ní raibh ar chumas Bhreandáin Pháid Uí Mhuircheartaigh an chéad chuid den aistear a dhéanamh lena leathbhádóirí agus, dá réir, fuair Glen Hansard cuireadh ón gcriú luí isteach leo.

Is léir óna chuid tvuíteanna go bhfuil fear Bhaile Muna ag baint an-sult as an gcomhluadar agus as an aistear agus é curtha mar dhúshlán ag Helen Ní Shé, láithreoir an Saol ó Dheas, ar chriú an Naomh Gobnait, coraí cainte dúchasacha Duibhneacha a mhúineadh d’fhear na hardchathrach.

Nuair a labhair sé leis an Saol ó Dheas ó Lekeitio i dTír na mBascach an tseachtain seo caite bhí ‘tarraing a bhastairt!’ tugtha leis ag Hansard ó achainíocha, mallachtaí agus bagairtí Bhreandáin Uí Bheaglaoich, ach nuair a bhíodar buailte le cé ag Castro Urdiales inné, bhí aga acu beirt leagan an-bhreá ‘d’Óró mo Bháidín’ a thabhairt uathu.

Tabharfaidh criú an Naomh Gobnait, nó ‘Naomhóg na Tinte’ mar atá baiste ar an Saol ó Dheas uirthi, an bhiaiste ag sá rompu ar fharraigí deoranta agus iad ag dul ó chaladh go caladh mar a mbíonn na múrtha fáilte rompu i ngach áit dá gcuireann siad cois i dtír. Deir an Sítheach, go bhfuil an t-aistear ag múineadh rud éigin nua dóibh gach aon lá agus tuiscint níos fearr aige féin ar Navigatio Sancti Brendani Abbatis (Iomramh Bhréanainn) dá bharr.

Fág freagra ar 'FUAIM: ‘Tarraing a bhastairt!’ – idir cheol agus Ghaolainn ag Glen Hansard ar an ‘Saol ó Dheas’'

  • padraig

    Gaibh agam ach nil aon chuma ‘thraidisiunta’ uirthi sin mar arthach!

  • padraig

    agus gach aon ghloine diugtha go bun acu….’ce ata ag seasamh a leaideanna?’

  • padraig

    Theastódh tionlacan naoimh uathu sa raingléis sin!

  • padraig

    …….agus an t-inneall bainte amach aisti?

  • padraig

    nach taobh an chlebhoird is ceart an garda a chur?

  • padraig

    taid ar an bpaiste ceanna riamh o shin…….na nil aon fharraige a dheanamh acu ach iad sna startaibh sa tigh tabhairne

  • padraig

    treaslaim a saothar oilithreachta o thalamh is o mhuir leo, ar mh’anam.