FUAIM: Racht raidió faoi ‘pixie language’ ar cheart ligean di bás a fháil á bhreithniú ag Conradh na Gaeilge

Craoladh mír chonspóideach faoin nGaeilge ar an gclár cainte Dublin Talks With Adrian & Jeremy ar 98fm inné

FUAIM: Racht raidió faoi ‘pixie language’ ar cheart ligean di bás a fháil á bhreithniú ag Conradh na Gaeilge

Tá mír faoi cheist na Gaeilge a craoladh ar an stáisiún 98fm inné á bhreithniú ag Conradh na Gaeilge féachaint ar cheart gearán a dhéanamh fúithi faoi Chód an BAI.

Craoladh an mhír faoin nGaeilge ar an gclár cainte Dublin Talks With Adrian & Jeremy.

Ba iad tuairimí Jeremy Dixon faoin nGaeilge, a chuireann an clár i láthair le Adrian Kennedy, ba mhó a tharraing aird ar an mír.

Thug lucht déanta an chláir le fios ar a leathanach Facebook go raibh eagraíocht teanga amháin ag iarraidh orthu ‘leithscéal’ a ghabháil faoin méid a dúradh le linn na míre faoi chinneadh Bhanc na hÉireann deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar a ATMannna.

“I don’t want my child learning Irish in School….. It’s also time to scrap road signs in Irish AND English… It’s a waste of time”

Those are the comments made on 98FM this morning. One group promoting the Irish language have called for us to make an apology. Were the comments offensive?” a d’fhiafraigh lucht Dublin Talks ar a leathanach Facebook.

Dúirt Jeremy Dixon le linn an chláir go raibh an Ghaeilge ‘marbh’ agus, i ráiteas eile a tháinig salach ar an méid sin, dúirt sé gur mhaith leis go bhfaigheadh an Ghaeilge ‘bás’.

Thug sé teanga na ‘pixies’ ar an nGaeilge chomh maith agus mhaígh sé gur cur amú ama a bhí i bhfoghlaim na teanga agus go gcinnteodh sé nach mbeadh ar a mhac féin í a fhoghlaim ach a dtosódh sé sa bhunscoil.

Cheistigh Adrian Kennedy go leor de na háitimh a rinne a chomhláithreoir faoin teanga ach níor chuir sé Dixon dá bhuille agus lean sé lena racht faoin teanga, faoin gcóras oideachais agus faoi thuismitheoirí a chuireann a leanaí chuig Gaelscoileanna.

Fág freagra ar 'FUAIM: Racht raidió faoi ‘pixie language’ ar cheart ligean di bás a fháil á bhreithniú ag Conradh na Gaeilge'

  • Scott De Buitléir

    Duine aineolach eile ar fhíorstádas na teanga. B’fhearr dó diospóireacht cheart a bheith aige le saineolaí (nó gnáth-Ghaeilgeoir, b’fhéidir) mar ba chosúil nach raibh aon smacht ag Adrian Kennedy air.

  • Gerry Sóna

    An bhfuil gaol aige le Kevin Myers?? Ta cead aige an tír seo a fhágail am ar bith muna bhfuil sé abalta cur suas leis na duchasaigh.

  • Eoghan ONeill

    Sin ag dearcadh atá forleathan ag Anglos i leith na gaeilge agus is amhlaidh a bhfuil sé ag lucht tacaíochta Trumpa thall i leith na Latinos. Ní bheidh faoiseamh acu go dtí go go gcaithfimid an ghaeilig i leataobh agus go géillfimid don máistir-chultúr. Ach, táid ann nár gheill ariamh – no pasarán!

  • Bernie

    millteanach ar fad

  • Mánus

    Tá baint ag an coparáidiú a rinne an Stáitín bradach ar phobal agus acmhainní phoiblí an Deiscirt leis an binbeacht nua atá i measc na Seoiníní. “We’re the Only English speaking country in the EU and can we so attract the multinationals!” an mana síoraí atá ag IBEC IDA agus rialtas FFFG. Is lingua franca anois í an Béarla san Éirinn nua uilteangach seo agus ní maith leis na Seoiníní é sin toisc nach bhfuil acu ach Béarla. Cuireann siad ina luí ar inimirceoirí go bhfuil an Ghaeilge marbh.

  • Art

    Way leat go Sasana a bhuachaill ach is fíor é an rud a dúirt sé faoi TG4, Is fuath liom TG4 mar atá sé anois. Agus cén fáth go bhfuil RTÉ Radio 2 ar an saol fós, Cén fáth nach bhfuil Raidió an Cheoil nó RnaG 2 (Raidió le Banda Éireannach ar fad 33% Béarla 33 Gaeilge 33 Ceol Amháin) ina ait. Tá mórán obair le déanamh.