FUAIM: Mearbhall ar Katie Price faoin difear idir an Ghaeilge agus Béarla na hÉireann

Bhí ‘Jordan’, mar a bhíodh aithne uirthi, ar chlár raidió Kathryn Thomas inniu agus bean Shasana ar bís cúpla focal ‘i nGaeilge’ a rá roimh dheireadh an agallaimh

FUAIM: Mearbhall ar Katie Price faoin difear idir an Ghaeilge agus Béarla na hÉireann

D’fhógair an mainicín agus pearsa teilifíse mór le rá Katie Price go raibh sí chun Gaeilge a labhairt ar RTÉ Radio One inniu, ach is léir go bhfuil mearbhall beag uirthi faoin difríocht idir canúint agus teanga.

Bhí Katie Price, nó ‘Jordan’ mar a bhíodh aithne uirthi, ar chlár Kathryn Thomas inniu agus bean Shasana ar bís cúpla focal ‘i nGaeilge’ a rá roimh dheireadh an agallaimh.

Agus slán á fhágáil ag an láithreoir léi, d’iarr Price cead “something in Irish” a rá. Dúirt Thomas léi “coinneáil uirthi” ach ba léir go raibh iontas ar an láithreoir nuair ba i mBéarla le tuin aisteach chainte a labhair Price tar éis di machnamh a dhéanamh ar an scéal.

“Good morning!” a dúirt Price ar an gclár tráthnóna, agus nuair a rinne Thomas gáire faoin méid sin, cheartaigh Price í féin agus dúirt “good afternoon! I’m from Ireland!”.

Kathryn-Thomas-in-studio
Kathryn Thomas

Ghéill Price féin gur iarracht lag a bhí ann.

“That was useless, I’m so rubbish at accents,” a dúirt sí.

Dúirt an láithreoir gur leor sin agus gur shíl sí gur Gaeilge a labhródh Price.

Cuireadh agallamh ar Price faoina clár nua teilifíse Katie Price’s Pony Club, agus dar le Thomas is fearr an clár ná cumas an mhainicín ag aithris ar chanúintí.

Fág freagra ar 'FUAIM: Mearbhall ar Katie Price faoin difear idir an Ghaeilge agus Béarla na hÉireann'

  • Pól Réamonn

    Ón tír a vótáladh don #Bhreatimeacht

  • Pól Ó Braoin

    Dochreidte am méid daoine ó thíortha mar Shasana a cheapann gurb ionann canúint a chur orthu féin agus ‘Irish’ a labhairt… níl a fhios agam an dímheas atá ann nó easpa oideachais nó iarraidh a dhéanamh rud eicint a thaispeáint é an beag is fiú sin a dhéantar dár dteanga.

  • JoeyJoeJoe

    Tá sibh le moladh as an an obair a dhéanann sibh ar an suíomh seo go ginearálta, ach ní nuacht é seo. Ní thuigim cén fáth go gceapann sibh gur ábhar nuachta a bhíonn ann gach uair a deir duine ó thír éigin eile/daoine cáiliúla rud éigin, maith nó olc, faoin Ghaeilge. Ní dóigh liom go bhfeicfeá a leithéid le teanga ar bith eile. Tuigim gur mionteanga í an Ghaeilge, ach measaim gur léiriú é ar an dearcadh atá againn inár leith féin nuair a cheaptar gur fiú scéal nuachta a dhéanamh de chúpla focal Gaeilge a bheith i tweet de chuid U2, nó aisteoir cáiliúil éigin, nó a leithéid.