FUAIM: Éist anseo le leagan Gaeilge de Hallelujah le Leonard Cohen

Éist anseo le ceann de mhóramhrán Leonard Cohen le Hilary Bow, Liam Ó Maonlaí agus an Brad Pitt Light Orchestra. Bhí an leagan Gaeilge seo de Hallelujah mar chuid de 'Túr na nAmhrán, tionscnamh Leonard Cohen IMRAM

FUAIM: Éist anseo le leagan Gaeilge de Hallelujah le Leonard Cohen

Hallelujah

Do chuala mé faoin gcorda rúin

A sheinn Dáiví is é i dtiúin

Ach níl an oiread spéis’ i gceol agatsa

Mar seo a théann

Le sians is séan

Is leath an ceol i bhfad i gcéin

An rí is é ag cumadh Hallelujah

Hallelujah, Hallelujah

Hallelujah, Hallelujah

Do chreideamh teann agus d’anam íon

Is í sa bhfolcadh ar an díon

Do chuir a háilleacht mearbhall ort is ionadh

Do cheangail sí de chathoir thú

Is briseadh thú, a Dháiví ariú

Is ó do bheoladh mealladh Hallelujah

Hallelujah, Hallelujah

Hallelujah, Hallelujah

Ar thugas-sa an t-ainm gan fáth

Cén t-ainm sin a mhíle grá

Má thugas féin, bhuel aba-ababúna!

Tá léaró solais i ngach aon dán

An rud ’tá folamh tá sé lán

Más briste nó a mhalairt – Hallelujah

Hallelujah, Hallelujah

Hallelujah, Hallelujah

Mo dhícheall dheineas dar liom féin

Mothú i gceart cé go rabhas i bpéin

An fhírinne ghlan, ní rabhas ag magadh fútsa

Is bíodh gur tubaisteach mo scéal

Is clos don Tiarna ó mo bhéal

Na siollaí seanda sin, Ó Hallelujah

Hallelujah, Hallelujah

Hallelujah, Hallelujah

Hallelujah, Hallelujah

Hallelujah, Hallelujah

Fág freagra ar 'FUAIM: Éist anseo le leagan Gaeilge de Hallelujah le Leonard Cohen'