FUAIM: Diúltaithe 13 uair ag polaiteoir sinsearach de chuid SF geallúint a thabhairt faoi Acht Teanga

Dhiúltaigh Conor Murphy 13 uair le linn agallamh raidió inniu a rá gur ‘red line issue’ nó bunphrionsabal margála ag a pháirtí í ceist an Achta Teanga

FUAIM: Diúltaithe 13 uair ag polaiteoir sinsearach de chuid SF geallúint a thabhairt faoi Acht Teanga

Dhiúltaigh Conor Murphy, atá ag seasamh do Shinn Féin sa toghchán ó thuaidh, 13 uair le linn agallamh raidió inniu a rá gur ‘red line issue’ nó bunphrionsabal margála ag a pháirtí í ceist an Achta Teanga.

Agus Murphy faoi agallamh ar an gclár The Nolan Show ar BBC Radio Ulster, thug láithreoir an chláir, Stephen Nolan, deis 13 uair dó “geallúint” a thabhairt do lucht vótála nach rachadh Sinn Féin i mbun roinnt na cumhachta leis an DUP d’uireasa geallúint a bheith tugtha go dtabharfaí Acht Teanga isteach.

Dúirt Murphy go bhfuil geallúint tugtha i gComhaontú Chill Rímhin maidir le hAcht Teanga a thabhairt isteach agus go raibh Sinn Féin ar son gach geallúint dá leithéid a chomhlíonadh.

Dúirt sé gur “ceist thábhachtach” nó “key issue” í ceist an Achta Teanga do Shinn Féin, ach dhiúltaigh sé arís agus arís eile a rá nach rachadh Sinn Féin i mbun roinnt na cumhachta leis an DUP d’uireasa geallúint ón bpáirtí sin faoin ábhar seo.

Dúirt ceannaire Shinn Féin ó thuaidh Michelle O’Neill Dé Céadaoin go mbeadh geallúint faoin Acht Gaeilge ina “ceist thábhachtach” in aon chainteanna a bheadh ar bun i ndiaidh thoghchán Stormont na míosa seo chugainn, ach ní raibh sí sásta a rá go gcuirfí margadh leis an DUP ó mhaith d’ uireasa a leithéid de gheallúint.

Tá ceist an Achta Gaeilge ina cnámh spairne agus an feachtas toghcháin faoi lán seoil ó thuaidh. Tá ráite go soiléir ag Arlene Foster, ceannaire an DUP, nach nglacfaidh a páirtí choíche le hAcht Gaeilge. Chuir sí Sinn Féin i gcomparáid le crogaill nach bhféadfaí a shásamh agus í ag tagairt d’éileamh an pháirtí phoblachtánaigh ar an Acht.

Rinne Tuairisc.ie iarracht ceithre huaire an tseachtain seo caite deimhniú a fháil ón bpáirtí faoin gceist seo, ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin.

Agus lá na vótála ag druidim linn, tá an t-éileamh ar Acht Gaeilge á chur chun cinn ag iarrthóirí toghcháin Shinn Féin ar na meáin shóisialta agus ag ócáidí feachtais. D’eagraigh an t-iarAire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir, cruinniú poiblí i mBéal Feirste tráthnóna Dé Luain le cúrsaí Gaeilge a phlé.

Tá ráite ag Ó Muilleoir, atá ag seasamh do thoghchán Stormont i mBéal Feirste go gcaithfidh Rialtas na Breataine a chuid dualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. Ag labhairt dó ag cruinniú a bhí ag Airí Airgeadais na Breataine agus na hÉireann, dúirt Ó Muilleoir go raibh ról ag Státchiste na Breataine i gcur i bhfeidhm na ngealltanas sin freisin.

 

Fág freagra ar 'FUAIM: Diúltaithe 13 uair ag polaiteoir sinsearach de chuid SF geallúint a thabhairt faoi Acht Teanga'

  • Puililiú!

    Ní cúis iontais ar bith domsa é seo.

    Sinn Féin — dream a dhiúltaíonn dul go Westminster, go teach na parlaiminte i Sasana, ach nach miste leo dul isteach i dteach na parlaiminte i mBaile Átha Cliath agus a ngnó a dhéanamh i mBéarla i.e. i Sasanais. Ba mbíodh an deoir bheag is lú féin d’fhuil Ghaelach iontu, ba lú d’easonóir leo bheith ag Sasanaiseoireacht i Sasana ná bheith ag Sasanaiseoireacht in Éirinn. Ach mar a dúirt an Griannach Mór: ‘Ní thuigeann muid in Éirinn ceisteanna a thuigfeadh tachrán i dtír a bheadh saor.’ Nó, is cinnte nach dtuigeann Sinn Féin.

    Ba é an deilín a bhí acu le lucht na Gaeilge, riamh: ‘We’ll get the house – we’ll let you decorate it’ (Gheobhaidh muidne an teach daoibh – chead agaibhse é a mhaisiú’). Féach nár éirigh leo an teach a fháil go fóill, d’ainneoin a gcuid sotail. Agus ní éireoidh leo ach oiread mura n-athróidh siad a ndearcadh – óir ní bhronntar teach ar dhream atá chomh neamartach agus nach mbacann siad leis an bhóthóg atá acu cheana a ghlanadh agus a mhaisiú.

  • PadaíPhadaíPhadaí

    Bhronn beirt ionadaithe ó Shinn Féin bileog ghalanta orm ag an doras. Bileog shnásta ioldáite a raibh ocht dteanga uirthi, roinnt acu nar aithin mé fiú. Foilsithe i mBÁC, curtha i gcló i gCo Lú a bhí sí. Ar an drochuair ní raibh An Ghaeilge ar cheann de na teangacha sin.