FUAIM: ‘Cur i gcéill ag gach leibhéal den státchóras faoin nGaeilge’ – iar-státseirbhíseach i Roinn na Gaeltachta

Tá ráite ag Bertie Ó hAinmhire, iar-státseirbhíseach sinsearach i Roinn na Gaeltachta a d’éirigh as le déanaí, go gcothaíonn an cur i gcéill maidir leis an nGaeilge sa státchóras soiniciúlacht a chuireann bac ar dhul chun cinn na teanga

FUAIM: ‘Cur i gcéill ag gach leibhéal den státchóras faoin nGaeilge’ – iar-státseirbhíseach i Roinn na Gaeltachta

Tá an “cur i gcéill ag gach uile leibhéal” ar cheann de na rudaí is mó a chuireann as do dhul chun cinn na Gaeilge, dar le Beirtí Ó hAinmhire, iar-státseirbhíseach sinsearach i Roinn na Gaeltachta.

Dúirt Ó hAinmhire, a d’éirigh as a chúram an samhradh seo, an méid sin agus é faoi agallamh ag ar an eagrán is déanaí den chlár cúrsaí reatha An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Mhothaigh mé go minic go pearsanta gurb é ceann de na rudaí ba mhó a chuir as don teanga, ag breathnú siar air, ná cur i gcéill, cur i gcéill ag gach leibhéal, cur i gcéill ag leibhéal an rialtais, cur i gcéill ag leibhéal na polaitíochta, cur i gcéill ag leibhéal stáit, ag leibhéal státseirbhísigh agus mar sin de.

“Cruthaíonn cur i gcéill soiniciúlacht agus má tá tú soiniciúil faoi rud éicint, níl tú chun dul chun cinn a dhéanamh leis,” a dúirt an t-iar-phríomhoifigeach a thug os cionn 20 bliain ag obair i Roinn na Gaeltachta.

Dúirt Ó hAinmhire chomh maith go bhfuil “dúshlán ollmhór” roimh an bpróiseas pleanála teanga agus go mbeadh fuar aige mura mbeadh “úinéireacht” ag an bpobal uile ar an bpróiseas.

Agus é ag labhairt faoina chuid oibre mar dhuine a bhí ag plé go mion le cúrsaí teanga agus cúrsaí Gaeltachta, dúirt Ó hAinmhire nach raibh sé “éasca” agus gur minic a bhíonn ar státseirbhíseach “dul in aghaidh” rudaí agus é ag caint faoin teanga.

Dúirt sé go bhfuil a fhios ag gach duine nach bhfuil sé éasca gnó a dhéanamh leis an stát i nGaeilge, “fiú sa Ghaeltacht”, agus go gcaithfeadh “paisean” a bheith ag duine don teanga le haon dul chun cinn a dhéanamh.

Mar sin féin, dúirt sé go raibh “misneach” aige maidir lena bhfuil i ndán don Ghaeilge amach anseo, cé nach bhféadfadh sé a rá an mbeadh sí ina teanga phobail áit ar bith sa tír i gceann deich mbliana.

“Mar dhuine atá ina chónaí sa Ghaeltacht, tá misneach agam. Cloisim an Ghaeilge timpeall orm anseo ag go leor daoine óga. Deirtear liom nach mar sin atá sé in áiteanna eile, ach tá garghasúir agam agus cloisim go leor daoine ag úsáid an teanga agus tugann sé go leor misnigh dom.

“Is ceist an-deacair í. Feictear dom go mbeidh an Ghaeilge ann, níl aon amhras faoi sin, beidh sí ann inár ndiaidh, ach an mbeidh sí mar theanga iomlán an phobal in aon áit amháin? Sin ceist. Tá gréasáin an-láidir i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath, ach is gréasáin iad — an cheist mhór ná an mbeidh áiteanna sa tír amach anseo a mbeidh an teanga in úsáid iontu mar theanga phobail laethúil?” a dúirt sé.

Mhaígh Ó hAinmhire go bhfuil go leor “dea-thoil” don Ghaeilge taobh istigh den státchóras agus sa tír ar fad trí chéile ach go bhfuil an bac céanna ar dhaoine taobh istigh agus taobh amuigh den chóras. Dúirt sé go gcloiseann sé go minic ó dhaoine ar fud na tíre gur mhaith leo an Ghaeilge a úsáid agus a fhoghlaim, ach nach ndéanann siad an beart. Dúirt sé gur mar sin atá an meon sa státchóras freisin.

Fág freagra ar 'FUAIM: ‘Cur i gcéill ag gach leibhéal den státchóras faoin nGaeilge’ – iar-státseirbhíseach i Roinn na Gaeltachta'

  • Mánus

    Is é an cur i gcéill sa Státchóras an namhad is mó atá ag an Ghaeilge. Tá na heagraíochtaí Ghaeilge ag braith an Stát céanna, faraor. Teastaíonn tuilleadh “whistleblowers” sa Státseirbhís chun patfhuaracht an Stáit agus rialtais FFFG i leith na Gaeilge a léiriú don saol mór.