FUAIM: Ceist ó Bruno Mars – ‘cén Ghaeilge atá ar Ireland, get the fu*k up, let’s dance?’

In agallamh a chraolfar ar RTÉ 2FM tráthnóna, molann an láithreoir Eoghan Mac Diarmada don amhránaí clúiteach cúpla nath cainte Gaeilge a fhoghlaim

FUAIM: Ceist ó Bruno Mars – ‘cén Ghaeilge atá ar Ireland, get the fu*k up, let’s dance?’

Tá spéis curtha ag an gceoltóir Bruno Mars sa Ghaeilge agus fonn air cúpla abairt di a labhairt chun a lucht leanúna a ghríosú nuair a bheidh sé i mbun ceolchoirme in Éirinn.

In agallamh a chraolfar ar RTÉ 2FM tráthnóna, molann an láithreoir Eoghan Mac Diarmada don amhránaí clúiteach cúpla nath cainte Gaeilge a fhoghlaim le go bhféadfadh sé leas a bhaint astu nuair a bheidh sé i mbun ceoil anseo.

Múineann Mac Diarmada an abairt ‘Baile Átha Cliath, conas atá sibh?’ don amhránaí ar dtús agus ina dhiaidh sin fiafraíonn sé de Mars cén abairt Ghaeilge ar mhaith leis féin a fhoghlaim.

“How do I say ‘Ireland, get the fuck up, let’s dance’?” a dúirt Mars, duine de na hamhránaithe is rathúla ar domhan agus cumadóir leithéidí ‘Just the Way You Are’, ‘Grenade’ agus ‘The Lazy Song’.

Bhí Bruno Mars an-tógtha leis an aistriúchán Gaeilge a rinne Mac Diarmada ar a rosc catha.

“Shit, write that down, that sounds intense. That sounds like we’re ready for war, right there!” a dúirt sé.

Beidh agallamh Eoghain Mhic Dhiarmada le Bruno Mars le cloisteáil ar an gclár The Eoghan McDermott Show tráthnóna ag a 4 a chlog.

Idir an dá linn, tá blaiseadh d’iarrachtaí Mars an Ghaeilge a shealbhú le cloisteáil thuas.

Fág freagra ar 'FUAIM: Ceist ó Bruno Mars – ‘cén Ghaeilge atá ar Ireland, get the fu*k up, let’s dance?’'