Fuadach, lámhach agus toircheas gan choinne ar an gclár deireanach den 21ú séasúr de Ros na Rún

Beidh an t-aonú séasúr is fiche de Ros na Rún ag teacht chun críche anocht agus mar is dual don chlár scoir déanfar cinnte go mbeidh an lucht féachana ar tinneall ag a dheireadh

Fuadach, lámhach agus toircheas gan choinne ar an gclár deireanach den 21ú séasúr de Ros na Rún

Beidh an t-aonú séasúr is fiche de Ros na Rún ag teacht chun críche anocht. Beidh fuadach, lámhach agus toircheas nach raibh éinne ag súil leis idir chamáin agus mar is dual don chlár scoir déanfar cinnte go mbeidh an lucht féachana ar tinneall ag a dheireadh.

I ngála na hoíche anocht tá sé i gceist ag an mbithiúnach Anto ionsaí a dhéanamh ar Cholm agus é ar a chroí díchill a chuid airgid a chrochadh leis.

Mar chuid dá ghníomhartha buile fuadóidh sé Mo bhocht. Beidh crith cos agus lámh ar Cholm agus lorgóidh sé cúnamh ón mbleachtaire Eric.

Tiocfaidh siad ar sheift ach, ní nach ionadh, rachaidh, rudaí ar bóiléagar orthu. Ina theannta sin rachaidh Eric in adharca a iarmhná céile agus leis an dlaoi mhullaigh a chur ar chúrsaí déanfar Gráinne agus David a tharraingt isteach sa chúram. Ag an am céanna beidh díospóireacht faoin muileann gaoithe faoi lán seoil agus déanfaidh Tadhg cinneadh a thiocfaidh aniar aduaidh ar gach éinne.

Cé leis a scaoilfear an t-urchar mar sin? An dtiocfaidh sé/sí slán? An dtabharfaidh Anto na cosa leis nó an bhfaighidh a chéilithe comhraic an fear maith air? Tá uisce le fiacla ag lucht leanúna an chláir cheana féin.

Tá bliain chorraitheach go maith curtha isteach ag Ros na Rún. I mí Mheán Fómhair seo caite fágadh slán le Peadar Ó Conghaile (Joe Steve Ó Neachtain). An Nollaig roimhe sin a bhí caoineadh á dhéanamh ar a leathbhádóir, Séamus Mhicil Tom (Diarmuid Mac an Adhastair, trócaire aige). Beirt iad siúd a bhí sa tsraith ón tús agus ag an bpointe seo níl ach seisear ón gcliar bunaidh fós fágtha.

Tá an sobaldráma á fhágáil le huacht ag an gcéad ghlúin eile. 

Fág freagra ar 'Fuadach, lámhach agus toircheas gan choinne ar an gclár deireanach den 21ú séasúr de Ros na Rún'

  • Hiy

    Ana-chumas teangan go leir ag an udar seo ach ni thuigim in ao’chor canathaobh na baineann se (maille lena lan eile)earraiocht as an mbriathar brea ‘cinntigh’ seachas ‘dean cinnte go’.