FRIOTAL 2016: Breatimeacht, Sasamach, an saorbhriathar scriosta agus an Caighdeán neamhdhuibheagánach

Seo eagrán speisialta de cholún Tuairisc.ie faoi théarmaíocht na Gaeilge ina bpléitear cuid d’iontais agus neamhiontais na teanga in 2016

FRIOTAL 2016: Breatimeacht, Sasamach, an saorbhriathar scriosta agus an Caighdeán neamhdhuibheagánach

Focail na bliana

Comhartha beochta i dteanga ar bith go mbíonn leaganacha nuacheaptha in iomaíocht lena chéile sna meáin. Níl an Ghaeilge chomh cloíte sin nach mbíonn a leithéid de bhriatharchath ann ó am go chéile. A fhianaise sin mar a fuair ‘Breatimeacht’ an ceann is fearr ar ‘Sasamach’, in ainneoin nach bhfuil ceann ar bith de na focail sin sna foinsí ar líne (‘Brexit’ atá ar www.tearma.ie).

Fuair daoine de locht ar ‘Sasamach’ nach gcuimsíonn sé an Bhreatain go léir. Tá go maith, ach cuimhnigh gur mhian le 62% de mhuintir na hAlban (gan trácht ar 56% de mhuintir na Sé Chontae) fanacht san Aontas Eorpach. Seans, mar sin, go bhfuil ‘Sasamach’ níos cruinne ná mar a ceapadh. ‘Cár fhág tú muintir na Breataine Bige?’ a déarfaidh tú. ‘Cár fhág siad iad féin?’ a deirimse.

D’fhógair foclóirithe Oxford gurbh é ‘post-truth’ an focal Béarla ba shuaithinsí a tháinig chun cinn le linn 2016. Sainmhíniú amháin ar ‘post-truth’ ná ‘gan a bheith bunaithe ar fhíricí ach ar mhothúcháin agus ar mhianta’. Bheadh iontas ort cad é mar a mhair lucht na Gaeilge chomh fada in éagmais an téarma seo; dar leat gur cumadh é le go dtiocfadh linn cur síos ar An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Tá ‘iar-fhírinne’ sa rith cheana féin – comhartha beochta eile go mbíonn téarmaí le dealramh á gceapadh ag iriseoirí de réir mar a bhíonn gá acu leo.

Fós féin, déanaim amach nach fiú i gcónaí téarma deas néata a chumadh le freastal ar fhocail fhaiseanta nach bhfuil saol fada i ndán dóibh. Iarradh orm le gairid Gaeilge a chur ar an fhocal Danmhairgise hygge. Chuaigh mé a útamáil le focail mar ‘seascair’ agus ‘teolaí’ ach is cosúil go bhfuil an coincheap níos gabhlánaí agus níos caolchúisí ná sin. Faoi dheireadh ama, d’fhiafraigh mé díom féin cad chuige (nó cad hygge) a mbeinn leis. Cuirfear Donald Trump faoi mhóid na huachtaránachta i dtús na bliana seo chugainn agus beidh feidhm níos mó ná riamh ag iriseoirí an domhain mhóir le ‘post-truth’ nó ‘iar-fhírinne’ nó ‘post-vérité’. Tá barúil agam nach mbeifear ag caint ar ‘hygge’.

Ar shlí na fírinne

Daoradh chun báis an saorbhriathar bocht. Slán leis na laethanta a chluinfeá, ‘Cuireadh an fhianaise os comhair na cúirte’ agus ‘Foilseofar an tuairisc go luath’. Níl ann anois ach ‘Bhí an fhianaise curtha os comhair na cúirte’ agus ‘Beidh an tuairisc foilsithe go luath.’ I bhfianaise a leitheadaí is atá an nós úr, molaim clasaicí na Gaeilge a athscríobh le stádas agus urraim a thabhairt dó. Fág uait ‘An Gleann Inar Tógadh Mé’ agus tabhair bualadh bos do ‘An Gleann Ina Raibh Mé Tógtha’. Is ea, agus ní bheidh fíon spáráilte ar mo Róisín Dhubh ach oiread.

Duais TG4 don Dátheangachas Made Easy

Níl le déanamh ach an t-alt Gaeilge a chur roimh ainm Béarla agus away leat! An Western. An Treaty. An Ríl Deal. Seanchleas atá ann ach, hé, mura bhfuil sé briste, ná deisigh é. Ar na cláir atá coimisiúnaithe don bhliain 2017 tá An Civil War, An Poitín Parlour agus sraith úr faoi na nuachtáin áitiúla, An Definite Article.

Foilseachán na bliana

Foilsíodh an tríú Caighdeán Gaeilge ó bhí 2010 ann. Ach oiread le tríú rúndiamhair Fatima, ba dheacair ciall a bhaint as cuid mhór de, ach d’fhógair Rannógeolaithe nach raibh sé díreach chomh duibheagánach agus a bhíothas ag dréim leis. A chomhartha sin go ndearna UNESCO rialacha an tséimhithe a íosghrádú ó ‘díol magaidh’ go ‘dothuigthe’. Bíodh sin mar atá, bhí sé ina raic mar gheall ar an chiorrú a rinneadh ar fhoirmeacha táite mar ‘ghearánabhair’ agus ‘bhitseáileadar’. Bhagair gníomhaithe teanga i mBéal Feirste na leaganacha táite a úsáid feasta mar ghníomh dlúthpháirtíochta lena mbráithre Muimhneacha.

An botún gramadaí is fadsaolaí

‘An Cumann Lúthchleas Gael’, atá ar an fhód ó bhí 1884 ann agus atá níos coitianta ná an rud ceart.

Scoilt na bliana

Níor thúisce an grúpa nua Poblachtach, Saoradh, ar an fhód go raibh siad in adharca a chéile maidir le fuaimniú ainm an pháirtí: ‘saorú’ ag na hUltaigh agus ‘saora’ ag an chuid eile den tír. Táthar ag súil nach mbeidh an scoilt seo chomh nimhneach le conspóidí eile canúna i stair ghluaiseacht na Poblachta, ag dul siar go dtí an t-aighneas idir Sinn Féin agus Muid Fhéin díreach i ndiaidh bhunú an pháirtí in 1905.

Fág freagra ar 'FRIOTAL 2016: Breatimeacht, Sasamach, an saorbhriathar scriosta agus an Caighdeán neamhdhuibheagánach'

  • Darragh Ó Caoimh

    Ní thaitníonn “Breatimeacht” liom. Tá sé rófhada mar focal, trí shiolla ann seachas an dá shiolla i mBrexit. B’fhearr i bhfad “bréalú” nó fiú “brimeacht”, tá na leaganacha sin gonta agus, dar liom, níos fearr!