Freagra tugtha ar Chomhairleoir a deir go ndéanfaidh sé ‘a laghad agus is féidir ar son na Gáidhlig’

Dhear duine amháin príomhleathanach bréige inar ‘cheartaigh’ sé scéal nuachtáin faoi ‘na milliúin’ a bheith á gcaitheamh ar an teanga

Freagra tugtha ar Chomhairleoir a deir go ndéanfaidh sé ‘a laghad agus is féidir ar son na Gáidhlig’

Tá ráite ag comhairleoir de chuid Comhairle Cathrach Obar Dheathain in Albain go ndéanfaidh sé “a laghad agus is féidir” leis an nGáidhlig a chur chun cinn “gan an dlí a shárú”.

Dúirt an Comhairleoir Willie Young, ó Pháirtí an Lucht Oibre, nach sáródh an Chomhairle Cathrach Acht na Gáidhlig ach go gcaithfí a laghad airgid agus ab fhéidir de réir dlí ar chur chun cinn na teanga.

Dúirt Young go bhfuil sé ar buile go bhfuil “na milliúin punt” le caitheamh ar phlean cúig bliana do chomharthaí sráide Gáidhlig agus ar mhúineadh na teanga do dhaltaí bunscoile.

Tá ráiteas Young mar aon le tuairisc faoi ar The Press and Journal cáinte go láidir ag lucht Gáidhlig. De réir ceannlíne tuairisc The Press and Journal, ‘Gaelic signs could cost Aberdeen taxpayers millions – despite less than 1% speaking it’.

Thug go leor le fios ar líne go raibh an cheannlíne sin míchruinn agus gáifeach. Dhear duine amháin príomhleathanach bréige inar ‘cheartaigh’ sé scéal The Press and Journal.

Is é Young ‘tionólaí airgeadais’ na Comhairle agus dúirt sé go bhfuil an reachtaíocht teanga “craiceáilte” agus chuir sé i leith Rialtas na hAlban go bhfuiltear ag baint leas aisti leis an neamhspleáchas a chur chun cinn.

“Má chaithimid gach rud [atá sa reachtaíocht] a dhéanamh, mar shampla na comharthaí a athdhéanamh, cosnóidh sé na milliúin punt orainn agus sin airgead a d’fhéadfaí a chaitheamh in áiteanna eile.

“An rud mór ónar dtaobhna de ná go bhféadfaimis ár gcuid airgid a chaitheamh ar bhealach níos fearr, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh gur ciorraíodh buiséad Rialtas na hAlban. Ní haon chúnamh é go bhfuil an Rialtas ag rá linn é seo a dhéanamh faoi láthair,” a dúirt sé.

Dúirt Young go mba cheart go mbeadh cead a gcinn ag na comhairleoirí an t-airgead a chaitheamh de réir mar is mian leo féin, sna háiteanna a dteastaíonn sé uathu.

“Faighimid níos lú ná £100,000,000 ó Rialtas na hAlban. Is muidne an tríú cathair is mó in Albain – cuirtear é sin i gcomparáid le Glaschú a fhaigheann £600,000,000. Tá beagán le cois a dhá oiread na ndaoine ina gcónaí i nGlaschú is atá ina gcónaí anseo, mar sin táimid ag maireachtáil ar bhuiséad fíorbheag, agus ní hí an Gháidhlig an chloch is mó ar ár bpaidrín,” a dúirt sé.

De réir na reachtaíochta teanga in Albain, caithfidh comharthaíocht sráide agus feithiclí na Comhairle a bheith i mBéarla agus i nGáidhlig, caithfear lógó dátheangach a dhearadh agus a úsáid don Chomhairle agus caithfidh cúrsaí teanga a bheith ar fáil don fhoireann. Moltar sa reachtaíocht go múinfí an Gháidhlig do dhaltaí bunscoile.

De réir na tuarascála a d’fhoilsigh an Chomhairle féin le deireanas, bhásaigh an cainteoir deiridh dúchais i gContae Obar Dheathain i 1984.

D’iarr Young ar an Aire Rialtas Áitiúil Kevin Stuart, gan a bheith “seafóideach” agus ag cur brú ar chomhairlí an Gháidhlig a chur chun cinn.

“Déanfaimid a laghad agus is féidir leis an nGáidhlig a chur chun cinn taobh istigh den dlí. Níl a fhios againn go díreach céard é sin fós, ach freagrófar an cheist sin, gan amhras, ag cruinniú na n-oifigeach Dé Céadaoin.

“D’fhéadfaimis a rá nach gcuirfimis chun cinn í ach bheimis ag sárú an dlí ansin. Níor mhaith le duine ar bith é sin a dhéanamh, ach ag an am céanna, tá níos mó ag déanamh imní domsa ná crochadh comharthaí Gáidhlig,” a dúirt sé.

Mhaígh sé nach bhfuil ach triúr daltaí sa chathair i mbun staidéir ar an nGáidhlig i láthair na huaire agus nach bhfuil aithne aige féin ach ar chainteoir amháin Gáidhlig.

Scríobh an t-amhránaí Gáidhlig, Arthur Cormack, litir chuig an gcomhairleoir Young mar fhreagra ar an méid a bhí ráite ag an bpolaiteoir faoin reachtaíocht teanga.

Dúirt Cormack nach raibh “eolas dá laghad” ag Young faoi chás na Gáidhlig ná faoi Phlean Gáidlhig na Comhairle agus d’impigh sé ar an gComhairleoir eolas a fháil dó féin faoi na cúrsaí sin roimh chruinniú na Céadaoin.

“There are 41 pupils in the Gaelic medium primary and nursery facilities at Gilcomstoun Primary School and 15 pupils at Hazelhead Academy studying Gaelic,” a scríobh Cormack, atá ina Phríomfheidhmeannach ar an eagras cultúir Féisean nan Gáidheal.

Dúirt sé go raibh an Plean Teanga “broadly sensible” agus nach raibh meon an Chomhairleora Young ag teacht le sprioc an dlí an Gháidhlig a chur ar comhchéim leis an mBéarla.

Cháin sé Young freisin as figiúirí éagsúla a thabhairt d’fhoilseacháin éagsúla maidir leis an airgead a chaithfí ar an nGáidhlig.

“I note your forecast spend on the Plan’s implementation has been downgraded from the millions claimed in yesterday’s P&J to around a million in today’s paper,” a dúirt sé.

De réir an daonáirimh dheiridh a rinneadh in Albain, labhraíonn tuairim is 36% de mhuintir Obar Dheathain an Albainis agus labhraíonn níos lú ná 1% an Gháidhlig.

Fág freagra ar 'Freagra tugtha ar Chomhairleoir a deir go ndéanfaidh sé ‘a laghad agus is féidir ar son na Gáidhlig’'

  • Breathnóir

    Cad é dearcadh an chomhairleora i leith Trident agus na billiúin a chuirtear amú air sin.
    Tá súil agam nach dtacaíonn sé leis an amaidí sin más cúis imní dó cur amú airgid.