Freagra tugtha ag an Údarás ar TD a mhaígh go bhfuil ‘damáiste don Ghaeilge’ á dhéanamh ag a gcliantchomhlachtaí

Dúirt an Teachta Dála Thomas Byrne go ndéanfaí ‘damáiste don Ghaeilge ‘mura mbeadh comhlachtaí a dtacaíonn an tÚdarás leo ‘ag scaipeadh na Gaeilge’

Udaras7

Tá freagra tugtha ag Údarás na Gaeltachta ar líomhaintí an Teachta Dála Thomas Byrne (FF) go bhfuil “damáiste” a dhéanamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag comhlachtaí atá tugtha isteach sa Ghaeltacht ag an Údarás.

Dúirt an Teachta Dála go ndéanfaí damáiste don Ghaeilge mura mbeadh na comhlachtaí sin “ag scaipeadh na Gaeilge iad féin” sna ceantair Ghaeltachta.

“[Tá] gnóthaí ag teacht isteach i gceantair Ghaeltachta atá ag fáil tacaíochta ón Údarás agus uaireanta níl Gaeilge ar fáil sa mhonarcha. Tá sampla i gceist agam ach nílim chun é a lua ar thaifead na Dála.

“Mura bhfuil na monarchana sin nó na gnóthaí sin ag scaipeadh na Gaeilge iad féin trí bheith ag úsáid na Gaeilge agus a bheith soiléir go bhfuil siad sa Ghaeltacht agus gur gnó a fuair cabhair ó Údarás na Gaeltachta atá ann, déanfaidh sé sin damáiste don Ghaeilge freisin,” a dúirt Byrne sa Dáil.

Dúirt sé freisin go raibh an tÚdarás ag déanamh “an-jab ag cur fostaíochta ar fáil” sna ceantair Ghaeltachta, i ainneoin nach raibh “mórán acmhainní” ag an eagraíocht.

I ráiteas a thug an tÚdarás do Tuairisc.ie, dúradh go bhfuil an tÚdarás ag brath “go hiomlán” ar “dhea-mhéin” na gcomhlachtaí maidir le ceist na teanga sna comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht uaidh.

“Déantar plean teanga a aontú le bainistíocht an chomhlachta. Cuireann an tÚdarás eolas ar fáil dóibh maidir le múnla plean teanga. Déantar réimsí áirithe tábhachtacha a roghnú le díriú orthu ó thaobh úsáid na teanga de i ngnóthaí an chomhlachta.

“Ónár dtaithí go dtí seo bíonn mórchuid na bpríomhaithe agus na n-infheisteoirí a bhaineann leis na comhlachtaí seo báúil don Ghaeilge. Tá an tÚdarás ag brath go hiomlán ar a ndea-mhéin agus is fiú go mór é sin,” a dúradh sa ráiteas.

Dúradh freisin gurb iad na comhlachtaí féin a dhéanann a gcuid earcaíochta féin trí fhógraíocht, tríd an idirlíon agus trí ghníomhaireachtaí earcaíochta agus go “moltar do na cliaint idirdhealú dearfach a dhéanamh i leith cainteoirí Gaeilge”.

“Ar ndóigh, aithníonn an tÚdarás na dúshláin a bhíonn ag comhlachtaí teacht ar dhaoine leis na scileanna/an taithí c(h)uí. Reáchtálann an tÚdarás cúrsaí oiliúna dírithe ar earnálacha faoi leith in amanna. Tá iarracht á déanamh ag an Údarás le blianta anuas tabhairt faoi na dúshláin sin faoi scéimeanna áirithe oiliúna agus oideachais atá á gcur i bhfeidhm aige,” a dúradh.

Luadh freisin an “infheistíocht mhór” atá déanta ag an Údarás i gcomhar le hinstitiúidí tríú leibhéal i gcontaetha Gaeltachta le cúrsaí trí Ghaeilge a chur ar fáil i réimsí éagsúla le go mbeidh céimithe le Gaeilge ann a bhfuil na scileanna acu a theastaíonn ó na comhlachtaí Gaeltachta.

Maíodh gurbh é “cuspóir forbartha agus fostaíochta” an Údaráis postanna a chruthú do mhuintir na Gaeltachta ar mhaithe le pobal inmharthana Gaeilge a chothú sna ceantair Ghaeltachta.

“Oibríonn an tÚdarás lena chliant-chomhlachtaí ar bhunús leanúnach le cinntiú go bhfuil a dtionchar ar an nGaeltacht dearfach ar go leor bealaí – fostaíocht, úsáid na Gaeilge, seirbhísí agus infreastruchtúr pobail,” a dúradh.

Maíodh freisin go dtugann an tÚdarás “tús áite do ghnóthaí atá teangabhunaithe i gcónaí” ach nach bhfuil “a leordhóthain fostaíochta in earnáil na Gaeilge” le freastal ar riachtanais dhaonra na Gaeltachta.

Dúirt an tÚdarás gur comhlachtaí príobháideacha iad gach ceann de chliaint an Údaráis, go bhfuil an rogha acu lonnú “pé áit is mian leo sa tír”, agus nach bhfaigheann siad “aon tacaíocht bhreise” de bharr lonnú i gceantar Gaeltachta.