Fotheidil agus fáilte! Lán an chirt ag TG4 fotheidil dhóghreanta a chur ar a gcláracha

Is maith le gníomhaithe teanga a bheith ag gearán faoi rud éigin. Ach fotheidil? Rud chomh neamhurchóideach, dea-mhéineach agus praiticiúil?

TV Strike

Tá ceist na bhfotheideal ina cnámh spáirne le fada an lá sna tíortha Ceilteacha a bhfuil stáisiún teilifíse ann a chraolann i dteanga Cheilteach. BBC Alba, TG4, S4C: is minic á gcáineadh iad de bharr na bhfotheideal i mBéarla ar a gcuid cláracha. An tseachtain seo, shocraigh gníomhaithe teanga baghcat a chur ar an stáisiún Breatnaise S4C toisc go bhfuil fotheidil dhóghreanta Béarla á gcur ar roinnt cláracha, ar bhonn trialach.

Ní thuigim é.

Cinnte, tuigim gur maith le gníomhaithe teanga a bheith ag gearán faoi rud éigin: bheadh a raison d’être i mbaol muna mbeadh eagraíocht éigin acu le cáineadh, le baghcat a dhéanamh uirthi, nó le n-iad féin a chur trí thine ar leac an dorais ann.

Ach fotheidil? Rud chomh neamhurchóideach, dea-mhéineach agus praiticiúil? Táim den tuairim go bhfuil lán an chirt ag na stáisiúin teilifíse sin a chuireann ar a gcuid cláracha iad, na cinn dhóghreanta go háirithe. Fotheidil agus fáilte! 

Cén fáth sin? Ní maith liom buaileam sciath, ach an cliché sin go bhfuil ‘bua na dteangacha’ ag muintir mo thíre dúchais, an Ísiltír, tá cúis leis sin: fotheidil.

San áit a ndéantar athghuthú ar chláracha teilifíse ón iasacht sa Ghearmáin, sa Fhrainc, san Iodáil, sa Spáinn, sa Phortaingéil, sa Bhrasaíl agus i dtíortha eile nach iad, cuirtear fotheidil ar chláracha teilifíse ón iasacht san Ísiltír.

Agus, arís gan bhuaileam sciath, cuirim ceist ort. An bhfaca tú riamh Ísiltíreach ag freastal ar cheann de na cúrsaí Béarla sin a bhíonn á dtairiscint ag institiúidí teangan ar fud na hÉireann? Ach céard faoi scoláirí ón nGearmáin, ón bhFrainc, ón Iodáil, ón Spáinn, ón bPortaingéil, ón mBrasaíl, agus ó thíortha eile nach iad?

Ag aois a haon-déag, nuair a bhí mé sa rang deireanach den bhunscoil, a thosaigh mise ag foghlaim Béarla. Ach faoin am sin, bhí neart focal pioctha suas agam ó chláracha teilifíse ar nós The Cosby Show, Fawlty Towers agus Murder She Wrote – ag éisteacht leis an mBéarla agus ag léamh na bhfotheideal in Ísiltíris. Cinnte, ní raibh cailleadh ar na múinteoirí Béarla a bhí agam sa mheánscoil, ach ba mhó i bhfad a chuir The Fresh Prince of Bel-Air, Beverly Hills 90210 agus Twin Peaks le mo stór focal ná an leabhar seafóideach úd ‘Upon My Word’ a bhíodh in úsáid sa mheánscoil agus a mhúin frásaí ar nós ‘I’m partial to strawberries’ dúinn.

Fuair mé an saibhreas teanga sin ar fad saor in aisce, toisc go ndearna fáithe i saol na teilifíse cinneadh fadó – moladh go deo lena n-anam! – fotheidil a chur ar chláracha ón iasacht seachas glórtha Ísiltíreacha a bhualadh anuas ar Bill Cosby, ar John Cleese, ar Angela Lansbury, ar Will Smith agus ar aisteoirí eile ón iasacht.

Hmm, céard sin, an gcloisim gníomhaí teangan ag béiceach liom? “Ach ní teanga iasachta í an Ghaeilge in Éirinn, Gaeilge na hAlban san Albain ná an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag! Is iad teangacha dúchais na dtíortha sin iad!”

Dúisigh suas, a dhuine, agus éist leis an gcaint timpeall ort ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, Dhún Éideann agus Caerdydd. Nó fiú leis an gcaint ar shráideanna na Gaillimhe, an Óbain nó Abertawe. Ní ‘teangacha dúchais’ iad na teangacha Ceilteacha d’fhormhór mór mhuintir na dtíortha Ceilteacha, ach teangacha iasachta.

Ach le caint mhuintir na Ceathrún Rua, le caint mhuintir Uibhist a Deas, le caint mhuintir Ynys Môn a chaithfear éisteacht! Sin an áit a bhfuil an saibhreas teanga!”

Bhuel, a ghníomhaire teanga dhil, má theastaíonn uait an saibhreas teanga sin a cheilt ar do chomhthírigh nach bhfuil an teanga sin ar a dtoil acu, agus má theastaíonn uait a chur in iúl dóibh nach bhfuil siad á gcur san áireamh san fhís atá agat d’athbheochan do theanga, coinnigh ort agus bí ag agóid leat i gcoinne na bhfotheideal.

Buíochas le (líon isteach ainm neach osnádurtha do rogha féin) bíonn dearcadh níos uileghabhálaí ar an tsochaí ag lucht ceannais na stáisiún teilifíse.

Fág freagra ar 'Fotheidil agus fáilte! Lán an chirt ag TG4 fotheidil dhóghreanta a chur ar a gcláracha'

  • Robert McMillen

    Léamh eile ar an scéal. Nuair a bhí mé ag stopadh sa Spáinn ar feadh míosa, d’amharc mé ar chláracha Spáinníse (cad é eile?) agus fotheidil Spáinnise orthu. Chuidigh sé sin go mór leis an dul chun cinn a bhí mé á dhéanamh sa teanga.
    Ar ndóigh, ní fheicim an lá a mbeidh rogha againn idir fotheidil Bhéarla agus fotheidil Ghaeilge ar TG4.

  • Liam Ó Briain

    Mar fhreagra ar sin tá TG4 ag maslú cainteoirí Gaeilge muna bhfuil an rogha tugtha dúinn chun na fotheidil a bhaint den scáiléan. Tús áite don bhearlóir cé go raibh raison d’etre an stáisiún ná cláracha Gaeilge.Tá córas ann anois chun rogha fotheidil a bheith ann canathoabh nach bhfuil sí á úsáíd?? An stáisiún chun freastal ar bhearlóirí aonteangach TG4 nó dóibh siúd gur theastaigh uaibh cláracha a fhesicint gan Béarla scríofa faoina bhun a rá dúinn nach teanga luachmhaire í, gur caitheamh aimsire í . Ba chóir in Éirinn go mbeidh rudaí ar nós TG4 i nGaeilge amháin ionas go mbeidh cúis chun an teanga a fhoghlaim agus a labhairt.

    Ní glacaimse go bhfuil bua na dteangacha ag muintir na hIsíltíre toisc go bhfuil fotheidil ar fáil. Tá neart cairde agamsa thall ansin agus go príomhá tá teangacha eile acu in éindí leis an Isíltíris mar gheall ar a gcúlra le tuistí ó thíortha éagsúla agus cuid eile go foghlaimíonn siad teangacha éagsúla sa scoil.

    Níl muidne ag iarraidh an saibhreas teangan a cheilt ónár chomhthírigh tá said in ann Gaeilge a fhoghlaim nó freastal a dhéanamh ar chúrsa sa nGaeltacht. Tá daoine anois i gceantar láidir Dílseacha sa Tuaisceart ag foghlaim Gaeilge tá daoine iontach ar nós Alex Hijmans théis Gaeilge a fhoghlaim agis a bhain ardlíofacht amach ach níl suim dá laghad ag daoine abair i Luimneach chun Gaeilge a fhoghlaim.Ní argóint ciallmhar é seo a rá go bhfuil an locht orainne – na nGaeil. A mhalairt an chás.

    Ní gníomhaire teanga mise ach duine a labhranns Gaeilge le mo chairde, san obair agus sa phub go normálta. Ní ionann gach cainteoir Gaeilge agus a bheith mar ghniomhaí ach nuair atá daoine in ainm is a bheith ar son na Gaeilge(TG4) ag chur tús áite don bhearlóir aonteangach tharainn bíonn fearg orm. Tá córas ar fáil

    Tá gá le diospóireacht mar seo agus bíonn fáilte i gcónaí roimh tuairimí éagsúla agus ba bhreá liom diospóireacht mar seo a bheith ar TG4 nó RnaG dár ndóigh

  • Eilí Ní Anluain

    Tagaim leat anseo a Alex. Agus oibríonn sé ina mhalairt treo freisin. Tagann foghlaimeoirí le Béarla isteach ar litriú na hIsiltírise ag léamh na bhfotheidil ar na cláracha á gcraoladh i mBéarla. Cúis eile is dócha le Béarla maith na hIsiltírigh ná an dá theanga a bheith chomh gar sin dá chéile.

    Poinnte thairis b’fhéidir, ach sa lá atá inniu ann, ó thaobh luí thíortha le teangacha a mheas, b’fhéidir nár mhór an cheist a chur mar seo, ‘Taobh amuigh de do theanga dúchais agus an Béarla, an bhfuil cumas labhartha agat i dteanga eile?’

    É sin ráite, an bhfuil cúis nach faoin lucht féachana a bheadh na fotheidil – Gaeilge nó Béarla nó gan iad a bheith ann ar chor ar bith?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aontaím le Liam, cnaipe dearg a dhith leis na fotheidil a cheallú muna bhfuil suim agat iad a léamh agus níl siad riachtanach duit más cainteoir líofa Gaeilge thú.

  • Darragh Ó Caoimh

    Cé go bhfuil cuid den cheart agat ní féidir a shéanadh gur chóir go mbeadh rogha ann idir fotheidil Béarla gus cinn Gaeilge. D’fhoglaimeoinn i bhfad Éireann níos mó Gaeilge leis sin , is dóigh liom.

  • Niamh

    Mar fhoghlaimeoir, cuireann na fotheidil Béarla isteach go mór orm. Nuair a bhím ag breathnú ar TG4 agus fotheidil ar an scáileán, is deacair orm an comhrá a thuiscint gan a bheith ag breathnú ar na fotheidil. Rud aisteach, nuair a bhím ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta, tuigim an chuid is mó den chaint !
    Chabhródh fotheidil Gaeilge go mór liom cur le mo stór focal – bheadh an focal le cloisteáil agus le feiceáil ag an am céanna – agus dul i dtaithí ar an bhfuaimiú sna canúintí éagsúla.
    Dar liom gur cheart go mbeadh rogha ag an lucht féachana amharc ar fhotheidil Béarla, Gaeilge, nó dada ! Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí freastal ar na foglaimeoirí, na cainteoirí dúchais, agus an duine nach bhfuil ach an “cúpla focal” aige.
    B’fhéidir go bhfuil dul amú orm, ach ní dóigh liom go mbeadh sé chomh deacair sin ó thaobh na teicneolaíochta de, tá roghanna ar fáil ar an gcuid is mó de na DVDanna idir a lán teangacha éagsúla ? Cén fáth nach féidir le TG4 an rud céanna a dhéanamh?

  • Feardorcha

    Cuireann siad olc ormsa agus mé ag iarraidh fair ar shiamsaíocht ar an mbosca. Sin eile atá uaimse, faic eile, ach neo neo neo, smaoinigh ar na foghlaimeoirí bochta …

  • Mícheál Ó Doibhilín

    Ba mhaith liomsa na fotheidil bhaint freisin, agus bhéinn buíoch dá mbéadh cnaipe ann chun sin a dhéanamh.

    Ach tá ceist agam. Tá fotheidil ar cláracha Gaeilge ar TG4 mar nach bhfuil Gaeilge ag gach duine de’n lucht féacanna. Tuigim sin.

    Ach, nuair bhíonn clár as Béarla ar TG4 ní bhíonn fotheidil as Gaeilge ann – cén fáth.

    Táthar ag glachad go bhful Béarla líofach ag gach dunine den lucht féacanna, agus go bhfuil said sásta Béarla a chlos ó stáisiún a cuireadh ar bun chun freastal ar daoine le Gaeilge!

    Dá mbéadh fotheidil as Gaeilge ann, feilfeadh seo dóibh siúd atá ag foghlaim Gaeilge chomh maith leo siúd ar fear leo Gaeilge a úsáid.

  • Breandán de Leigh

    Aontaím leis an smaoineamh go mba chóir rogha a bheith ann.