Foster ag caitheamh anuas ar Rialtas na hÉireann agus an DUP ag filleadh ar an dúchas

Bhí comhdháil an DUP chomh searbh, cosantach le comhdháil ar bith a bhí acu sna laethanta nuair a bhíodar ar an imeall agus móramh ag iarraidh iad a sheachaint

Foster ag caitheamh anuas ar Rialtas na hÉireann agus an DUP ag filleadh ar an dúchas

Ceiliúradh a bhí ann. Tháinig baill den DUP le chéile ag a gcéad chomhdháil bhliantúil faoi cheannas Arlene Foster, iad buacach mar gur éirigh thar cionn leo i dtoghchán an Tionóil i mbliana. Ócáid dhearfach a bheadh inti mar sin, cheapfá, plean físiúil don todhchaí á leagan amach agus á phlé.

Bheadh dul amú ort. D’fhill siad ar an dúchas. Bhí sé chomh searbh, cosantach le comhdháil ar bith a bhí ag an DUP sna laethanta nuair a bhíodar ar an imeall agus móramh ag iarraidh iad a sheachaint.

Mheabhraigh sé na seanlaethanta faoi cheannas Ian Paisley dá lán. Ceannaire gur dia beag í i súile na mball á moladh go hard na spéire. Chan siad amhráin ag moladh Arlene Foster ‘Arlene is our leader’ agus ‘Arlene is on Fire’ agus fuair a hóráidí na gártha molta. Bhí dhá dhifríocht ar leith le tabhairt faoi deara, áfach. Bhí bua an ghrinn ag Paisley chomh maith leis an mbladhmann agus ba iad Sinn Féin a bhíodh faoi ionsaí.

Bhí an ceannaire, Arlene Foster ar an ionsaí, í tarcaisneach, maslach ach ní raibh sí greannmhar agus níor ionsaigh sí Sinn Féin a páirtnéirí sa bhFeidhmeannas. Ar scáth a chéile a mhaireann siad na laethanta seo. Dhírigh sí a nimh ar pháirtithe an fhreasúra i Stormont, ag déanamh beag is fiú de pholaiteoirí eile agus thug sí aghaidh a craois ar rialtas na hÉireann.

Neamhsheasmhacht rialtas Enda Kenny ba bhun le himní Bhaile Átha Cliath faoin Bhreatimeacht, a dúirt Foster, atá ar a cosaint faoi thacaíocht an DUP don mBreatimeacht. Mhaígh sí gur deis dhearfach é an cinneadh an tAontas Eorpach a fhágáil agus gur cur amú ama a bheadh ann freastal ar chomhdháil an Taoisigh inniu le “remoaners”. Ardmheas á léiriú ag an gCéad-Aire ar mhóramh de vótóirí Thuaisceart Éireann – 56%- a bhí ag iarraidh fanacht san AE!

Ba iad líomhaintí Foster faoin IDA a chuir iontas agus imní ar dhaoine. Bhí, dar léi, Rialtas na hÉireann ag cur i gcéill gur chás leis tionchar na Breatimeachta ar Thuaisceart Éireann ach a thoscairí ag dul thar lear ag caitheamh anuas ar eacnamaíocht an Tuaiscirt agus “ag bradaíl ar infheisteoirí”. Níor sholáthair sí fianaise ar bith mar thaca leis an méid sin.

Ar ndóigh, bhí iomaíocht ariamh idir na háisíneachtaí forbartha ar dhá thaobh na teorann. Sin gnáthchleachtas. Ach ba chosúil nárbh é sin a bhí i gceist aici. Ní léir go bhfuair an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan eolas beacht ar bith nuair a ghlaoigh sé ar an Aire Fiontair i Stormont, Simon Hamilton ón DUP chun a mhíshástacht agus a bhuairt faoi óráid Foster a phlé.

I meon agus i gcroíthe an rialtais ó dheas a bhí an teorainn chrua, a dúirt ceannaire an DUP, amhail is go gcreideann sí nach gá tada a dhéanamh chun teorainn chrua a sheachaint ach a rá nach bhfuil sé uaithi. Tá neamhréalachas soineanta nó sotalach ag baint leis an gcur chuige. Shílfeá go gceapann sí go bhfaighidh an Ríocht Aontaithe nó Theresa May cead a cinn agus nach mbeidh sé riachtanach aird a thabhairt ar mhianta 27 ballstát an AE. Mheabhródh sé duit mana an fhir sin i Meiriceá a mhaíonn go ndéanfaidh seisean a thír “great again”. Slán an tsamhail.

Glactar leis go gcloistear reitric ag comhdháil gach páirtí. Vótáil céatadán maith den DUP i bhfabhar fanacht san Aontas Eorpach agus tá cuid acu corraithe faoin gcáineadh a dhéantar go seasta ar an DUP faoina thacaíocht uiríseal do na Breatimitheoirí i rialtas na Breataine. Theastaigh ó Foster iadsan a chur ar a suaimhneas, í ag rá leo nár ghá dóibh a bheith buartha agus go raibh saol na bhfuíoll ag teacht. Seans gurbh fhearr leo plean agus fianaise a chloisteáil.

Bhí cúngaigeantacht agus seachantacht na comhdhála, agus óráid an cheannaire go háirithe, suntasach. Tá ról ag Arlene Foster thairis na daoine is neamhghéilliúla san DUP a shásamh. Agus tá dualgais uirthi mar Chéad-Aire agus bhí seans aici chun fís don tsochaí ar fad a chur chun cinn. Cén chiall atá le sciar mór den phobal a mhaslú – ag cur cnáimhseáil ina leith (remoaners)? Agus cén chiall atá le cara sa chúirt a mhaslú – beidh rialtas na hÉireann ag bord don idirbheartaíocht faoi Bhreatimeacht. De réir na dtuairiscí as Londain níor thaitin na hionsaithe ar an deisceart leis an rialtas ansin. Ní tráth í seo le bheith ag cur olc ar dhaoine. Níor mhiste d’Arlene faobhar a teanga a mhaolú.