Forlámhas ag na mná ar an gcúram anois agus Game of Thrones ar leac an dorais arís

LÉIRMHEAS: Agus an seachtú sraith den seó teilifíse is mó ráchairte ar domhan tosaithe arís tá carachtair bhaineanna den chéad scoth againn anois

Forlámhas ag na mná ar an gcúram anois agus Game of Thrones ar leac an dorais arís

Tá carachtair éagsúla Game of Thrones (Sky Atlantic, Dé Luain) ag fánaíocht, ag slataíocht agus ag cleasaíocht ar fud dhá mhór-Roinn le sé shéasúr anuas. Anois agus sinn ag teannadh le ceann scríbe tá siad in aon dúthaigh amháin agus ag tiargáil le dul in adharca a chéile. Más mall is mithid.

Sea, tá an seachtú sraith den seó teilifíse is mó ráchairte ar domhan ar leac an dorais againn arís.

Thosaigh lucht leanta dílis na sraithe ag dul le báiní ar fad nuair a thosaigh na blúiríní fógraíochta ag teacht amach le déanaí. Bhí an-bhús faoin gceann le Cersei ag tagairt dá naimhde. Níorbh fhaic é i gcomparáid leis an óráid iomlán a bhí le clos i dtosach an chéad ghála agus an bhanríon ag tagairt dos na bitseannaí ó dheas, bastaird ó thuaidh agus c@2t san iarthar. Léiriú an ráiteas sin ar na comhraic mhóra atá romhainn amach agus ar an tslí nár leasc leis an tsraith riamh gan fiacail a chur ann ó thaobh tíriúlachta de.

Bhí sásamh thar na bearta ag baint leis an radharc sléachta roimh an mbeochan tosaigh, ach ina dhiaidh sin tugadh deis dúinn ár n-anáil a tharraingt agus breith suas leis na carachtair a bhfuil an ghráin againn orthu agus grá againn dóibh.

Is ait an feic i gcónaí é carachtair nach raibh ar scáileán le chéile ar feadh sé bliana a bheith ag comhghuaillíocht le chéile. In aon radharc amháin aréir bhí Jon, Sansa, Davos, Little Finger, Tormund agus Brienne in aon seomra. Comhartha go bhfuilimid ag tarraingt ar cheann scríbe.

Taibhsítear dom go bhfuil forlámhas ag na mná ar an gcúram anois. Sna blianta tosaigh bhí cad é caint faoin nochtacht ach tá maolaithe uirthi sin go mór agus tá carachtair bhaineanna den chéad scoth againn anois. Níl sárú Brienne ó thaobh calmachta; is í Cersei an bithiúnach a bhfuil saghas gean againn uirthi; is í Arya, an feallmharfóir cumasach, caithiseach, ceann de laochra an chláir, agus is í Daenerys an ceann feadhna. Ina dteannta siúd tá Yara Greyjoy, Olenna Tyrell agus an bhantiarna Lyanna Mormont, cailín nach bhfuil ach dhá bhliain déag d’aois ach atá ar an gceannaire is stuama agus is ciallmhaire in Wessos.

Ceann de na nithe ba shuaithinsí faoin tsraith ón tús ná an éiginnteacht. Ní raibh a fhios againn cad a tharlódh nó cé a chuirfí de dhroim seoil; cuimhnigh ar an drochíde a tugadh do Ned Stark bocht sa chéad sraith. Tá an bóthar chun cinn níos soiléire anois agus cinnteoidh an tábhacht a bhaineann le Jon, Daenerys agus Tyrion go mbeidh siad linn go ceann scríbe. Cé go mbaineann sin ábhairín den snas den chúram, tá a fhios againn go bhfuil na comhraic mhóra, chinniúnacha romhainn amach.

Níl ach seacht gcinn de chláracha sa tsraith seo agus sé cinn beartaithe don bhuille scoir. Tá cuid acu breis agus uair an chloig ar fad, rud a chiallaíonn gur gheall le scannáin cuid iad. Faoi mar a deir Daenerys ag deireadh an chéad ghála agus í ar ais ar a fód dúchais in Dragonstone, ‘Shall we begin?’

Fág freagra ar 'Forlámhas ag na mná ar an gcúram anois agus Game of Thrones ar leac an dorais arís'