Forbairt nua d’Iarthar Dhuibhneach

€3m infheistithe i bhforbairt nua Ghaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh

Togra nua Gaeltachta ar an mBuailtín
Togra nua Gaeltachta ar an mBuailtín

Thóg Údarás na Gaeltachta ar láimh togra nua Gaeltachta arbh fhiú £3 mhilliún é i mBaile an Fheirtéaraigh in Iarthar Dhuibhneach an tseachtain seo a d’imigh tharainn. Is forbairt í seo a bhfuil trí ghné éagsúla ag baint léi, is é sin oifigí nua do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, áiseanna nua cúram leanaí agus teaghlaigh a bheidh san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh agus aonaid fiontraíochta de chuid Údarás na Gaeltachta.

Eascraíonn an fhorbairt seo as fís agus stocaireacht mheitheal an Chomharchumainn agus an Údaráis le tamall de bhlianta móide feachtas agus obair seacht mbliana ata déanta ag coiste áitiúil, Coiste Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhneach.

D’infheistigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta €1.3 milliún sa togra seo mar chuid d’iarracht tacú le buanú na Gaelainne mar theanga phobail in Iarthar Dhuibhneach. Sholáthraigh Údarás na Gaeltachta €1.2 milliún don lárionad seo agus chuir Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Comharchumann teangalárnach atá ar an bhfód i mBaile an Fheirtéaraigh ó 1967, leathmhilliún leis an bhforbairt.

“Táimid an-sceitimíneach faoin bhforbairt nua seo” a dúirt Gearóid Ó Brosnacháin, Bainisteoir an Chomharchumainn. “Cuirfidh an lárionad nua seo bonn faoin obair atá ar bun againn ó thaobh bhuanú na Gaelainne sa dúthaigh agus cuirfidh sé lenár gcumas móraidhmeanna na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge a bhaint amach.”

Cé go bhfuil díomá léirithe nach bhfuil Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar bord sa tionscnamh seo chun cúrsaí oideachais tríú leibhéal a fhobairt i mBaile an Fheirtéaraigh mar a bhí beartaithe an chéad lá riamh, “caithfear fuinnt de réir na mine” a mhínigh an Brosnachánach agus “tacú leis an Údarás anois an bhearna sin a líonadh agus tograí teanga lárnaithe a mhealladh go haonaid fhiontraíochta an Ionaid”.

Ag caint ar an lárionad nua, dúirt Fionnán Ó hÓgáin, Feidhmeannach Forbartha agus Oiliúna an Údaráis, go bhfreastalóidh na háiseanna nua seo ar an bpobal trínár dteanga dhúchais agus go mbeidh an togra lárnach san obair phleanála teanga agus pobail atá ar siúl ag an Údarás le blianta anuas.

Cúis mhór áthais is ea an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh don choiste deonach atá ar an bhfód le fada chun na háiseanna nua cúram leanaí agus teaghlaigh seo a fhobairt sa cheantar.

“Táimid chomh bródúil as na háiseanna nua atá againn anois. Tá Ionad nua aoibhinn againn ina mbeidh an Naíonra, seirbhís naíolainne, seirbhísí tar éis scoile, seirbhísí d’aosaigh an phobail agus tacaíochtaí eile teanga do theaghlaigh agus don phobal Gaeltachta seo,” a mhínigh Caitlín de Mórdha, cathaoirleach an Choiste.

Táthar ag súil go mbeidh an pobal i gcoitinne an-thógtha leis na háiseanna nua seo. Cé go bhfuil díomá áirithe ar chuid den phobal nach bhfuil halla poiblí san áireamh sa togra nua, maíonn bainistíocht an Chomharchumainn go bhfuil slí fós ar an láthair má cheapann aon choiste eile gur fiú tabhairt faoina leithéid.

An dúshlán mór atá ann anois, áfach, ná a chinntiú go mbainfear an oiread úsáide agus is féidir as na háiseanna nua seo ar mhaithe le forbairt agus buanú na Gaelainne sa dúthaigh.