Foras na Gaeilge ‘dóchasach’ go sárófar an baol ‘tromchúiseach’ maidir le poist agus íoc tuarastal in earnáil na Gaeilge

Deirtear go bhfuil an baol ann nach mbeidh ar chumas an Fhorais an tuarastal a íoc lena bhfoireann agus údar ‘imní’ dóibh an ‘mhoill as cuimse’ ar fhaomhadh Phlean Gnó 2017 agus Plean Corparáideach 2017-2019. Tá an eagraíocht anois ‘dóchasach go sárófar an deacracht’

Foras na Gaeilge ‘dóchasach’ go sárófar an baol ‘tromchúiseach’ maidir le poist agus íoc tuarastal in earnáil na Gaeilge

Tá Foras na Gaeilge “dóchasach” go “sárófar an deacracht” a fhágann go bhfuil imní orthu nach mbeidh ar a gcumas tuarastal a íoc lena bhfoireann féin agus le foirne chuid de na heagraíochtaí a ndéanann siad maoiniú orthu.

Táthar ag súil anois, áfach, go dtiocfar ar réiteach ar an “moill as cuimse” ar fhaomhadh phleananna an Fhorais trasteorann.

“Tá an cheist ardaithe againn leis na ranna urraíochta agus leis na ranna airgeadais sa dá dhlínse.  Táimid i dteagmháil go laethúil leis na ranna urraíochta faoin gceist agus táimid dóchasach go sárófar an deacracht,” a dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta teanga le Tuairisc.ie.

D’eisigh an Foras ráiteas le déanaí ina ndúradh go raibh baol ann nach mbeadh ar chumas na heagraíochta tuarastal a íoc san athbhliain ó tharla “moill as cuimse” a bheith ar fhaomhadh a bPlean Gnó 2017 agus a bPlean Corparáideach 2017-2019.

Chuir an Foras a n-imní sin iúl do na ranna airgeadais ó thuaidh agus ó dheas agus do na ranna urraíochta ar an dá thaobh den teorainn, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta ó dheas agus Roinn na bPobal ó thuaidh.

Is i mí Eanáir na bliana seo chugainn atá tús le cur le feidhmiú an phlean gnó agus an phlean corparáideach. Níos túisce an mhí seo dúirt Cathaoirleach Feidhmeach Fhoras na Gaeilge, Marcas Mac Ruairí, go bhféadfadh “riosca tromchúiseach a bheith ann maidir le poist in earnáil na Gaeilge” mura dtiocfaí ar réiteach ar an scéal roimh an 31 Nollaig 2016.

Baineann an baol faoi na tuarastail le foireann Fhoras na Gaeilge féin; foireann na sé cheanneagraíocht, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Glór na nGael, Cumann na bhFiann, Gaeloideachas agus Oireachtas na Gaeilge; agus fostaithe scéimeanna éagsúla de chuid an Fhorais, ina measc an Scéim Pobal Gaeilge, Scéim na gComplachtaí Drámaíochta, Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na nImeachtaí Óige.