Foras na Gaeilge ag iarraidh pinsin d’iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge

Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh nach bhfuil fostaithe Bhord Leabhar na Gaeilge i dteideal pinsean na seirbhíse poiblí don tréimhse sular aistríodh iad go dtí an Foras

Foras na Gaeilge ag iarraidh pinsin d’iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge

Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh go go gceadófaí isteach faoi scéim phinsin na seirbhíse poiblí iarfhostaithe de chuid Bhord na Leabhar Gaeilge.

Thug Roinn na Gaeltachta le fios don Fhoras le déanaí nach raibh na hiarfhostaithe de chuid Bhord na Leabhar Gaeilge, ar aistríodh go dtí Foras na Gaeilge iad i dtús 2008, i dteideal pinsean na seirbhíse poiblí.

Ní raibh aon scéim phinsin ag Bord na Leabhar Gaeilge nuair a aistríodh na fostaithe agus is ar an mbonn sin a cinneadh nach bhfuil siad i dteideal pinsean na seirbhíse poiblí don tréimhse sular aistríodh iad.

Ar aistriú dóibh go dtí foireann Fhoras na Gaeilge tugadh iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge isteach faoin Scéim Phinsin Thuaidh/Theas.

Scríobh Foras Na Gaeilge chuig Roinn na Gaeltachta i mBealtaine na bliana seo ag iarraidh go mbeadh daoine a bhí fostaithe le Bord na Leabhar Gaeilge agus a d’aistrigh go dtí an Foras i dteideal pinsin do na blianta sular aistríodh iad.

Thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios do Roinn na Gaeltachta, áfach, nach raibh fostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge mar chuid de scéim phinsin phoiblí sular aistríodh an Bord in 2008 agus nach bhféadfaí a gcuid seirbhíse a aistriú dá bharr.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios an tseachtain seo gur scríobh Foras na Gaeilge chuig a roinn le déanaí ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar chás iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge.

Dúirt an tAire go bhfuiltear ag fanacht ar chomhairle bhreise faoin scéal ón Roinn Caiteachais Phoiblí.

Ba é an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Shane Cassells a d’ardaigh cás phinsin iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge sa Dáil. Teachta Dála don Mhí Thiar é Cassells, mar a bhfuil Bord na Leabhar Gaeilge lonnaithe agus é faoi scáth an Fhorais.

Fág freagra ar 'Foras na Gaeilge ag iarraidh pinsin d’iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge'