Fóraim Ghnímh tosaithe ag Conradh na Gaeilge do thoghchán Stormont

Tá an Conradh ag súil le “gníomhartha a aontú chun éilimh phobal na Gaeilge” a chur chun cinn le linn an fheachtais toghchánaíochta

Ceannáras CnaG Conradh na Gaeilge

Tá tús curtha ag Conradh na Gaeilge le Fóraim Ghnímh chun “pobal na teanga a spreagadh i dtaobh an toghcháin” an mhí seo chugainn.

Tá an Conradh ag súil le “gníomhartha a aontú chun éilimh phobal na Gaeilge” a chur chun cinn le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh. Tá cruinnithe eagraithe i sé cheantar éagsúla agus tá an Conradh ag iarraidh ar na páirtithe a bheidh san iomaíocht sa toghchán tacú leis na héilimh sin.

Is iad na rudaí a bheidh á n-éileamh ag an gConradh ná go ndéanfaí £2.16 milliún breise a infheistiú le “borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus postanna nua a chruthú”, go gceapfaí Aire Pobail a bheadh báúil don Ghaeilge, agus go gceapfaí Aire Oideachais a thacódh leis an nGaeilge sa chóras oideachais agus a “chinnteodh forbairt leanúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta.

Cuireadh tús leis na cruinnithe an tseachtain seo agus beidh péire sa tseachtain ar siúl as seo go dtí lá an toghcháin ar an 5 Bealtaine. Bhí cruinniú ar siúl aréir i dTeach an tSeanbhainc, An Teach Thiar in Oileán an Ghuail i dTír Eoghain. Tá cruinnithe eile beartaithe do chathair Dhoire, an Carn, an Ómaigh agus an tIúr.

Nuair a bheidh na fóraim críochnaithe scaipfear eolas i measc an phobail sna toghcheantair uilig faoi na hiarrthóirí agus na páirtithe a thabharfaidh a gcuid tacaíochta d’éilimh an Chonartha.

“Ní neart go cur le chéile agus tabharfaidh polaiteoirí cluas éisteachta don phobal áitiúil má cheistítear gach iarrthóir a thagann chun dorais faoina bhfuil siad sásta tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge nó nach bhfuil.”

“Cuirfear béim faoi leith ar thábhacht na n-éileamh seo do phobal na Gaeilge sna Fóraim Ghnímh arna gcomhordú ag Conradh na Gaeilge. Aithnítear anseo An Roinn Oideachais agus An Roinn Pobail mar thosaíochtaí don Ghaeilge anseo ó thuaidh. Beidh muid ag iarraidh ar an phobal teacht le chéile chun na héilimh seo a bhrú chun tosaigh, go háirithe anois agus Acht na Gaeilge agus Straitéis 20 Bliain na Gaeilge ó thuaidh diúltaithe ag an Fheidhmeannas ar na mallaibh,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge.