Fonn ar úinéirí eile ar an mBlascaod a gcuid maoine a dhíol leis an OPW

Teach Thomáis Uí Chriomhthain ar cheann de dhá thigh atá le hatógáil ar an mBlascaod Mór ag conraitheoir áitiúil don OPW

 

Blascaod10Aib16

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil conraitheoir áitiúil ceaptha ag an OPW chun atógáil a dhéanamh ar dhá thigh ar an mBlascaod.

Tuigtear do Tuairisc.ie freisin go bhfuil fonn ar úinéirí sealúchais eile ar an oileán a gcuid maoine a dhíol leis an OPW, ach maítear go bhfuil an t-eagras Stáit sin “ag tabhairt an chluas bhodhar dóibh le blianta”.

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Turasóireachta agus Spóirt, Patrick O’Donovan, T.D., inné go bhfuil deontas €225,000 le tabhairt ag an Roinn sin d’Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) chun cur ar a cumas dhá theach ar an mBlascaod Mór a atógáil go hiomlán.

De réir ráiteas an Aire Stáit, táthar ag súil go mbeidh an obair críochnaithe roimh dheireadh an tsamhraidh.

Is as Liúntas Dheontais Chaipitil (Capital Grants Allocation) Fháilte Éireann atá an t-airgeadas á chur ar fáil do dhá phríomhthionscnamh turasóireachta ar Shlí An Atlantaigh Fhiáin. Chomh maith le tionscnamh an Bhlascaoid Mhóir, tá deontas €896,000 á thabhairt ag Fáilte Éireann do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun páirt de Slí Ghlas Chonamara a fhorbairt.

Tá teach Thomáis Uí Chriomhthain ar cheann de na tithe atá le hatógáil agus é i gceist go mbeadh an teach seo díreach mar a bhí sé nuair a bhí an t-údar aitheanta sin ina chónaí ann. Bheadh sé oscailte do chuairteoirí nuair a bheadh an atógáil déanta. Tá an teach eile atá le hatógáil in aice le céibh an Bhlascaoid agus tá sé i gceist go mbeadh baill foirne de chuid an OPW, ar a n-áirítear treoraithe séasúracha, bunaithe ann.

“Faoi láthair, níl aon áiseanna do thurasóirí ar an mBlascaod agus cuideoidh deontas an lae inniu leis an OPW chun an suíomh seo a fhorbairt go hiomlán trí áiseanna agus seirbhísí nua a chur ar fáil ar an oileán,” a dúirt an tAire Stáit.

Sa bhliain 2009 cheannaigh an Stát, tríd an OPW, roinnt mhaith sealúchais ar an mBlascaod agus tá an dá láthair atá luaite thuas ar na tailte a ceannaíodh ag an am. Thug an OPW €2 mhilliún ar na tailte a cheannaíodar in 2009, ach tá an chuid is luachmhaire de thailte agus de mhaoin an Bhlascaoid i seilbh phríobháideach i gcónaí.

In 2005 aontaíodh plean bainistíochta don mBlascaod agus chuir an Rialtas de chuid Fhianna Fáil a bhí i gcumhacht ag an am €8.5 milliún ar leataobh dó.

Cé go raibh sé i gceist, de réir an phlean, go gceannófaí maoin gach úinéir talún ar an mBlascaod a bheadh sásta an mhaoin sin a dhíol, tá teipthe ar an OPW aon sealúchas eile ar an oileán a cheannach ó rinneadar an comhaontas díolacháin le lucht BMT (Blascaod Mór Teoranta) sa bhliain 2009.

Bhí sé i gceist, de réir an phlean bainistíochta sin, go dtógfaí céibh nua ar an mBlascaod ar chostas tuairim is €3 mhilliún ach níor tógadh an chéibh sin fós.

Ba iad Roinn na Gaeltachta a bhí in ainm is an t-airgeadas a chur ar fáil chun an chéibh a thógáil. Tuigtear do Tuairisc.ie  gur dhiúltaigh Aire na Gaeltachta ag an am, Éamon Ó Cuív, aon phingin a chaitheamh chun an chéibh nua a thógáil ar an mBlascaod. Tuigtear dúinn chomh maith nach raibh an OPW róshásta mórán airgid a chaitheamh chun aon fhorbairt eile a dhéanamh ar an mBlascaod murach an maoiniú seo a bheith ar fáil ó Fáilte Éireann.

I láthair na huaire, braitheann daoine ar spéis leo an t-oileán agus a oidhreacht, nach bhfuil aon smacht ag aon dream ar leith, fiú an OPW, ar an mBlascaod Mór agus nach bhfuil aon dream ar leith ina cheannas.