Fondúireacht bunaithe i gcuimhne Sheosaimh Mhic Dhonncha chun tacú leis an nGaeilge i gCLG

Seolfar an fhondúireacht, atá á forbairt ag Glór na nGael agus CLG, i bPáirc an Chrócaigh Dé Céadaoin

Fondúireacht bunaithe i gcuimhne Sheosaimh Mhic Dhonncha chun tacú leis an nGaeilge i gCLG

Tá fondúireacht nua bunaithe i gcuimhne Sheosaimh Mhic Dhonncha chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge i gCumann Lúthchleas Gael.

Seolfar an fhondúireacht, atá á forbairt ag Glór na nGael agus CLG, i bPáirc an Chrócaigh Dé Céadaoin.

Cuirfidh fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha tacaíocht ar fáil do chlubanna “ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn”.

Beidh idir dheontais agus chomhairle i gceist leis an tacaíocht sin agus bronnfar Bonn Sheosaimh Mhic Dhonncha ar aon chlub a chláróidh leis an bhFondúireacht agus a n-éireoidh lena iarrachtaí ar son na teanga.

“Is comhartha aitheantais a bheidh sa bhonn don dea-obair sna clubanna i dtréimhse ar leith. Bronnfar bonn cré-umha, bonn airgid nó bonn óir ar an gclub ag brath ar a fheabhas agus a bhainfear spriocanna amach.

“Beidh stádas agus gradam ag dul d’aon chlub a bhaineann an bonn óir amach dó féin. Ar an ábhar seo beidh spreagadh agus spriocanna cinnte ag clubanna chun ról don teanga a éascú i measc a gcuid ball,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh Glór na nGael.

Seolfar Fondúireacht Sheosaimh Mhic Donncha i bPáirc an Chrócaigh ag a 7.00in Dé Céadaoin an 30 Samhain 2016. Ina measc siúd a bheidh i láthair ag an seoladh beidh muintir Sheosaimh Mhic Donncha, Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghaíl agus Cathaoirleach Ghlór na nGael, an tIar-Aire Gaeltachta, Pat Carey.

Ba i mBealtaine na bliana seo a bhásaigh Seosamh Mac Donncha, iar-uachtarán ar CLG agus iar-phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge. Bhí Mac Donncha ina bhall d’fhoireann iománaíochta na Gaillimhe a bhuaigh Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann i 1980.

Fág freagra ar 'Fondúireacht bunaithe i gcuimhne Sheosaimh Mhic Dhonncha chun tacú leis an nGaeilge i gCLG'