Fomhuireáin, fuadar óir agus Fir Bolg – sceideal nua TG4

Tá a bhfichiú sceideal Fómhair TG4 seolta inniu ag TG4. Cuireann an sceideal céanna uisce le fiacla ár gcolúnaí

NO REPRO FEE / Press Use TG4 Autumn Schedule Launch 2015 at the Smock Alley Theatre, Dublin Pictured: TG4 Schedule Lineup! Photographer: 1IMAGE/Bryan Brophy 1IMAGE PHOTOGRAPHY Studio: +353 1 493 9947 / Mob: +353 87 246 9221

Fomhuireáin, fuadar óir agus Fir Bolg, éirithe amach, logainmneacha agus Blascaodaigh, Pioc do Ride, na Major Leagues agus Mairtín Tom Sheáinín. Tá a bhfichiú sceideal Fómhar seolta ag TG4. Sna míonna atá romhainn beimid in ann lán ár gcuid súl a bhaint as raidhse cláracha faisnéise, ladhar saothar drámaíochta, spórt de gach saghas, mar aon le siamsaíocht agus ceol.

Ón gcéad luí súl, chuir an cur síos ar na saothair drámaíochta uisce lem’ chuid fiacla. Is é An Klondike (a bhfuil léirmheas againn faoi inniu) fathach an Fhómhair, ó thaobh na dramaíochta go háirithe.

Leanann an tsraith ceithre chlár seo eachtraíocht dheartháireacha Connolly i rith fhuadar óir an Klondike. Cliar cumasach agus scéal suimiúil le suíomh tarraingteach.

Tá cuma na maitheasa ar Fir Bolg chomh maith. Sraithdhráma grinn de shé chlár é seo bunaithe ar ghrúpa ceoil a bhí i mbarr a maitheasa fiche bliain ó shin. Thit an tóin as an ngrúpa ina dhiaidh sin ach anois táid ar ais le chéile agus cuirtear an lasair sa bharrach. Cliar iontach ag an táirge seo chomh maith: Don Wycherley, Aonghus McAnally, Peadar Cox, Máirtín Jamsie agus Caroline Morahan.

Ina theannta sin, thoiligh roinnt pearsana aitheanta a bheith páirteach ina gcruth féin. Ina measc siúd, tá Patrick Bergin, Liam Cunningham, Stephen Rea, Amy Huberman, Ryan Tubridy agus Brendan Grace. Beidh amhráin nua-chumtha ó Fiachna Ó Braonáin le clos chomh maith.  

Saothar grinn eile é Éirí Amach Amú  a thabharfaidh a léamh féin ar eachtraí na Cásca i 1916. Triúr leábharaicí, taisteal ama, coranna cinniúnacha. Deirimse Back to the Future leat.

Saothar níos sollúnta é Eipic ina ndéanann cúigear oirfideach an fód a sheasamh agus seilbh a ghlacadh ar oifig poist atá iata.

Béaloideas Beo ag filleadh don tarna sraith leis an Sítheach buailte fé i gcathaoir an láithreora arís. Beidh leathbhádóir ag lucht an bhéaloidis in iomaire an dúchais i mbliana leis an gclár Logainm. An múnla céanna ach dinnseanchas idir chamáin le Duibhneach eile, Breandán Ó Beaglaoich sa chathaoir.

Tá raidhse cláracha faisnéise aon uaire faoi theidil Cogar agus Anamnocht. Cuid acu níos suaithinsí ná a chéile.

Pléifidh Fomhuireáin agus Fearaibh Uaisle le heachtra ón Dara Cogadh Domhanda nuair a tháinig fomhuiréan Gearmánach go barr uisce i gCuan Fionntrá le fuíoll áir a chur i dtír.

Tabharfaidh Íobairt an Iascaire léargas ar shaol an iascaire ar thráiléir agus sinn ar bord an Iúda Naofa as Inis Mór, Árainn, ar thuras 10 lá soir ó thuaidh go Banc Porcupine agus í ar thóir cloicheán i Samhradh na bliana 2013. (Beidh clár eile faisnéise faoi thuras cinniúnach an tráiléara chéanna bliain go leith ina dhiaidh sin).

Tabharfadih Ón Mám go dtí na Major Leagues cuntas ar cheathrar deartháireacha ón Mám i gConamara atá sna Táin maidir leis an daorchluiche. 

Scéal an Bhlascaoid ós na hoileánaigh iad féin a bheidh in Cuimhní ón mBlascaod. Rinneadh an taifeadadh bunaidh breis is fiche bliain ó shin ach níor craoladh riamh é. B’í Fondúireacht an Bhlascaoid a choimisiúnaigh an stiúrthóir scannán, Bob Quinn, agus an bheirt Déiseach (Séamus, ceamaradóir agus a dheartháir Brendan, fear fuaime) le hagallaimh a thaifeadadh lena raibh d’oileánaigh an Bhlascaoid fós beo in Éirinn. Rinne siad sin agus b’é Séamus Deasy a choinnigh na seanscannáin in áiléar a thí ar feadh na mblianta.   

Tabharfaidh an tsraith faisnéise Hollywood in Éirinn léargas ar an tionchar a bhí ag scannáin mhóra Hollywood ar na ceantair Éireannacha inar deineadh iad a thaifeadadh. Is é The Wind That Shakes the Barley agus ceantar Mhúscraí an chéad chlár sa tsraith.

Ó thaobh na siamsaíochta, is é Pioc do Ride táirge nua an Fhómhair.

Sa tsraith seo, gur oidhre Cleamhnas é, beidh cailín ag iarraidh fear a roghnú bunaithe ar a chairt agus stíl tiomána. Ó thaobh an cheoil de, beidh Hup (sraith nua ceol traidisiúnta) againn mar aon le Opry an Iúir, Junior Eurovision , Glór Tíre agus Ceol ón Chlann. Beidh an clár deireanach acu sin dírithe ar theaghlaigh atá aitheanta ó thaobh an cheoil.

Beidh na seanfhundúirí Ros na Rún, 7Lá, Róisín, Comhrá, Laochra Gael agus Seó Spóirt ag filleadh chomh maith. Beidh Declan O’Sullivan Chiarraí agus deartháireacha Meehan na Gaillimhe idir chamáin ar Laochra Gael. Beidh Pat Carey, Bríd Ní Neachtain agus Mártan Ó Ciardha i measc an 35 aoi a bheidh i mbun comhrá le MTS.

Leanfaidh an clúdach cuimsitheach spóirt agus béim faoi leith ar na cluichí Gaelacha agus Rugbaí.

Fág freagra ar 'Fomhuireáin, fuadar óir agus Fir Bolg – sceideal nua TG4'

  • Larry Phelan

    Cad is brí le “tirúr leámharaicí”?

    Buíochas,
    Larry

    • Maitiú Ó Coimín

      A Larry, a chara,

      Is ionann ‘leámharaicí’ agus leábharaicí.

      Go raibh maith agat as ucht spéis a chur i Tuairisc.ie.

      Maitiú