Folúntas do phost an Stiúrthóra Fiontraíochta in Údarás na Gaeltachta le líonadh ‘a luaithe agus is féidir’

Tá an folúntas do phost an Stiúrthóra Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine ann de thoradh cheapachán Mhichíl Uí Éanaigh, ina Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht Ghaeltachta

Folúntas do phost an Stiúrthóra Fiontraíochta in Údarás na Gaeltachta le líonadh ‘a luaithe agus is féidir’

Líonfar an folúntas don phost bainistíochta is sinsearaí ó thaobh na fiontraíochta agus cruthú fostaíochta in Údarás na Gaeltachta “a luaithe agus is féidir”.

Tá an folúntas do phost an Stiúrthóra Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine ann de thoradh cheapachán an té a mbíodh an cúram sin air, Micheál Ó hÉanaigh, ina Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht Ghaeltachta.

Ceapadh Micheál Ó hÉanaigh ina Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás ag deireadh mhí Iúil agus tháinig sé i gcomharbacht go hoifigiúil ar Steve Ó Cúláin ag tús na míosa seo.

Dheimhnigh urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist an folúntas don Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine a líonadh agus cé nár fhéad sé a rá cathain a fhógrófar nó cathain a líonfar an post sin, dúirt sé go líonfaí é “a luaithe agus is féidir”.

“Tá sé i gceist ag an Údarás an post a líonadh a luaithe agus is féidir.

Chuige sin tá tús curtha leis na gnáthphróisis gur gá a leanacht,” a dúirt an t-urlabhraí.

I measc na ndaoine is mó atá á lua in Údarás na Gaeltachta féin leis an bhfolúntas do phost an stiúrthóra fiontraíochta, tá bainisteoirí sinsearacha amhail  Éamonn Ó Neachtain, Siúbhán Nic Grianna agus Sinéad Ní Fhatharta,

Fág freagra ar 'Folúntas do phost an Stiúrthóra Fiontraíochta in Údarás na Gaeltachta le líonadh ‘a luaithe agus is féidir’'