COMHALTAÍ d’ÚDARÁS NA hOLLSCOILE A THOGHADH

OÉ Gaillimh

NUIG

  1. Tá socair ag Údarás na hOllscoile, de réir Acht na
    nOllscoileanna, 1997, go mbeidh ar an gcéad Údarás na
    hOllscoile eile ceathrar Céimí den Ollscoil, ar mná beirt
    díobh agus ar fir beirt díobh (faoi réir beirt bhan ar a laghad
    agus beirt fhear ar a laghad, faoi seach, a bheith ina
    n-iarrthóirí), arna dtoghadh ag na Céimithe sin. Áirítear ina
    gCéimithe chun na críche seo daoine ar ar bronnadh Céim
    de chuid Ollscoil na hÉireann de thoradh a gcuid staidéir ag
    Ollscoil na hÉireann, Gaillimh nó Coláiste na hOllscoile,
    Gaillimh. Ní bheidh fostaithe ná micléinn de chuid na
    hOllscoile intofa faoin aicme seo. Is téarma cúig bliana ó 1
    Feabhra 2016 an téarma oifige a bhéas ag an gcéad Údarás na
    hOllscoile eile.
  2. E-votáil a bhéas ‘sna toghcháin do Chéimithe ar an
    Déardaoin, 21 Eanáir 2016, ó 11:00 go 23:00 GMT.
  3. Ba chóir do chéimithe, gur mian leo vóta a chaitheamh agus
    nach bhfuil cláraithe leis an Oifig Alumni, a sonraí a chlarú
    leis an oifig ar an 1 Nollaig, 2015 ar a dhéanaí, ag
    www.nuigalway.ie/alumni-friends/get-in-touch.
  4. Caithfidh Ainmniúcháin a bheith faighte ag Oifig an Rúnaí,
    An Chearnóg, OÉ Gaillimh, faoi 12.00 meán lae GMT ar
    27 Samhain, 2015 ar a dhéanaí. Tá Páipéar Ainmniúcháin
    agus breis eolais le fáil ón Oifig luaite trí ghlaoch ar
    353+91+492150. Tugtar cuireadh d’iarrthóirí próifíl díobh
    féin nach rachaidh thar 180 focal idir téacs Gaeilge agus
    Béarla a chur faoi bhráid na dtoghthóirí.
    Gearóid Ó Conluain
    Rúnaí na hOllscoile