Foláireamh tugtha ag iarbhall den Church of Scientology d’aistritheoirí Gaeilge

Dúirt JA Duignan le Tuairisc.ie nach bhfuil i dtogra Gaeilge na hEaglaise ach ‘eangach atá á caitheamh amach’ le breith i ngan fhios dóibh féin orthu siúd a bhfuil dúil sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann acu

Foláireamh tugtha ag iarbhall den Church of Scientology d’aistritheoirí Gaeilge

Tá foláireamh tugtha ag iarbhall den Church of Scientology d’aistritheoirí Gaeilge a bheadh ag cuimhneamh ar thabhairt faoin obair aistriúcháin atá á fógairt ag an eaglais chonspóideach le tamall de mhíonna anuas.

Bhí JA Duignan ina bhall den Eaglais ar feadh 20 bliain nó gur fhág sé í. Le linn na tréimhse a chaith sé san eaglais bhí sé ina bhall den Sea Organisation, grúpa rúndiamhair atá lárnach san eaglais. Chaith Duignan féin tréimhsí ag plé le tograí aistriúcháin eile de chuid na nEoleolaithe le linn na mblianta a raibh sé ina bhall den eaglais, togra Béarla-Ungáiris agus togra Béarla-Hiondúis ina measc.

Dúirt sé le Tuairisc.ie nach bhfuil i dtogra Gaeilge na hEaglaise ach “eangach atá á caitheamh amach” le breith i ngan fhios dóibh féin orthu siúd a bhfuil dúil sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann acu. Mhaígh sé go bhfuil an feachtas earcaíochta atá ar bun ag na hEoleolaithe i láthair na huaire cosúil leis na cineálacha feachtas a bhíonn ar bun ar na meáin shóisialta lena  gcuirtear cuma “neamhurchóideach” ar leathanaigh ar mhaithe le ról grúpaí conspóideacha iontu a cheilt.

“Tá stádas ar leith bainte amach ag an Scientology i gcultúr an iarthair agus is leathfhocal é ar gach atá craiceáilte agus gránna faoi shaol na linne seo. A bhuíochas le leithéid inneall cuardaigh Google agus maistíní ar líne amhail Anonymous, tá ag éirí leo a a bhfeachtais earcaíochta a cheilt,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil an friotal a úsáidtear i gcáipéisí agus foilseacháin na hEaglaise “aisteach” agus gur “meigleamáineach naircisíoch mire” é L. Ron Hubbard, an té a chum.

“Chreid sé [Hubbard, bunaitheoir na heaglaise] go raibh seilbh faighte ag neacha neamhshaolta ar an duine agus go gcaithfí na neacha sin a íonghlanadh as an Scientologist trí dhianphróiseas treoraithe síoraí iníuchóireachta a mhaireann ar ar a laghad ceithre huaire a chloig sa lá ar feadh 20 bliain,” a dúirt Duignan.

Dúirt Duignan go mbeadh go leor ábhar atá “aisteach” le haistriú ag an aistritheoir Gaeilge a thabharfadh faoin obair atá á tairiscint faoi láthair, agus luaigh sé leithéidí na habairte ‘Have you ever had anything to do with a baby farm?’ mar shampla den ábhar sin.

Dar leis gur mór idir a bheith ag aistriú ábhar an Church of Scientology agus an gnáthábhar a bhíonn á aistriú ag aistritheoirí gairmiúla.

“Beidh ort liodán aisteach acrainmneacha a fhoghlaim a chuirfidh mearbhall ort – ar nós BTs, nó Body Thetans – chomh maith le hualach téarmaí a chum Hubbard dá chóras ‘fealsúnachta’ saindiamhair.

“Ina measc sin tá ‘Isness’, ‘Havingness’, ‘Thetan’ agus sainmhíniú Hubbard féin ar ‘Affinity’. Anuas air sin, beidh ort eolas a chur ar a laghad fiche cairt, ‘The Hubbard Chart of Human Evaluation’, ‘The Hubbard Gradation Chart of Awareness’ agus ‘The 0 to Havingness Scale’ ina measc. Agus níl sa mhéid sin ach a thús,” a dúirt Duignan, a thug 20 bliain ina bhall den eaglais chonspóideach ach a bhíonn fíorcháinteach anois uirthi.

Mhaígh Duignan go bhféadfadh go gcuirfí iallach ar na haistritheoirí Gaeilge féin cúrsaí de chuid na hEoleolaíochta a dhéanamh mar chuid dá saothar agus go mbeadh orthu páirt a ghlacadh i bpróiseas iniúchóireachta mar chuid den obair chéanna.

“Cuirfear brú ort clárú le cúrsaí ar do chostas féin, agus mise á rá leat aon phingin a shaothróidh tú saothróidh tú go dian é,” a dúirt Duignan.

Mhaígh Duignan go gcuirfeadh córas airgeadais agus riaracháin casta Eaglais na hEoleolaíochta “frustrachas” ar dhuine agus go bhfuil an t-uafás fochomhlachtaí agus fo-eagraíochtaí ag an eaglais mar chuid den chóras casta airgeadais agus íocaíochta atá aici.

Dúirt sé go mbeadh an t-aistritheoir Gaeilge ag obair do cheann d’fhochomhlachtaí foilsitheoireachta na heaglaise agus nach mbíonn mórán caipitil sheachtainiúil ag na fochomhlachtaí sin toisc a chasta is atá córas airgeadais na heagraíochta.

“Fágfar an t-aistritheoir gnóthach bocht ar deireadh agus daoine agus costais eile chun tosaigh air. Go bunúsach, ní gan dua a gheobhaidh an t-aistritheoir a luach saothair,” a dúirt JA Duignan le Tuairisc.ie.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Church of Scientology faoin scéal seo.

 

 

Fág freagra ar 'Foláireamh tugtha ag iarbhall den Church of Scientology d’aistritheoirí Gaeilge'