Foirne sinsir Ghaoth Dobhair, Chill Charthaigh agus Ghleann tSúilí san iomaíocht i gComórtas Peile na Gaeltachta inniu

Tá cuid de réamhbhabhtaí an chomórtais áitiúil ar siúl i dTír Chonaill inniu agus trí cinn de na foirne is mó sa chontae ag dul chun páirce den chéad uair in 2017

Foirne sinsir Ghaoth Dobhair, Chill Charthaigh agus Ghleann tSúilí san iomaíocht i gComórtas Peile na Gaeltachta inniu

INPHO/Donall Farmer

Tá na babhtaí cáilithe do Chomórtas Peile na Gaeltachta i nDún na nGall faoi lán seoil agus ceithre chluiche á n-imirt i gcomórtas réigiúnach Thír Chonaill inniu agus amárach. Cuireadh tús leis na cluichí cáilithe an deireadh seachtaine seo caite ach is tráthnóna a rachaidh cuid de na foirne is mó sa chomórtas chun páirce den chéad uair.

Is é an cluiche idir Gaoth Dobhair agus Cill Charthaigh an ceann mór i gcraobh na sinsear. Thug Cill Charthaigh an chraobh náisiúnta leo in 2014 ach theip orthu áit a bhaint amach i gcomórtas náisiúnta na bliana seo caite i mBaile Bhuirne. Mar a tharlaíonn sé, ba iad Gaoth Dobhair a dhíbir anuraidh iad sna réamhbhabhtaí nuair a bhí bua 2-9 in aghaidh 0-6 acu ar fhir Bhaile an Droichid sa chomórtas seo bliain ó shin.

Ní bheidh a gcuid imreoirí idirchontae ag ceachtar foireann. Beidh Dún na nGall ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath sa tSraith Náisiúnta Peile amárach, ach fós féin ba cheart go mbeadh cluiche crua ann. Tabharfaidh na buaiteoirí aghaidh ar Na Dúnaibh sa chéad bhabhta eile.

Beidh macasamhail an chluiche sin á imirt sa chraobh shóisir Dé Domhnaigh agus Cill Charthaigh ag tabhairt cuairt ar pháirc Mhachaire Gathlán don réamhbhabhta.

Beidh cluiche suimiúil eile ar maidin ann i gcomórtas na sinsear, nuair a thabharfaidh an fhoireann ba láidre i gcraobh shinsir Dhún na nGall in 2016, Gleann tSúilí, aghaidh ar an bhfoireann ba laige sa chomórtas sin, Gleann Fhinne. Ba iad Gleann tSúilí a thug leo Corn an Dochtúra Mhic Uidhir anuraidh, ach tá bainisteoir nua acu i mbliana, Adrian Glackin. Díbríodh Gleann Fhinne as an gcraobh shinsir anuraidh agus beidh súil acu teacht aniar aduaidh ar Ghleann tSúilí tráthnóna agus tús maith a chur lena séasúr.

Sa chluiche eile a imreofar i gcomórtas na sinsear an deireadh seachtaine seo, tabharfaidh Naomh Columba aghaidh ar Naomh Muire ag 4pm tráthnóna. Níor éirigh le ceachtar den dá fhoireann seo áit a bhaint amach sa gcomórtas áitiúil anuraidh agus beidh siad ag iarraidh an méid sin a chur ina cheart inniu. Chuaigh Naomh Columba chomh fada leis an gcluiche leathcheannais sa chraobh idirmheánach anuraidh, ach ní bheidh sé éasca acu i gcoinne Naomh Muire, foireann shinsir.

I gcluichí réamhbhabhta an deireadh seachtaine seo caite, chuaigh foireann shinsir Ghaeil Fhánada ar aghaidh chuig an gcéad bhabhta eile agus bua 0-7 in aghaidh 0-5 acu ar Bhaile na nGallóglach. Sa chomórtas sóisir, bhuaigh an Clochán Liath ar Naomh Conaill, bhuaigh an Tearmann ar Ghleann tSúilí agus fuair na Dúnaibh an ceann is fearr ar Naomh Micheál.

Comórtas Sinsir – Réamhbhabhta

Dé Sathairn, 25 Feabhra

Gleann tSúilí v Gleann Fhinne, 11:00

Cill Charthaigh v Gaoth Dobhair, 15:00

Naomh Columba v Naomh Muire, 16:00

Comórtas Sóisir – Réamhbhabhta

Dé Domhnaigh, 26 Feabhra

Gaoth Dobhair v Cill Charthaigh, 11:00

Fág freagra ar 'Foirne sinsir Ghaoth Dobhair, Chill Charthaigh agus Ghleann tSúilí san iomaíocht i gComórtas Peile na Gaeltachta inniu'