Foirne ó na ceithre chúige san iomaíocht ar lá mór na gclubanna

Tá Cill Mocheallóg ag iarraidh stop a chuir le Baile Héil agus laochra Chill Chainnigh sa chluiche ceannais iomána agus beidh curaidh na Gaillimhe, Cora Finne, ag tabhairt aghaidh ar Shleacht Néill sa chraobh peile

Is cuma leis faoi na Cait faoi láthair, níl ar intinn Henry Shefflin ach cluiche ceannais Bhaile Héil i bPáirc an Chrócaigh inniu. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Is cuma leis faoi na Cait faoi láthair, níl ar intinn Henry Shefflin ach cluiche ceannais Bhaile Héil i bPáirc an Chrócaigh inniu. Pictiúr: INPHO/James Crombie

seans ann gurb iad seo na cluichí ceannais deireanacha i gcomórtas na gclubanna  a bheidh ar siúl Lá Fhéile Phádraig.

bhíonn rath ar phlean an CLG na comórtais idirchontae agus chlubanna a chríochnú le linn bliain féilire, beidh cluichí ceannais na gclubanna 2016 ar siúl i mí na Nollag, seachas san earrach. Cé go mbeidh na foirne ag déanamh a míle dícheall inniu ar aon nós, b’fhéidir go dtabharfadh sé sin spreagadh beag eile dóibh.

Is leis an gcluiche iomána idir curaidh Laighean, Seamróga Bhaile Héil, agus seaimpíní na Mumhan, Cill Mocheallóg, a chuirfear tús leis an lá.

an chraobh seo buaite cúig huaire ag fir Bhaile Héil agus is iad an club is rathúla i stair an comórtais. Tá scata imreoirí idirchontae acu agus is iad rogha na coitiantachta iad chun a séú craobh a bhuachan inniu.

toradh a bheidh ar an gcluiche, cinnteoidh Henry Shefflin go mbeidh Baile Héil á lua sna ceannlínte nuachtán amárach. Tá ráite ag laoch Chill Chainnigh go ndéanfaidh sé a chinneadh maidir lena thodhchaí leis an bhfoireann idirchontae a luaithe is a bheidh feachtas Bhaile Héil críochnaithe.

gur ar ‘King Henry’ is túisce a chuimhnítear nuair a bhítear ag trácht ar na Seamróga, cuimhnigh go bhfuil 36 bonn uile-Éireann ag an mbuíon seo imreoirí. Mar sin bheadh dul amú ar na cosantóirí a cheapfadh nach raibh le déanamh acu ach stop a chur le Henry. Tá 2-20 aimsithe ag TJ Reid sna trí chluiche is déanaí acu,  cuimhnigh go bhfuil James ‘Cha’ Fitzpatrick, Colin Fennelly agus a dheartháir Michael chomh maith acu. Ní bheidh aon easpa scórála ná taithí ar Bhaile Héil.

nach bhfuil an oiread cáil ar imreoirí Chill Mocheallóg, tá roinnt imreoirí idirchontae acu, ina measc Gavin O’Mahony, Paudie O’Brien, Graeme Mulcahy agus Barry Hennessy. Chomh maith leo sin, bhí Paddy O’Loughlin agus Robbie Hanley ar an fhoireann mionúr Luimnigh a shroich cluiche ceannais na hÉireann an fómhar seo caite.

Uair amháin eile a thug Cill Mocheallóg aghaidh ar chluiche ceannais na hÉireann. I 1993 chaill siad in aghaidh Sháirséalaigh na Gaillimhe. Níl craobh iomána na gclubanna buaite riamh ag foireann as Luimneach, ach tá dhá bhonn uile-Éireann buaite ag bainisteoir Chill Mocheallóg, Ger ‘Sparrow’ O’Loughlin a d’imir don Chlár sna nóchaidí. Beidh sé ag iarraidh an taithí sin a roinnt lena chuid imreoirí.

Michael Lundy 23/11/2014

Nuair a bhuaigh Cora Finne craobh peile na hÉireann den uair dheireanach i 1998, thug foireann idirchontae na Gaillimhe Corn Mhic Uidhir leo an fómhar céanna. Cé go mbeadh iontas ar gach duine dá mbeadh na Gaillimhigh ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh an fómhar seo, tá gach seans ann go mbeidh Corn Uí Mhuireagáin á thabhairt go Connachta inniu.

Bhí clú ar Chora Finne mar fhoireann chosantach i nGaillimh roimhe seo ach rinne foireann Stephen Rochford scrios i gcraobh an chontae agus i gcraobh Chonnacht anuraidh. Nuair a casadh orthu seaimpíní na hÉireann 2014, Naomh Uinsionn, sháraigh siad an dúshlán sin chomh maith.

Is fada le lucht leanúna na Gaillimhe go mbeidh cuid de na himreoirí seo ar fhoireann an chontae. Is iad Gary Sice, Michael Lundy agus Ian Burke príomhscórálaithe Chora Finne agus cé gur scóráil siad an t-uafás cúl go dtí seo, imreoirí ar nós Liam Silke, Kieran McGrath agus Kieran Fitzgerald, tá siad thar a bheith láidir sna cúil chomh maith.

Ar an taobh eile, bhí iontas ar go leor daoine nuair a chuir Sleacht Néill deireadh le feachtas na Stacach agus Kieran Donaghy.

Bhí bua d’aon phointe amháin ag muintir Dhoire ar churaidh Chiarraí, 1-14 i gcoinne 2-10, agus tá siad tar éis teacht slán i gcuid mhaith cluichí crua go dtí seo. Ní raibh ach farasbarr d’aon phointe amháin acu i gcluiche ceannais Uladh an tSamhain seo caite agus bua dhá phointe a bhí acu i gcluiche ceannais Dhoire.

Is é Christopher Bradley, leath-thosach Shleacht Néill, is mó atá ag cothú cainte roimh an chluiche seo. Briseadh dealrachán Bradley sa chluiche i gcoinne Na Stacaigh ag tús na míosa seo caite ach tá biseach dochreidte tagtha air agus tá seans ann go bhfeicfear ar pháirc na himeartha inniu é.

Chomh maith le Bradley, is iad na himreoirí idirchontae, Chrissy McKaigue agus Patsy Bradley na himreoirí mór le rá eile ag Sleacht Néill. Ní bheidh aon easpa taithí acu ar an taobhlíne ach an oiread. Tá Sleacht Néill faoi chúram Mickey Moran, fear a bhfuil bainistíocht déanta aige ar níos mó foirne idirchontae ná atá ag aon duine eile. Ina ainneoin sin ar fad, tharlódh nár leor taithí ná díograis na dtuaisceartach an turas seo. Rogha Tuairisc.ie: Seamróga Bhaile Héil agus Cora Finne.

Cluiche Ceannais Iomána na gClubanna

Seamróga Bhaile Héil v Cill Mocheallóg, Páirc an Chrócaigh, 2i.n.

Cluiche Ceannais Peile na gClubanna

Cora Finne v Sleacht Néill, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Fág freagra ar 'Foirne ó na ceithre chúige san iomaíocht ar lá mór na gclubanna'